Rollaí na gcaitliceach cáilithe 1700 – 1845
Ar fud an ochtú haois déag, bhí na srianta a achtaíodh leis na Péindlíthe á maolú do na Caitlicigh sin a ghlac an Mhóid Dílseachta don Rí agus a shéan a reiligiún ar mhaithe le reiligiún Eaglais bhunaithe na hÉireann. Sa chuid is mó cásanna, ní fíor-shéanadh an reiligiúin Chaitlicigh a bhí i gceist leis sin ós rud é gurbh é an t-aon bhealach dlíthiúil amháin é ina raibh Caitlicigh in ann bunchearta sibhialta a bhaint amach.
Sa bhliain 1774, ritheadh Acht chun a cheadú do ghéillsinigh an Rí, is cuma cén reiligiún a bhí acu, móid a ghlacadh sna cúirteanna áitiúla seisiúin chun a ndílseacht don Rí a fhianú d’fhonn síocháin agus dúthracht a chur chun cinn sa ríocht.
Ina dhiaidh sin, cláraíodh ainmneacha na ndaoine a rinne amhlaidh a chlárú i Rollaí na gCaitliceach Cáilithe de réir sloinne, túsainm, seolta agus dáta cáilithe. Tugadh an tslí bheatha uaireanta freisin. Clúdaíonn na Rollaí an tréimhse ó 1700 go 1845 agus baineann an chuid is mó iontrálacha tar éis na bliana 1800 le saoránaigh eadóirsithe. Tá os cionn 50,000 duine liostaithe sna Rollaí.
Is féidir na Rollaí a chuardach ar ár láithreán gréasáin ginealais de réir ainm, dáta, contae, cónaí agus deoise. Níl na hiontrálacha a bhaineann le contae, cónaí agus deoise comhsheasmhach; bíonn na trí cinn ann uaireanta agus, uaireanta eile, ní bhíonn ach ceann amháin díobh ann.