Ginealas

Taifid cheaproinnt na ndeachúna

B’ionann deachú agus an deichiú cuid de thoradh talún talmhaíochta a toibhíodh chun tacú le hEaglais oifigiúil stát-bhunaithe na hÉireann agus le cléir na heaglaise sin. Faoin Tithe Composition (Ireland) Act 1823, athraíodh é sin ina cháin airgeadaíochta agus tiomsaíodh Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna ar dhátaí éagsúla idir na blianta 1823 agus 1837 chun measúnacht a dhéanamh ar mhéid na cánach sin a bheadh le híoc mar dheachúna le hEaglais na hÉireann ag áititheoirí gabháltas talmhaíochta ar mó ná aon acra amháin a méid. Tá leabhar lámhscríbhinne ann le haghaidh beagnach gach paróiste sa tír agus, sa leabhar sin, tugtar ainmneacha áititheoirí, an méid talún atá acu agus na suimeanna atá le híoc mar dheachúna.

Tá na leabhair bhunaidh á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta agus is féidir iad a cheadú ar mhicreascannán amháin sa seomra léitheoireachta nó is féidir cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais. Má dhéantar cuardach simplí ar shloinne ar an láithreán gréasáin sin, gheofar torthaí trína sainaithneofar an baile fearainn, an paróiste agus an contae a luaitear an t-ainm ina leith i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna.

Tá liosta de leabhair Cheaproinnt na nDeachúna, agus é curtha in eagar de réir pharóistí Eaglais na hÉireann, ar fáil sa seomra léitheoireachta. Tá na leabhair a bhaineann le sé chontae Thuaisceart Éireann á gcoimeád in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste ach tá cóipeanna ar fáil ar mhicreascannán sa Chartlann Náisiúnta.

Liostaí na Mainnitheoirí Deachún

B’ionann deachúna agus cáin a toibhíodh ar gach áititheoir talún talmhaíochta beag beann ar a gcleamhnacht reiligiúnach. B’olc go mór le daoine go raibh orthu deachúna a íoc, go háirithe na Caitlicigh Rómhánacha a raibh orthu tacú lena sagairt féin. I rith na mblianta ó 1831 go 1832, thosaigh cuid mhór daoine ag diúltú deachúna a íoc agus is mar sin a thosaigh ‘Cogadh na nDeachún’ a bhí níos fíochmhaire i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan ná mar a bhí in áiteanna eile.

Bunaíodh Ciste Faoisimh na Cléire sa bhliain 1832 faoin Recovery of Tithes (Ireland) Act 1832 chun cabhrú le daoine de chléir Eaglais na hÉireann a raibh neamhíoc deachúna ag fearadh orthu. Thug daoine den chléir tuairisceáin don rialtas faoi ainmneacha na ndaoine a dhiúltaigh deachúna a íoc le go bhfaighidís cúiteamh i leith deachúna gan íoc. Maireann cuid de na tuairisceáin sin i bhfoirm sceidil ina dtaifeadtar ainmneacha tuairim is 29,000 mainnitheoir deachún agus tá siad sin ina gcuid d’ábhair chartlainne Oifig an Phríomh-Rúnaí. Tá seoladh an mhainnitheora agus an tsuim a bhí dlite liostaithe sna sceidil. Tá sealúchas talún agus slí bheatha an mhainnitheora liostaithe i gcuid acu freisin. Tá mionsonraí faoi dhaoine den chléir a rinne iarratas ar fhaoiseamh airgeadais faoin gciste le fáil in ‘The Clergy Relief Fund, 1831: tithe defaulters’, le Suzanne C Hartwick, in The Irish Genealogist, iml. 8, 1990. Tá sceidil bhunaidh na mainnitheoirí á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta faoin tagairt CSO/OPMA/165/2/32-37.

Card image cap

19.03.01

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid
Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868
Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna
Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil