Seirbhísí don rialtas

Taifid roinne a dhiúscairt

Faoi alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, toirmisctear taifid a mhilleadh mura rud é go ndéanann Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta cead a thabhairt ar dtús agus go n-eisítear Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne.

Tá freagracht ar Oifigigh Dheimhniúcháin i ndáil le hiarratais ar Dheimhnithe i leith Diúscairt Taifead Roinne de réir alt 7(4) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus de réir Rialachán 6 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, i gcás taifid nach gá don Chartlann Náisiúnta iad a chaomhnú go buan.

Is sárú ar an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 é aon taifid a dhiúscairt gan Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne atá sínithe ag Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

Baineann sé seo le milleadh taifead páipéir agus taifead leictreonach, lena n-áirítear comhaid a bhí ina dtaifid pháipéir ar dtús ach a scanadh ar mhaithe le rochtain nó chun laghdú a dhéanamh ar spás stórála agus ar chostais stórála.

Ní gá cead a fháil chun taifid dhúblacha nó ábhar clóite a mhilleadh. Tá taifid dhúblacha aicmithe mar thaifid nach bhfuil aon nótaí ná faisnéis breactha orthu ionas nach ionann iad agus an doiciméad bunaidh.

Má tá aon nótaí nó nótaí dréachtaithe breactha ar dhoiciméad, tagann sé chun bheith ina dhoiciméad bunaidh agus ní féidir é a mhilleadh gan Deimhniú a fháil i leith Diúscairt Taifead Roinne.

Ní mór iarrataí ar dhiúscairt a chur chuig Ceann na dTaifead Reatha, Seirbhísí Cartlainne agus Rialtais, an Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85.

Maidir le hiarrataí ar dhiúscairt, ní mór iad a dhéanamh ar leibhéal sraithe comhad ar an bhFoirm Iarrata ar Mheasúnacht oifigiúil. Ní dhéanfar aon iarrataí nach bhfaightear ar an bhfoirm oifigiúil, nó nach sainaithnítear an tsraith chomhaid, a bhreithniú agus cuirfear ar ais chuig an gcomhlacht iarrthach iad.

Tar éis iarraidh a fháil, déanfaidh an Chartlann Náisiúnta socrú maidir le suirbhéireacht bhreise a dhéanamh ar thaifid, i gcás inar gá sin. De bharr na leibhéal foirne atá ann faoi láthair, tá moilleanna i ndáil le próiseáil iarratas dosheachanta. Féachfaimid le freagra a thabhairt ar d’iarraidh a luaithe is féidir. Chun próiseas chomh héifeachtúil agus is féidir a chinntiú, iarrtar ort a chinntiú go bhfuil na bearta seo a leanas curtha i gcrích.

  • Comhlánaíodh an fhoirm iarrata ar mheasúnacht go hiomlán, lena n-áirítear mionsonraí faoi dhuine teagmhála iomchuí ar féidir leis/léi rochtain a chomhordú le hOifigigh de chuid na Cartlainne Náisiúnta.
  • Is ceart iarrataí a chomhordú laistigh de Ranna Stáit d’fhonn a chinntiú go mbeidh cur chuige comhsheasmhach caighdeánaithe ann sna rannáin ar fad.
  • Táthar ar an eolas i dtaobh shuíomh taifead agus is féidir rochtain a chur ar fáil d’Oifigigh de chuid na Cartlainne Náisiúnta.
Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne faoi Alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 a chomhlánú
  • Sular féidir le Roinn Stáit taifid a mhilleadh, ní mór Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne a chomhlánú. Tá míniú ar Roinn Stáit le fáil in alt 1(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus forléirítear é mar ní a chiallaíonn ní hamháin oifigeach ceannais Roinne agus a cuid fo-oifigí ach, freisin, mar ní a chiallaíonn oifigeach ceannais na gcúirteanna agus oifigeach ceannais na gcomhlachtaí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht. Dá bhrí sin, baineann an téarma sin le beagnach gach comhlacht ar státseirbhísigh iad a gcuid ball foirne, lena n-áirítear Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána.
  • Ní mór an Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne a bheith clóscríofa ar pháipéarachas oifigiúil na roinne lena mbaineann agus ní mór don Oifigeach Deimhniúcháin é a chomhlánú agus a shíniú.
  • Is ceart sceideal na gcomhad, nó na sraithe comhad, atá le milleadh a bheith ag gabháil leis an Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne.
  • De réir Rialachán 6 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, ní mór an Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne, agus an sceideal, a sheoladh chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta. I gcás taifead de chuid na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte, ní mór toiliú an Phríomh-Bhreithimh nó Uachtarán na hArd-Chúirte a fháil freisin.
  • Má aontaíonn an Stiúrthóir le diúscairt na gcomhad, déanfaidh sé/sí an Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne a chomhshíniú agus cuirfidh sé/sí ar ais chuig an Roinn Stáit iarrthach é.
  • D’fhéadfadh sé go mbeidh ar bhaill foirne na Cartlainne Náisiúnta measúnacht agus measúnú a dhéanamh sular féidir Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne a eisiúint. Faoi alt 7(7) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceanglaítear ar Ranna Stáit an mheasúnacht sin a éascú.
  • Ní mór na taifid a choinneáil sa Roinn Stáit go dtí go bhfaightear an cead riachtanach maidir le milleadh.
  • Déanfar cóip den Deimhniú i leith Taifid Roinne a Dhiúscairt a choimeád sa Chartlann Náisiúnta. Tabharfar an leagan bunaidh don roinn iarrthach, don oifig chúirte nó don chomhlacht poiblí agus is ceart é a choimeád go buan.
  • Tar éis Deimhniú i leith Taifid Roinne a Dhiúscairt a fháil, féadfaidh an Roinn Stáit iarrthach taifid a mhilleadh de réir théarmaí alt 8(3) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.
  • Le halt 7(5) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceanglaítear ar Ranna Stáit socrú a dhéanamh maidir le diúscairt rúnda na dtaifead sin.

Tá deimhniú samplach i leith diúscairt taifead faoi alt 7 agus faoi rialachán 6 ar fáil ag Foscríbhinn 1 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.

Ní ceart taifid a mhilleadh gan teagmháil a dhéanamh ar dtús le hÁbhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais, an Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85 (teil: +353-(0)1-4072300, ríomhphost: [email protected]).

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi mhilleadh agus faoi choimeád taifead, féach Treoirlínte maidir le bainistiú taifead.