Ginealas

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid

Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh aon daonáireamh ann sa bhliain 1921 ach athchromadh ar an obair dhaonáirimh sa bhliain 1926. De réir alt 35 den Acht Staidrimh 1993, tá na tuairisceáin daonáirimh go léir ón mbliain 1923 ar aghaidh dúnta don phobal go ceann 100 bliain. Scaoilfear daonáireamh 1926 do thaighdeoirí tar éis 100 bliain.

Daonáirimh 1821-1851

Sa bhliain 1922, díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh ar fad, nach mór, a bhain leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 agus a bhí a gcoimeád in iar-Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn. Ach tá roinnt tuairisceán a bhaineann leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 ar marthain fós. Clúdaíonn siad sin codanna de na contaetha agus na blianta daonáirimh seo a leanas:

Aontroim 1851
An Cabhán 1821, 1841
Corcaigh 1841
Fear Manach 1821, 1841, 1851
Gaillimh 1821
Contae an Rí (Uíbh Fhailí) 1821
Londaindoire (Doire) 1831, (athbhreithnithe na bliana 1834)
An Mhí 1821
Port Láirge 1841

De bhreis air sin, tá liostaí ainmneacha ceann teaghlaigh ann a fuarthas ó thuairisceáin na bliana 1851 i leith cuid de Chathair Bhéal Feirste agus i leith Chathair Bhaile Átha Cliath (féach liosta na dtuairisceán daonáirimh de chuid an 19ú haois Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta). Tá na tuairisceáin mharthanacha daonáirimh inchuardaithe ina n-iomláine ar líne ar ár láithreán gréasáin daonáirimh. Is féidir cuardach a dhéanamh saor in aisce.

Daonáirimh 1861-1891

Níl aon tuairisceáin daonáirimh i leith teaghlaigh ar leithligh ar marthain do na blianta 1861, 1871, 1881 ná 1891. Díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh do na blianta 1861 agus 1871 sa bhliain 1877 tar éis anailís a dhéanamh ar shonraí an daonáirimh agus tar éis na tuarascálacha daonáirimh a fhoilsiú. Díothaíodh tuairisceáin na mblianta 1881 agus 1891 sa bhliain 1918.

Daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911

Tá na tuairisceáin bhunaidh lámhscríbhinne go léir, nach mór, maidir le gach teaghlach sa dá chontae is tríocha d’Éirinn ar marthain le haghaidh na mblianta 1901 agus 1911. Tá na tuairisceáin curtha in eagar de réir contae, toghroinn cheantair agus baile fearainn nó, maidir le limistéir uirbeacha, de réir sráide. Maidir leis na tuairisceáin a bhaineann le gach baile fearainn nó sráid sna blianta 1901 agus 1911, cuimsíonn siad an méid seo a leanas:

  • foirmeacha dar teideal Foirm A, a chomhlánaigh ceann gach teaghlaigh ar leith agus inar tugadh ainmneacha gach duine sa teaghlach lena mbaineann ar oíche an daonáirimh, mar aon lena n-aois, lena slí bheatha, lena reiligiún agus lena gcontae breithe nó lena gcathair bhreithe (nó a dtír bhreithe má rugadh iad lasmuigh d’Éirinn); agus
  • foirmeacha (dar teideal Foirmeacha N, B1 agus B2) a chomhlánaigh an t-áiritheoir oifigiúil daonáirimh a thóg an daonáireamh agus ina dtugtar achoimre ar na tuairisceáin maidir leis an mbaile fearainn nó maidir leis an tsráid a bhí i gceist.

Tá tuairisceáin daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 inchuardaithe go hiomlán ar líne anois i dtaca le gach catagóir faisnéise a taifeadadh ar na foirmeacha bunaidh daonáirimh. Is féidir cuardach a dhéanamh saor in aisce. Chomh maith le cuardach sloinnte, is féidir cuardach a dhéanamh sna tuairisceáin de réir reiligiúin, slí bheatha, caidrimh leis an gceann teaghlaigh, stádas litearthachta, contae tionscnaimh ní tír thionscnaimh, inniúlacht Ghaeilge, tinnis shonraithe agus, i gcás dhaonáireamh 1911, básmhaireacht leanaí. Is féidir an méid sin a dhéanamh trí chliceáil ar an táb dar teideal ‘Tuilleadh roghanna cuardaigh’. Níl aon léarscáileanna ann a chomhfhreagraíonn do thuairisceáin daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911.

Daonáirimh Ionaid
Cóipeanna Oifigiúla de Thaifid Daonáirimh

Cé gur díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh ar fad, nach mór, a bhain leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 sa bhliain 1922, tá cóipeanna oifigiúla de líon beag tuairisceán ar leithligh a rinne baill foirne iar-Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, nó daoine eile, roimhe sin ar marthain fós Tá liosta de chóipeanna de chuid an 19ú haois agus de chóipeanna deimhnithe ar fáil lena léamh sa Seomra Léitheoireachta. Tá roinnt tuairisceán a bhaineann leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 ar marthain fós. Tá digitiú déanta orthu sin agus tá siad inchuardaithe ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Foirmeacha Cuardaigh Daonáirimh

Cuimsíonn foirmeacha cuardaigh daonáirimh faisnéis a thug daoine chun a chumasú cuardach a dhéanamh i dtuairisceáin bhunaidh dhaonáirimh na mblianta 1841 agus 1851 chun cruthúnas ar aois a fháil i dtaca le daoine a raibh pinsean seanaoise á éileamh acu.

