Ginealas

Taifid de chuid Ard-Chláraitheoir na Loingseoireachta agus na Mairnéalach, 1863-1921

Cuimsíonn taifid Ard-Chláraitheoir na Loingseoireachta agus na Mairnéalach criú-liostaí agus comhaontuithe le mairnéalaigh maidir le rátaí pá, coinníollacha seirbhíse agus faisnéis ghaolmhar faoi longa a bhí cláraithe i bPoblacht na hÉireann, mar a thugtar uirthi anois, idir na blianta 1863 agus 1921.

Bord Trádála na Breataine a thaisc na taifid sin sa Chartlann Náisiúnta sna blianta 1971 agus 1978.

Tá cuid mhór faisnéise úsáidí ann sna taifid loingseoireachta agus, chomh maith le baint a bheith acu stair theaghlaigh agus stair áitiúil, baineann siad le stair mhuirí, shóisialta agus eacnamaíochta.

Cuimsíonn na taifid mionsonraí faoi na hábhair seo a leanas:

  • Criúnna: Ainm, aois nó bliain bhreithe, baile nó ceantar breithe, an long ar fónadh uirthi go deireanach, an calafort ar bhain an long sin leis, dáta agus áit urscaoilte ón long roimhe sin, dáta agus áit ar fostaíodh mar dhuine de chriú na loinge láithrí é, an cháil a bhí aige sa chriú, agus, má scoireadh de sheirbhís, cúis, dáta agus áit.
  • Longa: Ainm, uimhir chláraithe, calafort clárúcháin, dáta clárúcháin, ainm agus seoladh an úinéara, dátaí agus áiteanna teachta agus imeachta.
  • Logleabhair: Dáta an imeachta taifeadta, suíomh an teagmhais de réir domhanfhaid agus domhanleithid, méid na fíneála nó an fhorghéillte a gearradh.
  • Pá: Méid an phá in aghaidh na míosa féilire, na sciar nó an turais.
  • Soláthairtí: An scála soláthairtí a bhí le tabhairt don chriú gach lá, mar aon le meáchain in aghaidh an lae maidir le harán, plúr, caife, im, uisce, mairteoil, piseanna, siúcra, tae, pórtfhíon.
  • Printísigh: Ainm, aois, an dáta a bhfuarthas dintiúr, dáta sannta, calafort sannta.
  • Breitheanna: Dáta, ainm, gnéas, ainmneacha na dtuismitheoirí, ainm na máthar roimh phósadh, slí bheatha an athar, náisiúntacht agus áit chónaithe is déanaí a bhí ag na tuismitheoirí.
  • Básanna: Daoine den chriú: ainm, uimhir thagartha an chomhaontaithe, glanphá a íocadh. Paisinéirí: dáta báis, ainm, aois, gnéas, slí bheatha, ainmneacha na dtuismitheoirí, cúis an bháis.

Tá na taifid inchuardaithe ar ár láithreán gréasáin ginealais de réir ainm, ainm an tsoithigh, an chalafoirt imeachta, dáta an imeachta, aoise, baile/contae tionscnaimh, bliain bhreithe, bliain bháis agus áit bháis.

Card image cap

19.03.01

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid
Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868
Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna
Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil