Taifid dhlíthiúla

Ceisteanna a chuirtear go minic

Bíonn an cineál faisnéise ag brath ar an gcás atá i gceist ach cuimsíonn an fhaisnéis is bunúsaí a bhíonn ag teastáil an dáta ar éisteadh an cás agus an chúirt inar éisteadh an cás. Tosaíonn roinnt cásanna sna cúirteanna ísle agus téann siad tríd an gcóras ar achomharc nó tar éis iad a aistriú, ach is ag leibhéal na Cúirte Cuarda a thosaíonn cásanna de chineál níos tromchúisí amhail cásanna tromchúiseacha coiriúla nó agraí sibhialta.

Ní chuirtear eagar ar thaifid chúirte de réir ainm daoine ar leith. Cuirtear eagar orthu de réir leibhéal na cúirte i.e. an Chúirt Dúiche/an Chúirt Chuarda/an Ard-Chúirt/an Chúirt Uachtarach etc. agus de réir an dáta ar shuigh an chúirt. Is fiú a bheith ar an eolas freisin faoi athruithe a rinneadh ar chóras na gcúirteanna tar éis bhunú Shaorstát Éireann sa bhliain 1922. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Treoir maidir le Taifid Chúirte a Choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil.

De ghnáth, suíonn na Cúirteanna ar feadh ceithre théarma sa bhliain. Tugtar Suíonna na Féile Bríde (Geimhreadh), na Cásca (Earrach), na Tríonóide (Samhradh) agus na Féile Michíl (Fómhar) ar na téarmaí sin. De réir Ordú 118 de Rialacha na nUaschúirteanna, comhfhreagraíonn na téarmaí sin do na dátaí seo a leanas:

  • Tosaíonn téarma na Féile Bríde ar an 11 Eanáir aon bhliain áirithe agus críochnaíonn sé ar Aoine na seachtaine roimh shaoire na Cásca.
  • Tosaíonn téarma na Cásca ar Luan na seachtaine i ndiaidh shaoire na Cásca agus críochnaíonn sé ar an Déardaoin roimh Dhomhnach Cincíse.
  • Tosaíonn téarma na Tríonóide ar Chéadaoin na seachtaine i ndiaidh Dhomhnach Cincíse agus críochnaíonn sé ar an 31 Iúil aon bhliain áirithe.
  • Tosaíonn téarma na Féile Michíl ar an gCéad Luan i nDeireadh Fómhair agus críochnaíonn sé ar an 21 Nollaig aon bhliain áirithe

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shuíonna na gcúirteanna, féach láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna, le do thoil.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid na gcúirteanna go léir, seachas an Chúirt Choiriúil Speisialta. Chun teacht ar mhionsonraí faoi bhlianta agus faoi chineálacha na dtaifead atá ann, féach Treoir maidir le Taifid Chúirte a Choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, le do thoil.

Is féidir. Is taifid phoiblí iad na taifid chúirte a choimeádann an Chartlann Náisiúnta agus is féidir le daoine den phobal a bhfuil Ticéad Léitheora bailí acu rochtain a fháil orthu. Eisceacht ina leith sin is ea cásanna dlí teaghlaigh ar taifid iad a choimeádtar faoi rún.

Ní bhíonn cásanna dlí teaghlaigh atá á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta ar oscailt don phobal agus ní féidir rochtain a fháil orthu ach amháin le cead ón gCláraitheoir Contae iomchuí nó trí Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi rochtain ar thaifid chúirte féach Taighde a dhéanamh ar Thaifid Dhlíthiúla, le do thoil.

Tá freagracht ar an gCartlann Náisiúnta i ndáil le caomhnú fadtéarma taifead stáit, lena n-áirítear taifid chúirte. Is ionann uachtanna agus taifid a chruthaíonn an Oifig Phrobháide, ar cuid den Ard-Chúirt í, agus, dá bhrí sin, tagann ábhar tiomnach faoi réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta uachtanna atá 20 bliain d’aois ar a laghad. Is í an bhliain 1991 an bhliain is déanaí ar ina leith a choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid den sórt seo. Maidir le haon ní is déanaí ná sin, is ceart fiosruithe a dhíriú chuig an Oifig Phrobháide. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Treoir maidir le hUachtanna agus Taifid Thiomnacha, le do thoil.

Is é atá i gceist le gnáthchóip ná cóip atá ag teastáil ar mhaithe le faisnéis amháin agus níl aon seasamh dhlíthiúil aici. Gabhann litir agus séala fíordheimhniúcháin atá eisithe ag an gCartlann Náisiúnta le cóip dheimhnithe. Tá seasamh dlíthiúil ag cóipeanna deimhnithe agus is féidir iad a úsáid ar mhaithe le cúrsaí dlí.

Maidir le taifid chúirte nach gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta, is gá teagmháil a dhéanamh leis an gcláraitheoir iomchuí den chúirt agus den dúiche atá i gceist. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Féach Tabhair Cuairt Orainn, le do thoil, chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta.