Latest News

Ócáid: The Secret Space – Palimpsest


23.05.10

ANU Productions i gcomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta

Tá taifid ón gCartlann Náisiúnta i gcroílár suiteála ealaíne nua, The Secret Space: Palimpsest ina léirítear an gaol idir idéalachas aonair agus bunú praiticiúil stáit nua.

Sa taispeántas tógtar ar shaothar suiteála agus léirithe níos luaithe dar teideal, The Secret Space (2021) inar scrúdaigh comhstiúrthóir ealaíne ANU Owen Boss agus an taibheoir Genevieve Hulme-Beaman an ról a bhí ag a sin-seanaithreacha faoi seach (P.T. Daly agus Batt O’Connor) i réabhlóid na hÉireann.

Ba shaor cloiche agus tógálaí den chéad scoth é Bartholomew (Batt) O’Connor, agus ball de Bhráithreachas Phobal na hÉireann agus d’Óglaigh na hÉireann. Le linn Chogadh na Saoirse, thóg sé áiteanna folaigh ar fud Bhaile Átha Cliath le haghaidh doiciméad, cistí agus seomraí rúnda do dhaoine a bhí ar a dteitheadh ​​ó na húdaráis.

Bhí Patrick Thomas Daly ina Chomhairleoir de chuid Bhardas Bhaile Átha Cliath, ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin, de Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, d’Arm Cathartha na hÉireann, de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann, agus ina bhall de Chomhairle Uachtarach Bhráithreachas Phobal na hÉireann. Scriosadh a pháipéir phríobháideacha sna 1970idí, rud a d’fhág easpa suntasach i dtaifid réabhlóideacha.

Sna 1920idí agus 1930idí, thug Saorstát na hÉireann faoi fheachtas nuachóirithe, ag glacadh le dearadh ailtireachta agus teicneolaíochtaí tógála ceannródaíocha, agus an tír ag dul ar stáitse domhanda mar náisiún neamhspleách nua.

Tá go leor samplaí d’ailtireacht nua-aimseartha le feiceáil in The Secret Space: Palimpsest ach dírítear ann ar dhá shampla go háirithe: Stáisiún Cumhachta Ard na Croise (1929) agus Pailliún na hÉireann ag Aonach an Domhain i Nua-Eabhrac (1939), a dearadh chun íomhá nua-aimseartha d’Éirinn a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.

In The Secret Space: Palimpsest déantar scéal casta ceisteach a fhí timpeall ar smaointe na réabhlóide agus na hútóipe i gcomhthéacs na hÉireann. Leagtar béim ann ar an luach a bhaineann le taifid a choinneáil, tragóid na staire caillte agus ról an ealaíontóra chun dul i ngleic le heaspaí agus bearnaí sa chartlann agus inár gcomhchuimhne.

Dátaí an taispeántais:

18 Bealtaine – 30 Meitheamh 2023

10am – 5pm Luan – Aoine