Ár n-ábhair chartlainne

Tionscadail chomhoibritheacha

Tá sealúchais na Cartlainne Náisiúnta fíorthábhachtach i dtaca le tuiscint a fháil ar fhorbairt pholaitíochta, shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann agus bíonn muid rannpháirteach le daoine aonair agus le heagraíochtaí chun feasacht ar ár dtaifid a ardú agus tuilleadh fáil a bheith ar ábhair chartlainne a éascú. Idir an dá linn, cuireann na tionscadail chomhoibritheacha iontacha a bhfuil baint againn leo go mór lenár bpróifíl phoiblí agus cuireann siad ar ár gcumas a bheith rannpháirteach go gníomhach leis na daoine a úsáideann ár seirbhísí agus le cuairteoirí.