Freagrachtaí faoi reachtaíocht

Is iad an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus Na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, na príomhreachtanna is infheidhme maidir le taifid Ranna Stáit, lena n-áirítear diúscairt nó coimeád na dtaifead sin mar ábhair chartlainne.

Taifid a aistriú (oiliúint)

Is é atá i gcomhlacht aistrithe ná an Roinn Stáit atá sainmhínithe in alt 2(2b) den Acht um Chartlann Náisiúnta mar aon roinn rialtais, aon oifig chúirte nó aon chomhlachtaí atá luaite sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 atá oibleagáid dhlíthiúil ar na comhlachtaí sin taifid atá níos sine ná 30 bliain a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta chun rochtain phoiblí agus caomhnú buan mar ábhair chartlainne a éascú.

Dualgais Oifigigh Deimhniúcháin

Is é atá in Oifigeach Deimhniúcháin ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(1) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Rialachán fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, sa Roinn Stáit lena mbaineann sé nó sí.

Dualgais Oifigigh Toilithe

Is é atá in Oifigeach Toilithe ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(3) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988 a cheadú nó i ndáil le diúltú d’iarratais ó Oifigigh Dheimhniúcháin i Ranna Stáit agus i gcomhlachtaí poiblí maidir le coinneáil siar taifead.

Dualgais Oifigigh Foréilimh

Is é atá in Oifigeach Foréilimh ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(2) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm alt 8(9) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 sa Roinn Stáit lena mbaineann sé nó sí.

Taifid roinne a dhiúscairt

Faoi alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, toirmisctear taifid a mhilleadh mura rud é go ndéanann Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta cead a thabhairt ar dtús agus go n-eisítear Deimhniú i leith Diúscairt Taifead Roinne.

Aisghairm taifid roinne

Le halt 8(9) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus le Rialachán 11 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, ceadaítear taifid atá aistrithe chuig an gCartlann Náisiúnta cheana féin a athghlaoch i gcás ina bhfuil gá leis an taifead ar chúiseanna oibríochtúla.

Taifid roinne a choimeád

Le halt 8(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceadaítear taifid atá i ngnáthúsáid i Roinn Stáit a choimeád.

Taifid roinne a choinneáil siar

Le halt 8(4) den An tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceadaítear taifid a choinneáil siar ón bpobal más rud é, i gcás atá sonraithe

Treoirlínte maidir le bainistíocht taifead

Treoracha maidir le taifid a choimeád & a dhiúscairt, lena n-áirítear faisnéis faoi chomhlíonadh an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986 agus faoi chomhlíonadh reachtanna eile.

Ceisteanna a chuirtear go minic

Freagraí ar cheisteanna a chuirtear go minic.