Latest News

Taispeántas faoi Chonradh na Náisiún agus seoladh d’fhoilseachán chun deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán a cheiliúradh


23.09.07 Scéalta as na hábhair chartlainne  

Déanfar comóradh an 100 bhliain ó chuaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún, ócáid a léirigh go raibh an tArdán Domhanda sroichte aici, trí thaispeántas a cuirfear ar siúl i mBaile Átha Cliath, sa Ghinéiv agus in Nua-Eabhrac

Bhí Conradh na Náisiún ina chéad eagraíocht pholaitiúil dhomhanda ar leibhéal an stáit, agus bunaíodh é i ndiaidh an chéad Chogaidh Dhomhanda. Chuaigh Éire isteach ann ar an 10 Meán Fómhair 1923 agus í ag soiléiriú go láidir go raibh sí ina stát ceannasach agus ina gníomhaí féinrialaitheach i gcúrsaí domhanda. Bhí sé bunúsach a bheith ina ball den gConradh agus Éire neamhspléach ag déanamh céim ar aghaidh ar an ardán domhanda.

I gcomhar le Roinn Gnóthaí Eachtracha agus le hAcadamh Ríoga na hÉireann, dhear an Chartlann Náisiúnta taispeántas chun céad bliain bhallraíocht na hÉireann i gConradh na Náisiún a cheiliúradh, agus cáipéisí dá bailiúchán mar pháirt ann a bhaineann leis an mballraíocht. Ní raibh na taifid sin ar taispeántas poiblí riamh, agus tá taifid oifigiúla, grianghraif, cuimhní cinn, litreacha, agus ábhair ghearrshaolach ina measc a léiríonn luatheachtraí corraitheacha an Stáit nua mar a thosaigh sé spás idirnáisiúnta a shnoí dó féin.

Ó na blianta tosaigh dí i gConradh na Náisiún ar aghaidh, mhol Éire ord domhanda síochánach agus mhol sí, aighnis idirnáisiúnta a réiteach ar dóigh síochánach. Ba iad spriocanna bunúsacha an Chonartha agus bhí a fhios ag Éire, stát beag nach raibh cumhacht mhíleata agus ghéilleagair aige, gurbh é an seans is fearr chun maireachtáil agus agus bheith faoi bhláth ar an ardán domhanda ná bheith i mball de ghrúpa stát a raibh ar aon dearcadh, mar a bhí i gConradh úr na Náisiún.

Beidh an taispeántas On an equal footing with all, Ireland at the League of Nations 1923-1946 le feiceáil ag ceachtar an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, Rath an Uisce agus ag Féile na Staire Bhaile Átha Cliath roimh taisteal chun na NA sa Ghinéiv agus in Nua-Eabhrac.

Cuireann an Chartlann Náisiúnta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus Acadámh Ríoga na hÉireann ar fáil é mar pháirt Chlár Náisiúnta 2012-2023 Dheich mBliana na gCuimhneachán de chuid Rialtas na hÉireann.

Beidh seoladh leabhar, On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946, clár díospóireachtaí painéil, agus cainteanna speisialta ag dul leis an taispeántas, agus d’eagraíodh iad uile chun taighde staire agus tuiscint faoi thionchar agus faoi thoradh na n-imeachtaí a spreagadh, imeachta iad a chuir cruth ar an Stát nua.

Féach anseo le haghaidh dátaí na n-imeachtaí.