Tabhair cuairt orainn

Beartas scannánaíochta

Fáiltíonn an Chartlann Náisiúnta roimh dheiseanna ár dtaifid a bheith le feiceáil i scannáin agus ar an teilifís. Ní mór áfach, ceisteanna chóipchirt, caomhnaithe, agus sábháilteachta a chur san áireamh agus mar sin ní féidir linn a dheimhniú i gcónaí go mbeidh fáil ar gach ceann dár mbailiúchán.

Chun buncháipéisí a fheiceáil sa Chartlann Náisiúnta ní mór duit ticéad bailí léitheoireachta a bheith agat – féach ár suíomh gréasáin le haghaidh mionsonraí le do thoil: https://www.nationalarchives.ie/tabhair-cuairt-orainn/ticeid-leitheoiri/?lang=ga

Ní féidir buntaifid a thabhairt amach ón gCartlann Náisiúnta le haghaidh scannánaíochta i gcás ar bith.

Iarratas ar scannánaíocht (íosmhéid ama d’fhógra: 15 lá oibre)

Chun cead scannánaíochta a iarraidh, déan an fhoirm iarratais seo a íoslódáil agus a chomhlánú le do thoil, lena cur chuig [email protected], toisc nach féidir dátaí a shocrú sula bhfaigheann muid d’fhoirm iarratais chomhlánaithe. (Tabhair faoi do d’aire nach bhfuil an fhoirm le fáil i nGaeilge.)

Agus an cead scannánaíochta faighte agat, gheobhaidh tú ríomhphost lena dheimhneofar an dáta agus an t-am réamhaontaithe, in éineacht leis an gcostas scannánaíochta. Sa chás gur mhaith leat an áirithint a chur ar ceal ag an am sin, déan teagmháil linn chomh luath agus is féidir le do thoil.

Ar son na sábháilteachta, ní mór ainmneacha an chriú go léir a thabharfaidh cuairt ar an gCartlann (léiritheoirí, lucht agallaimh, agus taighdeoirí ina measc) a chur ar fáil dúinn roimh an scannánaíocht.

Conas na taifid a aimsiú a ba mhaith leat a chur sa scannán

Tá tú féin freagrach as an cháipéis/na cáipéisí a aimsiú ar mhaith leat a úsáid sa scannánaíocht – ní féidir leis an gCartlann Náisiúnta an obair sin a dhéanamh ar do shonsa.

Agus tú ag iarraidh taifid a bhfuil suim agat iontu a aimsiú, beidh an chatalóg ar líne ina cuidiú duit, mar aon leis na háiseanna fála (catalógaí clóite) sa Seomra Léitheoireachta. Is féidir le foireann na Cartlainne Náisiúnta moltaí a thabhairt duit faoi bhailiúcháin ar féidir a bheith oiriúnach do sprioc do léirithe.

Tá uimhreacha tagartha comhaid ag na cáipéisí go leir agus ní mór iad a chur ar fáil i d’fhoirm iarratais scannánaíochta. Déanfaidh muid cáipéisí a ordú ar do shon le bheith cinnte go mbeidh siad réidh don chuairt s’agatsa ach ní féidir cáipéisí breise a ordú ar lá an scannánaíochta.

Is é uasmhéid an ordaithe le haghaidh gach seisiún scannánaithe ná deich gcáipéis. Ní féidir áfach ach suas go cúig chinn díobh a láimhseáil in aon uair an chloig scannánaithe amháin. Ba cheart cáipéisí ar aimsíodh agus ar ordaíodh a úsáid maidir lena n-ábhar féin, seachas mar chúlra nó mar phrapa stáitse.

Scannánaíocht sa Chartlann Náisiúnta

Molann muid go dtabharfadh criúnna a gcuid léiritheoirí nó taighdeoirí féin leo, ach más maith leat ball foirne a chur faoi agallamh faoinar gcuid taifead caitear é sin a shocrú linn roimh ré.

