Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Céard é an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014?

Tháinig an tAcht nua um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 14 Deireadh Fómhair 2014.

Dearbhaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise cearta an phobail teacht chomh mór agus is féidir ar eolas oifigiúil i gcomhréir le leas an phobail agus le cearta príobháideachais an duine.

Bunaíodh leis an Acht na trí cheart reachtúla seo a leanas:

  • Ceart dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
  • Ceart dlíthiúil ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis féin nó léi féin a fháil leasaithe más rud é go bhfuil sé neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach; agus
  • Ceart dlíthiúil cúiseanna le cinntí a bhaineann leat féin a fháil amach.

Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá de cheart ag gach duine iarratas a dhéanamh chun eolas a rochtain nach bhfuil ar fáil go poiblí ar bhealach ar bith eile.  Tá de cheart agat an méid seo a leanas a iarraidh:

  • Rochtain ar thaifid atá i seilbh na Chartlainne Náisiúnta;
  • Ceartú eolas pearsanta atá i seilbh na Chartlainne Náisiúnta a bhaineann leat féin cibé áit a bhfuil sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach;
  • Rochtain ar chúiseanna le cinntí a rinne an Chartlann Náisiúnta agus a bhaineann leatsa go díreach.

Tagann na catagóirí taifead seo a leanas faoi raon na nAchtanna:

  • Gach taifead a bhaineann le heolas pearsanta atá i seilbh na Chartlainne Náisiúnta in ainneoin cén uair a cruthaíodh é;
  • Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreáin 1998, dáta thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise; agus
  • Gach taifead eile is gá chun taifead reatha a thuiscint.
Conas a oibríonn na hAchtanna?

Más mian leat rochtain a lorg ar fhaisnéis atá ann sa Chartlann Náisiúnta trí úsáid a bhaint as na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó le ríomhphost chuig ár máthair-roinn, is é sin, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
  • D’iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost.
  • An t-eolas atá á lorg faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a lua.
  • Bí chomh soiléir agus chomh sonrach is atá tú in ann a bheith agus tú ag déanamh iarratais agus cuir a mhéid eolais is féidir leat ar fáil chun cur ar chumas na Roinne na taifid atá uait a aimsiú.
  • Dá mba mhaith leat rochtain a fháil ar an eolas/na taifid atá uait i bhformáid ar leith, (e.g. fótachóipeanna, go leictreonach, etc.), luaigh é seo le do thoil agus tú ag cur isteach d’iarratas.
  • Cuir uimhir theileafóin lae nó seoladh ríomhphoist le d’iarratas, chomh maith le do sheoladh poist, chun cuidiú linn teagmháil a dhéanamh leat má thagann ceist ar bith chun cinn i ndáil le d’iarratas.
  • Is cóir iarratais a chur sa phost nó ar ríomhphost chuig Aonad SF na Roinne seo (sonraí teagmhála thíos).

Tabhair faoi deara gur cuireadh deireadh leis an táille €15 ar an iarratas tosaigh ar an 14 Deireadh Fómhair 2014, nuar a achtaíodh an Achta nua um Shaoráil Faisneise 2014.

Má bhíonn deacracht agat na taifid dhíreacha atá uait a shainaithint, beidh foireann na Roinne sásta cuidiú leat.

Tabharfaidh an Roinn admháil i scríbhinn nó ar ríomhphost duit as d’iarratas a bheith faighte.  Sa litir admhála tabharfar eolas duit ar ainm agus sonraí teagmhála an té a bheidh ag déanamh an chinnidh i dtaca le d’iarratas agus inseofar duit cén dáta a bhféadfaidh tú a bheith ag súil le cinneadh.

Céard iad na táillí atá le híoc ar m’iarratas?

D’fhéadfaí táillí a ghearradh as na taifid a iarrtar a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil.  Tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas seo:

  1. Teacht ar an tacar leathan taifead ina bhféadfaí na taifid atá iarrtha a aimsiú.
  2. Na taifid faoi leith a iarradh lena n-imscrúdú a aimsiú, a bhaint amach agus a chur le chéile.

Ní féidir táillí as an gcostas measta ar thaifid a chuardach agus a aisghabháil agus a chóipeáil a ghearradh ach amháin i leith taifead atá le scaoileadh.  €20 a ghearrtar as gach uair an chloig a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead agus gearrtar €0.04 as gach leathanach fótáchóipeáilte de na taifid a scaoiltear.

Bandaí chun táillí cuardaigh & aisghabhála (€20 in aghaidh na huaire) agus fótachóipeála (€0.04 in aghaidh an leathanaigh) a mheas :

Uaireanta Meastachán Gníomh
Faoi bhun 5 €100 nó níos lú Ní féidir táillí a ghearradh as cuardach & aisghabháil ná as cóipeáil
Idir 5 agus 25 €101 – €500 Tá táillí inghearrtha as cuardach & aisghabháil agus as cóipeáil
Idir 25 agus 35 €501 – €700 Ní féidir níos mó ná €500 a ghearradh as cuardach & aisghabháil ná as cóipeáil
Níos mó ná 35 Níos mó ná €700 Rachaidh an cinnteoir i dteagmháil leis an iarrthóir chun iarraidh air/uirthi an t-iarratas a bheachtú/a leasú lena chinntiú go gcoinneofar na táillí cuardaigh & aisghabhála agus cóipeála faoi €700. Má dhiúltaíonn an t-iarrthóir an t-iarratas a bheachtú/a leasú, is féidir an t-iarratas a dhiúltú faoi Alt 27 (12)(iii)

I gcásanna ina bhfuil táillí cuardaigh agus aisghabhála i gceist, tá sé de dhualgas orainn éarlais de 20% ar a laghad den chostas measta a ghearradh ar an iarrthóir.

