Beartas usáide láithreáin

Beartas usáide láithreáin

Úsáid ábhar láithreán gréasáin, cóipcheart agus atáirgeadh

Is féidir rochtain gan srianadh a fhail ar ábhar an láithreáin ghréasáin seo agus é a íoslódáil ar mhaithe le húsáid phearsanta. Toirmeasctar, áfach, aon chineál atáirgeadh neamh-údaraithe, lena n-áirítear baint agus/nó stóráil in aon chóras aisghabhála nó lena áireamh in aon chlár ríomhaireachta nó obair eile. Tabhair ar aird gur le Cartlann Náisiúnta na hÉireann i gcónaí cóipcheart an ábhair ar fad atá ar an láithreán gréasáin seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cóipeanna den ábhar atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta a fháil, féach ar an leathanach Faigh cóipeanna de chartlanna. Le cead a fháil le hábhair atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta a atáirgeadh, déan teagmháil linn le do thoil.

Séanadh

Tá cúram déanta cruinneas ábhar an láithreáin ghréasáin seo a chinntiú agus i gcás go gcuirtear earráidí nó easnaimh faoi bhráid na Cartlainne Náisiúnta déanfar leasuithe chomh luath agus is féidir.

Ní gá go léireodh aon sonraí a luaitear go soiléir nach táirge de chuid na Cartlainne Náisiúnta iad, áfach, tuairimí ná dearcadh na Cartlainne Náisiúnta. Níl aon dliteanas orthu i ndáil lena bhfuil sna sonraí sin nó caillteanas iarmhartach nó díreach a bhaineann leis an úsáideoir a eascraíonn as aon rud atá ar an láithreán seo nó aon earráid nó easnaimh atá ann.

Comhionann leis sin, ní hionann naisc le láithreáin ghréasáin sheachtracha agus formhuiniú na Cartlainne Náisiúnta i ndáil le haon táirge, seirbhísí, beartais, nó tuairim na heagraíochta nó aon duine aonair.