Oideachas agus cianrochtain
Tá réimse leathan de chláir oideachais agus for-rochtana ag an gCartlann Náisiúnta a thacaíonn le taighde agus leis an bhfoghlaim agus a chuireann treoir ar fáil do ghrúpaí a thagann ar cuairt agus do ghrúpaí lasmuigh den láthair ar spéis leo é faoinár mbailiúcháin agus mar a úsáidtear iad.
Cuairteanna Grúpa
Cuireann muid fáilte roimh ghrúpaí ar mian leo tuilleadh eolais a fháil faoinár sealúchas agus taighde a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na taifid atá againn. 10.00 go 17.00 ó Luan go hAoine na huaireanta gnó atá againn agus táimid ábalta freastal ar ghrúpaí a thagann ar cuairt taobh amuigh de na huaireanta sin ag brath ar fhoireann a bheith ar fáil. Oibríonn muid le háisitheoirí chun cláir a fhorbairt agus a chur ar fáil atá bonnaithe ar ár mbailiúcháin taifead d’fhonn a chinntiú go mbíonn cuairteanna ábhartha agus spreagúil araon.
- Saoráidí: Tá spás inár seomra seimineáir agus inár seomra comhdhála araon do 20 duine ar a mhéad
- Inrochtaineacht: Tá ár Seomra Léitheoireachta, ár Seomra Seimineáir agus ár Seomra Comhdhála oiriúnach do dhaoine a úsáideann cathaoir rothaí agus le hardaitheoir atá teacht ar na seomraí sin
- Dá mba mhaith leat cuairt do ghrúpa ar an gCartlann Náisiúnta a eagrú seol ríomhphost chugainn ar [email protected]
- Tabhair ar aird go bhféadfadh nach mbeadh na turais go dtí na háiteanna stórála oiriúnach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe
For-rochtain
Cuireann muid straitéis for-rochtana ar fáil trína mbíonn muid ag plé le grúpaí úsáideoirí agus pobail éagsúla agus tá baill foirne ar fáil freisin chun cur i láthair a thabhairt do ghrúpaí seachtracha lasmuigh den láthair ar spéis leo é faoinár gcuid oibre agus faoinár gcuid bailiúchán. Más mian leat cur i láthair lasmuigh den láthair ó dhuine dár mbaill foirne a iarraidh, seol ríomhphost chugainn ar [email protected].
Acmhainní
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár gcuid bailiúchán agus faoin obair a dhéanaimid, féach Ár n-ábhair chartlainne agus Eolas fúinn.