Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus a urramú agus baineann sí leas as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí chun do chuid sonraí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun aon chríche ach amháin chun na críche sin dár bailíodh iad. Féadfaidh sé go malartófar sonraí pearsanta le Ranna eile Rialtais, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó comhlachtaí eile poiblí, i gcúinsí áirithe i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le dlí.

Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach amháin fad a bheidh sé riachtanach chun na críche dár bailíodh iad agus dá ndearnadh próiseáil ina dhiaidh sin orthu. Nuair a rachaidh an riachtanas gnó chun an fhaisnéis seo a choimeád in éag, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a léirscriosadh a luaithe is féidir, agus de réir bheartas na Roinne. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Chosaint Sonraí a fháil ar ár suíomh gréasáin ar: https://www.chg.gov.ie/ga/help/legal-notices/data-protection/

Faisnéis Phearsanta á Bailiú agus á hÚsáid

Urramaíonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cearta a húsáideoirí agus ní bhailíonn sí aon sonraí pearsanta fút ar a suíomh gréasáin.

Agus tú ag dul i dteagmháil linn, féadfaidh tú bheith ag seoladh faisnéis phearsanta chugainn amhail d’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist. Féadfaimid d’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist a stóráil chun freagra a thabhairt ar d’iarratas nó chun teacht ar réiteach ar ábhar an ríomhphoist.

I gcás ina soláthróidh úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach, ní úsáidfear na sonraí seo ach amháin chun na gcríoch dá bhforáiltear é, agus ní dhéanfar é a chur chun aon tríú páirtí, mura bhfuil sé de dhualgas air an fhaisnéis sin a nochtadh le riail dlí.

Faisnéis Theicniúil á Bailiú agus á hÚsáid

Logáiltear sonraí teicniúla i dtaca le cuairteanna ar shuíomhanna ghréasáin na Roinne chun críocha staidrimh agus riaracháin eile. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an Roinn a úsáid chun cuairteoirí suímh gréasáin a aithint. Tá na sonraí a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:

  • Seoladh IP chliant gréasáin an chuairteora;
  • An t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net);
  • Seoladh an tsuímh gréasáin roimhe sin ónar shroich an cuairteoir sinn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh;
  • Sonraí conair chliceála a léiríonn trácht na gcuairteoirí ar fud an tsuímh gréasáin seo (mar shampla, leathanaigh gréasáin ar a bhfuarthas rochtain agus na doiciméid a íoslódáladh);
  • An cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann cuairteoir an tsuímh gréasáin.

Ní dhéanfaidh an Roinn aon iarracht ar chuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a chomhcheangal le haon duine aonair ach amháin i gcás aon úsáide míchuí nó mailíseach ar láithreán gréasáin na Roinne féin a imscrúdú. Is é beartas na Roinne gan aon fhaisnéis theicniúil i leith cuairteoirí aonair suímh gréasáin a chur ar fáil d’aon tríú páirtí, mura mbeidh sé de dhualgas faoin dlí an nochtadh sin a dhéanamh.

Cuacha a úsáid ar ár  suíomh gréasáin

Úsáideann suíomh gréasáin na Roinne SiteImprove chun cabhrú le hanailísiú conas a úsáideann úsáideoirí an suíomh. Úsáideann an uirlis anailíseach seo ‘cuacha’, is comhaid téacs curtha ar do ríomhaire, chun faisnéis chaighdeánach logála idirlín agus faisnéis iompair cuairteoirí a bhailiú i bhfoirm anaithnid. Tarchuirtear an fhaisnéise a ghineann an chuach, faoi d’úsáid den suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh), chun Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe, áit a stórálfar an fhaisnéis. Úsáidtear an fhaisnéis sin ansin chun d’úsáid den suíomh gréasáin a mheasúnú agus chun tuarascálacha staitistiúla a thiomsú ar ghníomhaíocht suímh gréasáin don Roinn.

Ní dhéanfaidh an Roinn (agus ní lamhálfaidh d’aon tríú páirtí) an uirlis anailíse staitistiúil a úsáid chun faisnéis ar bith atá aitheanta go pearsanta ar chuairteoirí ar ár suíomh a rianú ná a bhailiú. Ní chomhcheanglóimid aon sonraí a bhailítear ón suíomh seo le haon fhaisnéis a aithníonn go pearsanta ó aon fhoinse mar chuid dár n-úsáid d’uirlis anailíse staitistiúil Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le faisnéis ar bith eile atá i seilbh Google. Ní nascfaidh an Roinn ná Google, ná ní fhéachfaidh lena nascadh, seoladh IP  le céannacht úsáideora ríomhairí.

Úsáidfidh an Roinn cuach shimplí freisin chun a thaifeadadh go bhfuil cuairteoir tar éis a admháil  gur úsáideadh cuacha ar an suíomh seo. Is amhlaidh an cás chun fógraíocht aníos a chosc ar an gcuairteoir gach uair a thugann siad cuairt ar an suíomh ach ní bhaileofar ná ní stórálfar aon fhaisnéis eile faoin gcuairteoir.

Féadfaidh tú diúltú do chuacha trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí mar atá léirithe sna naisc thíos. Is féidir leis sin difear a dhéanamh do do thaithí brabhsála agus féadfaidh nach bhfeidhmeoidh roinnt seirbhísí ar an suíomh seo agus cinn eile i gceart, nó in aon chor. Agus tú ag úsáid an tsuímh gréasáin seo, toilíonn tú le Google faisnéis fút a phróiseáil ar an modh agus chun na gcríoch a leagtar amach thuas.

Google Chrome Browser
Microsoft Internet Explorer Browser
Mozilla Firefox Browser
Apple Safari Browser
Opera Web Browser