Eolas faoin gCartlann Náisiúnta

Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta ar an 1 Meitheamh 1988 tar éis chónascadh Oifig na Stát-Pháipéar agus Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn.

Is é an fhís atá againn ná todhchaí an taifid phoiblí a áirithiú agus rannchuidiú ar mhodh infheicthe le saol cultúir agus le cuimhne shochaí na hÉireann.

 

Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí

Cuimsíonn Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí roinnt rannóg, lena n-áirítear Seirbhísí Poiblí, Seirbhísí Caomhantais agus Taisclann na nÁbhar Cartlainne agus Bainistíocht Dhigiteach.

Seirbhísí Corparáideacha

Cuimsíonn an Rannán Seirbhísí Corparáideacha roinnt rannóg, lena n-áirítear oifig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus Seirbhísí Airgeadais.

An reachtaíocht rialaitheach

Oibríonn an Chartlann Náisiúnta de réir creat leathan dlíthiúil d’fhonn rochtain a éascú agus d’fhonn caomhnú buan na n-ábhar cartlainne atá faoinár gcúram a áirithiú.

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta

Rinneadh an Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta comhairle a thabhairt don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfeidhmiú a cumhachtaí faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.

Beartais

Tá roinnt beartas forbartha ag an gCartlann Náisiúnta chun a chinntiú go soláthraítear seirbhís phoiblí ardchaighdeáin agus chun cosaint fhadtéarma agus caomhantas fadtéarma ábhar cartlainne a áirithiú.

Foilseacháin

Tá oibleagáid ar an gCartlann Náisiúnta roinnt foilseachán reachtúil a ullmhú, lena n-áirítear Tuarascáil Bhliantúil an Stiúrthóra agus tuarascáil na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta.