Seirbhísí don rialtas

Taifid a aistriú (oiliúint)

Ní ghlacfaidh an Chartlann Náisiúnta le taifid lena n-aistriú agus lena scaoileadh don phobal go dtí go mbeidh oiliúint maidir le nósanna imeachta faighte ag an roinn, ag an oifig chúirte nó ag an gcomhlacht sceidealta iomchuí.

I gcás nach gcomhlíontar nósanna imeachta na Cartlainne Náisiúnta maidir le haistriú taifead, d’fhéadfadh obair gan ghá agus moilleanna eile a bheith ann a bhféadfadh deacracht agus costas a bheith ann ina leith ó thaobh iad a réiteach.

Sula ndéantar aon réamhobair is ceart teagmháil a dhéanamh le hÁbhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais, an Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85 (teil: 01-4072300, ríomhphost: [email protected]).

Tar éis do na baill foirne iomchuí oiliúint a fháil maidir le haistriú, cuimsíonn an próiseas aistrithe taifead na céimeanna seo a leanas:

Doiciméid a Ullmhú

  • Chun tús a chur leis an bpróiseas aistrithe, is gá taifid cháilithe a shainaithint.
  • Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ní mór taifid atá cáilithe lena n-aistriú a bheith níos sine ná 30 bliain d’aois.
  • De réir Rialachán 4 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, déantar aois taifid a chinneadh ar bhonn dháta na hiontrála substaintí is déanaí atá ann sa taifead lena mbaineann.
  • De réir alt 8(7) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, féadfaidh an Stiúrthóir glacadh le taifid atá faoi bhun 30 bliain d’aois i gcás arb inmhianaithe an t-aistriú sin chun caomhnú cuí na dtaifead sin a áirithiú nó mar gheall ar chúiseanna riaracháin eile. Go praiticiúil, ní dhéantar aistriú luath taifead a éascú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
    • níl aon agóid ag an Roinn i gcoinne na taifid lena mbaineann a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal, agus
    • tá an spás is gá chun iad a stóráil ag an gCartlann Náisiúnta.
  • Is ceart do na baill foirne lena mbaineann tús a chur leis an obair trí scrúdú a dhéanamh ar na taifid ar leibhéal sraithe nó ar leibhéal foshraithe.
  • Is ceart na taifid a mheasúnú lena chinneadh an bhfuil siad oiriúnach lena scaoileadh.
  • Is ceart aon taifid atá le coimeád nó le coinneáil siar de réir na bhforálacha atá leagtha amach in alt 8(2) agus 8(4) a chur ar leataobh.
  • Is ceart a chinneadh an fiú na taifid atá sainaitheanta lena n-aistriú a chaomhnú go buan.
      • Is ceart a chinneadh an mbaineann siad le beartas, cinnteoireacht agus straitéisí.
      • Is ceart a chinneadh an léiríonn siad feidhmeanna agus gníomhaíochtaí na rannán lena mbaineann.

Ní cheadaítear gnáthchomhaid a mhilleadh go dtí go bhfaightear cead ina leith sin agus go n-eisíonn Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne.

  • Is ceart teagmháil a dhéanamh le hÁbhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais sa Chartlann Náisiúnta chun uimhir aistrithe a fháil, mar aon le faisnéis a fháil faoi na boscaí cartlainne saor ó aigéad a sholáthraítear.
  • Ní mór na taifid a liostú sula n-aistrítear iad trí úsáid a bhaint as an teimpléad caighdeánach liostaithe a chuireann an Chartlann Náisiúnta ar fáil. Soláthraítear an teimpléad sin i bhformáid Microsoft Excel.
  • Ní mór taifid atá sainaitheanta mar thaifid atá le coimeád nó le coinneáil siar sa chomhlacht aistrithe a liostú i dteimpléad a sholáthraíonn an Chartlann Náisiúnta. Ní mór mionsonraí a chur ar fáil maidir le cód tagartha an doiciméid, maidir le teideal an chomhaid agus maidir le dátaí clúdaigh.
  • Ní ghlacfaidh an Chartlann Náisiúnta le taifid lena n-aistriú agus lena scaoileadh don phobal go dtí go mbeidh oiliúint maidir le nósanna imeachta faighte ag an roinn, ag an oifig chúirte nó ag an gcomhlacht sceidealta iomchuí.
Taifid a Scaoileadh lena nIniúchadh ag an bPobal
  • Sular féidir glacadh le haistriú, ní mór Deimhniú i leith Aistriú agus Scaoileadh lena Iniúchadh ag an bPobal a chomhlánú ar pháipéarachas oifigiúil na roinne lena mbaineann agus ní mór an deimhniú sin a bheith sínithe ag an Oifigeach Deimhniúcháin.
  • Is ceart cóip a choinneáil mar thaifead ar an aistriú.
  • Is ceart an deimhniú sínithe bunaidh a chur i gceangal le sceideal na dtaifead atá le scaoileadh lena n-iniúchadh ag an bpobal.
  • Is ceart cóip phriontáilte den deimhniú agus den sceideal a chur sa chéad bhosca taifead atá le haistriú.
  • Ní mór cóip leictreonach de sceideal an aistrithe a sholáthar don Chartlann Náisiúnta freisin.

Tá Deimhniú Samplach i leith aistriú taifead lena n-iniúchadh ag an bpobal ar fáil i bhFoscríbhinn 3 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi mhilleadh agus faoi choimeád taifead, féach Treoirlínte maidir le Bainistiú Taifead.

Is ceart gach fiosrú a dhíriú chuig Ábhair Chartlainne agus Seirbhísí Rialtais, an Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85 (teil: 01-4072300, ríomhphost: [email protected]).