Tabhair cuairt orainn

Ticéid léitheoirí

Conas a dhéanaim iarratas ar Thicéad Léitheora?

Ní mór iarratais a dhéanamh i bpearsa ar an bhfoirm iarratais oifigiúil. Is féidir an fhoirm a íoslódáil agus a chomhlánú roimh ré ach ní eiseofar ticéid ach amháin i bpearsa.

Is féidir le daoine den phobal iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora ar a gcéad chuairt ar an gCartlann Náisiúnta ar choinníoll go bhfuil cárta aitheantais fótagrafach acu chomh maith le cruthúnas ar a mbuanseoladh agus ní féidir an fhaisnéis sin a bheith níos sine ná sé mhí. Ní mór do thaighdeoirí láithreacha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar athnuachan a dticéid cárta aitheantais fótagrafach agus cruthúnas ar a seoladh a thabhairt ar aird freisin. Tá na ticéid saor in aisce agus eisítear iad ar feadh tréimhse trí bliana agus ní bhíonn siad bailí ach amháin sa Chartlann Náisiúnta.

Ní mór an ticéad léitheora a thabhairt ar aird ag an mbealach isteach gach uair a thugtar cuairt ar an gCartlann Náisiúnta. Más rud é nach dtugann taighdeoirí a dticéad léitheora ar aird ag an mbealach isteach ní thabharfar cead dóibh teacht isteach.

Cén fáth go bhfuil cead isteach sa Chartlann Náisiúnta chomh dian sin?

Is doiciméid uathúla iad ábhair chartlainne agus ní mór iad a chosaint. Tá sé d’oibleagáid ar gach léitheoir mionsonraí teagmhála a sholáthar agus déanamh de réir treoracha maidir le láimhseáil agus cúram ábhair bhunaidh cartlainne. D’fhéadfadh cailleadh buan faisnéise a bheith ann i gcás ina ndéanfaí damáiste d’ábhair chartlainne nó ina láimhseálfaí iad gan ghá. Faoi alt 18(1) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, is cion coiriúil é ábhair chartlainne a ghoid. Déanfar aon iarracht ábhair chartlainne a thabhairt chun bealaigh ón Seomra Léitheoireachta a thuairisciú don Gharda Síochána. Iarrtar ar thaighdeoirí freisin iad féin a iompar ar mhodh cúirtéiseach i leith ball foirne agus comhthaighdeoirí. D’fhéadfadh cealú ticéid léitheora leanúint as mainneachtain déanamh de réir na nósanna imeachta cearta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Rialacha do léitheoirí, le do thoil.

Catalóga sa seomra léitheoireachta

Is féidir le daoine den phobal iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora ar a gcéad chuairt ar an gCartlann Náisiúnta ar choinníoll go bhfuil cárta aitheantais fótagrafach acu chomh maith le cruthúnas ar a mbuanseoladh.