Céard is féidir liom a dhéanamh má tá mé míshásta le cinneadh na roinne maidir le m’iarratas?

Leagtar amach sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do phríomhleasanna an Stáit nó tríú páirtithe dá scaoilfí é.  Sa chás ina mbaineann an Roinn seo leas as na forálacha seo chun taifid a choimeád siar, cuirfear é sin in iúl don iarrthóir.  Is féidir achomharc a dhéanamh maidir le gach cinneadh diúltú do scaoileadh taifead, a bheag nó a mhór.  Is féidir achomharc a dhéanamh freisin maidir le cinntí eile a bhaineann le rochtain ar thaifid a iarchur, táillí a ghearrfar, foirmeacha rochtana etc.

1.      Athbhreithniú Inmheánach

Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar chinneadh tosaigh na Roinne i ndáil le d’iarratas más rud é:

  • Go bhfuil tú míshásta leis an gcéad fhreagra a fuair tú;
  • Nach bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas tosaigh tar éis 4 sheachtaine.  Meastar gur diúltú é seo ar d’iarratas agus ligtear duit dul ar aghaidh agus athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Is oifigeach nach raibh baint aige/aici leis an gcéad phróiseas cinnteoireachta agus atá ag grád níos airde ná an chéad chinnteoir, a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach.  Ní mór don Roinn a hathbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre ó dháta faighte an iarratais ar athbhreithniú inmheánach.

Le d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach, ní mór duit ríomhphost a sheoladh chuig an Aonad SF ag [email protected] nó litir a scríobh chuig an Aonad SF, an An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ag déanamh tagairt do d’iarratas SF. Ní mór duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 20 lá oibre ón dáta a eiseofar an litir faoin gcinneadh chugat (ach d’fhéadfaí a cheadú go ndéanfaí achomharc déanach in imthosca cuí). Éilítear táille iarratais €30 (€10 má tá cárta leighis agat) sula bhféadfar tús a chur le hathbhreithniú inmheánach a phróiseáil.  Is féidir an táille sin a íoc trí ríomhaistriú airgid (RAA) agus beidh ár sonraí bainc ar fáil ar gach litir a chuirfear amach i ndáil le cinneadh.

D’fhéadfadh athbhreithniú inmheánach an cinneadh bunaidh i ndáil le hiarratas a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní.  Ní mór an próiseas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith curtha i gcrích sula bhféadfaí achomharc a chur chuig an gCoimisinéir Faisnéise

2.      Athbhreithniú a dhéanann an Coimisinéir Faisnéise

Má tá tú fós míshásta tar éis chur i gcrích an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú freisin athbhreithniú neamhspleách a lorg ar chinneadh na Roinne ón gCoimisinéir Faisnéise.  Anuas air sin, mura bhfuil freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach faighte agat ón Roinn laistigh de 3 sheachtaine, measfar gur diúltú é sin agus is féidir leat achomharc a dhéanamh maidir leis an gceist leis an gCoimisinéir.Is cóir achomhairc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise (sonraí thíos). Is ionann an táille a ghearrtar as achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise agus €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Íosghlao:            1890 223 030

Ríomhphost:                     [email protected]

Teil:                       01 639 5689

Facs:                     01 639 5674

Sonraí um Shaoráil Faisnéise ar a Fuarthas

Tá taifead de gach iarratas atá faighte ag an Roinn seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó bhí an 1 Eanáir 2011 ann le fáil ag an nasc thíos.

Taifead d’Iarratais FOI

Tá an t-eolas seo a leanas i dtaca le gach iarratas a fuarthas tugtha sna taifid:

  1. An Uimhir thagartha a shann an Roinn don iarratas;
  2. An dáta a fuarthas an t-iarratas in Aonad um Shaoráil Faisnéise na Roinne;
  3. An cineál duine a rinne an t-iarratas, e.g. ar iriseoir, grúpa sainleasa, cuideachta nó duine aonair atá i gceist. Áiríonn sé seo iarratais neamhphearsanta FOI amháin;
  4. Achoimre ar an eolas nó na taifid atá iarrtha;
  5. An dáta ar cuireadh cinneadh na Roinne amach chuig an iarratasóir;
  6. Achoimre ar an gcinneadh sin, e.g. ar bronnadh an t-iarratas ina iomláine, ar bronnadh cuid de, ar diúltaíodh é, ar tarraingíodh siar é nó ar déileáladh leis lasmuigh de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Déanfar nuashonrú ar an tábla go rialta.   Má tá aon cheist agat faoi aon cheann de na hiarratais seo nó faoi fheidhmiú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn seo go ginearálta, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise (sonraí thíos) agus beimid breá sásta cuidiú leat.

Seoladh:            An tAonad um Shaoráil Faisnéise

An Rannán Rialachais Corparáideach

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:      [email protected]

Teil:                   01 631 3829/631 3831

 

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Dá mba mhian leat iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig an Roinn seo nó má tá ceist agat maidir le feidhmiú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn seo go ginearálta, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an Aonad SF (sonraí thíos) agus beimid breá sásta cuidiú leat.

Seoladh:             An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

An tAonad um Shaoráil Faisnéise/An Rannán Rialachais Corparáideach

Seomra 303, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:        [email protected]

Teil:                       01 631 3830/631 3829

Tá tuilleadh eolais i ndáil leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise le fáil ar an suíomh gréasáin, www.foi.gov.ie, atá faoi chúram an Lár-Aonaid Polasaí sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.