Eolas fúinn

Seirbhísí Corparáideacha

Cuimsíonn an Rannán Seirbhísí Corparáideacha roinnt rannóg, lena n-áirítear oifig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus Seirbhísí Airgeadais.

An Stiúrthóir

Tá freagracht ar Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta i ndáil le bainistiú fhoireann agus bhuiséad na Cartlainne Náisiúnta. Tá freagrachtaí reachtúla air freisin faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986, ar téarmaí iad a bhaineann le taifid a aistriú agus le taifid a scaoileadh don phobal agus le taifid nach gá iad a chaomhnú go buan mar ábhair chartlainne a dhiúscairt. Tá an Stiúrthóir ina bhall de bhord Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus déanann sé ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag imeachta Eorpacha agus ag imeachtaí idirnáisiúnta.

John McDonough, Stiúrthóir

Teagmháil: [email protected]

Seirbhísí Corparáideacha

Tá freagracht ar Sheirbhísí Corparáideacha i ndáil leis na feidhmeanna riaracháin a ghabhann le stiúradh na Cartlainne Náisiúnta, lena n-áirítear bainistiú na mbuiséad airgeadais, conarthaí agus tairiscintí a eisiúint, cothabháil fhoirgnimh na Cartlainne Náisiúnta a áirithiú agus idirchaidreamh a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Ceann an Rannáin: David Noonan, Príomhoifigeach Cúnta

Ceann na Rannóige: Noreen Meleady, Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Teagmháil: [email protected]

 

Seirbhísí TFC

Tá freagracht ar Sheirbhísí TFC i ndáil le cothabháil an ghréasáin Teicneolaíochta Faisnéise (TF) sa Chartlann Náisiúnta agus i ndáil le bainistiú a dhéanamh ar sholáthróirí seirbhísí TF a bhfuil conradh déanta leo.

Ceann an Rannáin: David Noonan, Príomhoifigeach Cúnta

Ceann na Rannóige: Ann Byrne, Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Teagmháil: [email protected]

 

Seirbhísí Airgeadais

Tá freagracht ar Sheirbhísí Airgeadais i ndáil le bainistiú a dhéanamh ar íocaíochtaí agus i ndáil le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an aonad airgeadais sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ceann an Rannáin: David Noonan, Príomhoifigeach Cúnta

Ceann na Rannóige: Siobhán Kearney, Oifigeach Feidhmiúcháin

Teagmháil: [email protected]