Ní bheidh rochtain ar an taisclann taifead (áit stórála taifead) agus cé go ndéanfaidh muid ár ndícheall freastal ar do chuid riachtanas scannánaithe, tuig gur áiteanna oibre iad agus gur féidir go gcuirfear isteach ar an scannánaíocht/ar an taifeadadh anois is arís.

Uaireanta scannánaíochta

Tugtar faoi scannánaíocht sa Chartlann Náisiúnta idir 9.30am agus 12.30pm agus idir 1.30 agus 4.30pm, Dé Luain – Dé hAoine. Caithfidh an criú a bheith as láthair faoi 5pm.

Maidir le scannánaíocht taobh amuigh de na gnáthuaireanta oibre, ní mór é a shocrú in am agus i dtráth, agus is féidir costais bhreise a bheith ann mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta.

Maoirseacht

Is luachmhar iad ár mbailiúcháin agus seo í an chúis a chuirtear srian ar na bealaí a chaitear leo. Tá sé éasca díobháil a dhéanamh ar cháipéisí agus is annaimhe is fearr a láimhseáiltear iad.

Beidh ball foirne ar láimh i rith an scannánaíochta le déanamh cinnte go láimhseáiltear na cáipéisí mar is cóir agus go bhfuiltear ag dul de réir dea-chleachtais chartlannaíochta.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta an ceart againn féin, críoch a chur leis an scannánaíocht in am ar bith má cheapann an ball foirne go n-imítear ó na socruithe déanta roimh ré.

Ní mór leis an gcriú fanacht leis an mball foirne agus na pasanna cuairteoirí a chaitheamh acu i rith an ama a bhfuil an scannánaíocht ar siúl sa foirgneamh.

Beidh sé riachtanach gach mír leictreonach a chur faoi thástáil PAT (tástáil fearais iniompartha).

Ní cheadaítear bia nó deochanna de shaghas ar bith (uisce, guma coganta agus milseáin san áirithe) in aice leis na cáipéisí am ar bith.

Cloítear leis na Rialacha do léitheoirí in am ar bith agus an scannánaíocht ar siúl.

Páirceáil

Ní féidir linn spásanna páirceála a chur in áirithe do chriúnna scannánaithe. Tá páirceáil phoiblí le fáil ar Shráid an Easpaig, áfach.

Táillí agus ceadúnuithe

Is é ráta scannánaithe na Cartlainne Náisiúnta ná €130 le haghaidh an lae, nó €65 le haghaidh an leathlae. Is iad atá in áireamh an chostais sin ná na taifid le haghaidh an scannánaithe a aimsiú, a ordú, a chaomhnú agus a fháil ón stór taifead, mar aon leis an mball foirne, ar cheart dó a bheith i láthair mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta.

Tá €65 ar an gcead, cáipéis a fhoilsiú i gcló, ar an teilifís, nó ar an idirlíon.

Tá €200 ar an gceadúnú, cóip cháipéise a sheachadadh ar feadh nach mó ná seacht mbliana.

Agus an scannánaíocht curtha i gcrích, seolfaidh an Chartlann Náisiúnta sonrasc na dtáillí tabhaithe duit; ní foláir iad a íoc faoi cheann 30 lá oibre.

Tagairtí don bhunábhar

Ní mór an Chartlann Náisiúnta a aithint mar fhoinse na taifid a fheicfí ar an scáileáin agus i gcló le linn an chraolta. Má úsáidtear pictiúir i gcló ní mór an uimhir tagartha iomlán na cáipéise a thabhairt. Sampla: Cartlann Náisiúnta DFA/13/2/1

Meáin shóisialta

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta an ceart againn féin, an seisiún scannánaithe, an t-ábhar, agus uimhreacha tagartha a úsáid ar ardáin mheán sóisialta s’aicise, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do X (Twitter mar a bhí), Instagram, nó mar pháirt de bhlag a uaslódálfar le linn nó tar éis chraolta an chláir.

Aontaíonn an chuideachta scannán/an léiritheoir gur féidir grianghraf a thógáil ag am na scannánaíochta le haghaidh úsáide eisí dár gcríocha meán sóisialta.

Le haghaidh breis eolais, tar i dteagmháil linn le do thoil: [email protected]