Tabhair cuairt orainn

Ábhair chartlainne a ordú roimh ré

An féidir liom ábhair chartlainne a ordú roimh mo chuairt?

Ní féidir ach ábhair chartlainne a stóráiltear in áiteanna ar shiúl ón láithreán a ordú roimh ré. Ní ghlacfar le horduithe roimh ré ach amháin i gcás ina bhfuil an cód tagartha ar eolas. Is ceart na horduithe a sheoladh chuig [email protected] 5 lá oibre ar a laghad roimh ré. Is féidir sé ítim ar a mhéad sa turas a ordú ón stóras ar shiúl ón láithreán. Déanfar ábhair chartlainne a stóráiltear ar an láithreán a thabhairt ar fáil ar lá do chuairte.

Cén t-ábhar a choimeádtar ar shiúl ón láithreán?
  • I gcoitinne, déantar an t-ábhar seo a leanas a stóráil ar shiúl ón láithreán agus is féidir é a ordú roimh ré má tá an cód tagartha ceart ar eolas:
    • Luath-thaifid chúirte suas go dtí na blianta i lár na 1970-idí, agus na blianta sin san áireamh.
    • Taifid thiomnacha (uachtanna) roimh an mbliain 1975.
    • Taifid ghnó.
    • Sraitheanna 1 agus 2 de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí (Brainse na Rúnaíochta agus na gCuntas).
    • Luath-thaifid de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha (sraitheanna DFA/1, DFA/2/ DFA/3 agus DFA/5).
    • Na taifid roinne go léir a fuarthas sna blianta 2015, 2016, 2017 agus 2018 (1984 – 1988).

De bharr na n-oibreacha forbartha atá ar siúl sa Chartlann Náisiúnta, d’fhéadfadh sé go dtiocfaidh athrú ar an liosta sin. Féach an láithreán gréasáin, le do thoil, chun faisnéis uasdátaithe a fháil.

Mura bhfuil tú cinnte má tá ábhar á choimeád ar shiúl ón láithreán, iarrtar ort ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].