Mar thoradh ar an Old Age Pensions Act 1908, tugadh isteach pinsean neamh-ranníocach do dhaoine cáilithe 70 bliain d’aois agus os a chionn. Cuireadh an tAcht sin i bhfeidhm i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus in Éirinn le héifeacht ó mhí Eanáir 1909. Chun bheith cáilithe, b’éigean d’iarratasóirí a bheith 70 bliain d’aois agus b’éigean ioncam níos ísle ná £31.10.00 sa bhliain a bheith acu.

Ba ghá cruthúnas ar aois a chur ar fáil in éineacht le hiarratas ach, ós rud é nár cuireadh tús le clárú sibhialta breitheanna in Éirinn go dtí an bhliain 1864, bhí deacracht ag roinnt iarratasóirí maidir le fianaise dhoiciméadach ar aois a sholáthar. Chun an deacracht sin a shárú, measadh go mbeadh cuardaigh i dtuairisceáin daonáirimh na mblianta 1841 agus 1851, a bhí le fáil in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn fós, chomh maith le cláir baiste eaglaise, inghlactha mar fhianaise dhoiciméadach ar aois iarratasóra. B’éigean don iarratasóir ainmneacha agus áit chónaithe a dtuismitheoirí sa bhliain chuí a sholáthar. Ina theannta sin, b’éigean dóibh a rá cén aois a bhí acu, dar leo féin, sa bhliain chuí.

Cuireadh foirmeacha ina raibh an fhaisnéis sin chuig Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn áit a ndearnadh cuardaigh i dtuairisceáin bhunaidh dhaonáirimh na mblianta 1841 agus 1851. Nuair nach bhfuarthas tagairt don iarratasóir mar thoradh ar an gcuardach, scríobhadh nóta ar an bhfoirm, is é sin le rá, ‘not found’ nó ‘no trace’. Fiú amháin i gcás cuardaigh gan toradh, beidh leagan an iarratasóra d’ainmneacha agus de shuíomh a bhall/ball teaghlaigh sna blianta 1841 agus 1851 le fáil sna foirmeacha cuardaigh daonáirimh. D’éirigh le cuid mhór de na cuardaigh sin agus is minic a sholáthraíonn siad sin ainmneacha agus aoiseanna gach duine a bhí ann i dteaghlach an éilitheora tráth an daonáirimh a bhí i gceist.

Tá na foirmeacha cuardaigh daonáirimh curtha in eagar de réir contae, barúntachta, paróiste, baile fearainn nó sráid uirbeach agus ainm an iarratasóra (lena n-áirítear sloinne roimh phósadh, más infheidhme) Tá foirmeacha cuardaigh daonáirimh ar fáil ar líne anois agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Móráireamh Talmhaíochta

Cuimsíonn an móráireamh talmhaíochta dhá dhoiciméad ar leith: is é atá i gceann amháin acu ná tuairisceán faoi bheostoc i gContae Aontroma sa tréimhse 1803-1804 agus is é atá sa cheann eile ná cuntas ar arbhar a bhí i seilbh ag áitritheoirí Chontae Lú c. 1800-1816. Rinneadh an móráireamh talmhaíochta tráth a raibh staid leochaileach ann sa tír tar éis éirí amach 1798 agus éirí amach 1803. Tá an dá thuairisceán ina gcuid d’ábhair chartlainne Oifig Ard-Rúnaí na hÉireann atá i seilbh ag an gCartlann Náisiúnta faoi na tagairtí CSO/OP/153/103 agus CSO/OPMA/163, faoi seach. Soláthraíonn na doiciméid mionsonraí faoi bheostoc agus faoi stoc marbh agus, chomh maith leis sin, faoi arbhar agus uirlisí, mar aon le hainmneacha agus seoltaí úinéirí-áitritheoirí na gceantar ar tiomsaíodh na tuairisceáin ina leith.

Daonáireamh Reiligiúin, 1766

Ní fíordhaonáireamh é Daonáireamh Reiligiúin 1766 ach, dá ainneoin sin, gabhann tábhacht ghinealais leis. Údaraíodh an daonáireamh le rún ó Theach na dTiarnaí in Éirinn agus cuimsíonn sé tuairisceáin ó chinn teaghlaigh Phrotastúnacha agus Chaitliceacha (Pápairí) agus liostaítear ainmneacha i ngach paróiste ann. Ach, uaireanta, ní thaifeadtar ach faisnéis staitistiúil faoin líon Protastúnach agus faoin líon Caitliceach i bparóiste. Maireann na tuairisceáin san fhoirm bhunaidh nó i bhfoirm trascríbhinne. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Treoir maidir leis an Daonáireamh Reiligiúin, 1766.

Daonáireamh Ail Finn, 1749

Rinneadh an daonáireamh seo faoi threoir Edward Synge, Easpag Ail Finn. Theastaigh uaidhsean a fháil amach cén cion Protastúnach a bhí ann i ndeoise Ail Finn i gcomparáid leis an líon Caitliceach; clúdaíonn an deoise sin an chuid is mó de Chontae Ros Comáin agus tá codanna de Chontae na Gaillimhe agus de Chontae Shligigh inti freisin. Tá Daonáireamh bunaidh Ail Finn á choimeád sa Chartlann Náisiúnta faoin tagairt M2464 agus d’fhoilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann é faoin teideal The Elphin Census, 1749 (arna chur in eagar ag Marie-Louise Legg, IMC, 2004).

Card image cap

19.03.01

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868
Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna
Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Uachtanna agus riaracháin
Chun dlíthiúlacht uachta duine éagtha a chinntiú, ní mór do na cúirteanna deonú probháide a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil