Taifid dhlíthiúla

Taifid thiomnacha

Cén fáth go gcoimeádtar taifid thiomnacha sa Chartlann Náisiúnta?

Tá freagracht ar an gCartlann Náisiúnta i ndáil le caomhnú fadtéarma taifead stáit, lena n-áirítear taifid chúirte. Is ionann uachtanna agus taifid a chruthaíonn an Oifig Phrobháide, ar cuid den Ard-Chúirt í, agus, dá bhrí sin, tagann ábhar tiomnach faoi réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta atá 20 bliain d’aois ar a laghad. Is í an bhliain 1991 an bhliain is déanaí ar ina leith a choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid na hOifige Probháide. Maidir le haon ní is déanaí ná sin, nó maidir le deonuithe a eisíodh i gclárlanna ceantair, is ceart fiosruithe a dhíriú chuig an Oifig Phrobháide.

Tá breis eolais le fáil sa Treoir maidir le taifid thiomnacha a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta.