Latest News

Fillteán i bhFócas: ‘Cogaíocht idir ársa agus nua-aimseartha’ – aiste le Mícheál Ó Coileáin


23.05.10 Doiciméad na míosa   Taispeántais ar líne  

I mí na Nollag, 1904 leag an Príomhoide John Crowley scrúdú cumadóireachta Béarla a raibh teorainn ama leis dá rang, a raibh Mícheál Ó Coileáin ina measc. Scríofa go néata i ndúch dubh ag an mbuachaill 14 bhliain d’aois, bhí an teideal ‘Ancient and modern warfare’ (‘Cogaíocht idir ársa agus nua-aimseartha’) ar an aiste 481 focal (tag. CNÉ 2010/73). Níl barúil againn den phleán ceachta a bhí ag an Uasal Crowley, ach is léir ó phíosa Uí Choileáin go raibh na buachaillí ag staidéar filíochta agus ag plé cúrsaí reatha (féach anseo maidir le trascríobh an aiste).

Pléann an Coileánach óg forbairt an armra ó na cianaoiseanna ar aghaidh, agus léirítear feasacht áirithe ar fhás bhrúidiúlacht na cogaíochta nua-aimseartha san abairt seo: ‘The instruments of war are deadlier and the number of men disabled tremendously large.’

Chuaigh Ó Coileáin isteach sa scoil in 1903, níl ach míonna tar éis do na chéad saighdiúirí Éireannacha teacht abhaile ón Aifric Theas agus iad i ndiaidh troid i nDara Cogadh na mBórach (1899-1902). D’fhreastail sé ar scoil ar feadh trí bliana agus é ag staidéar le haghaidh scrúduithe iontrála sa tSeirbhís Shibhialta. Ina theannta sin, déanann sé trácht ar theannais na linne sin idir Sasana agus an Ghearmáin agus é ag súil go gcuirfeadh an ‘eagla chomhroinnte roimh léirscrios’ bac orthu dul i gcoimhlint lena chéile. Cuireann sé críoch ar an aiste agus athfhriotal a dhéanamh ar an abairt dheireanach de leathrann i ndán Tennyson ‘Locksley Hall’, abairt ina shamhlaigh Tennyson saol tar éis an fhoréigin, agus tar éis na réabhlóide:

Till the war-drum throbb’d no longer, and the battle-flags were furl’d

In the Parliament of man, the Federation of the world

Scríobh an deirfiúr Uí Choileáin a bhí níos sine, Katie Sheridan, an litir a fheictear thuas agus a tháinig in éineacht leis an aiste; dealraítear gur sheol sí an aiste chuig an tUasal Morris i mí Iúil 1932. Tá leid sa litir faoi chruatan an tsaoil, agus tá iarracht den bhrón inti agus í ag rá nárbh fhéidir léi scaoileadh le litreacha pearsanta a dhearthár (féach anseo maidir le trascríobh na litreach). Ba mhúinteoir scoile í Katie Sheridan agus ní nach ionadh, mar sin, go gcríochnaíonn sí an litir le tráchtaireacht faoi litriú a dhearthár óig. Leis an aiste, agus an litir seo, tá iontráil dialainne ar taispeáint ar a nótáil Ó Coileáin gur scríobh sé chuig Katie Dé Domhnaigh, 13 Aibreán 1919.

Dheisigh ár gCaomhnóir Sinsearach an aiste go cáiréiseach agus tá sé le feiceáil sa taispeántas Dialanna Mhíchíl Uí Choileáin (1918-1922) i bhforhalla na Cartlainne, Sráid an Easpaig.