Ginealas

else

genealogy

A

Rochtain ar théarmaíocht agus ar ghiorrúcháin chartlainne

Baineann cartlannaithe úsáid as téarmaí speisialtóireachta le haghaidh a gcuid oibre. Sa ghluais seo, gheofar sainmhínithe a fuarthas ó Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann (International Council on Archives) Multilingual Archival Terminology database agus ó Threoirlínte na hÉireann maidir le Tuairiscí Chartlainne (Cumann na gCartlannaithe, Éire, 2009). Chun críocha an doiciméid seo, roghnaíodh sainmhínithe a thugann léiriú ar an tuiscint ar théarmaí cartlainne i gcomhthéacs na hÉireann.

Rochtain

An cumas chun úsáid a bhaint as ábhar ó chnuasach aon fhoinse nó ó bhailiúchán, faoi réir rialacha agus coinníollacha.

Sealbhúchán

Grúpa taifead atá curtha chuig an gCartlann Náisiúnta lena gcaomhnú go buan agus le go mbeidh rochtain orthu.

Fabhrúchán

Dara sealbhúchán nó sealbhúchán iardain a chuirtear ag gabháil le bailiúchán atá ann cheana féin. Mar shampla, glacann an Chartlann Náisiúnta le fabhrúcháin gach bliain ó Roinn an Taoisigh ós rud é go leanann an roinn sin de thaifid a chruthú i gcúrsa a cuid oibre.

Cruinneas

A mhéad atá sonraí, faisnéis, doiciméid nó taifid beacht, ceart, dílis, saor ó earráid nó ó shaobhadh, nó bainteach le hábhar.

Éadáil

An próiseas a bhaineann le hábhair stairiúla a shainaithint agus a fháil, ar mhodh tabhartais nó ceannacháin, ó fhoinsí seachtracha, lena n-áirítear ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus na cúirteanna agus, chomh maith leis sin, tabhartais phríobháideacha.

Comhthéacs riaracháin

Struchtúr, feidhmeanna agus nósanna imeachta na timpeallachta eagrúcháin inar cruthaíodh na taifid.

Luach riaracháin

Úsáideacht taifead nó ábhar cartlainne i ndáil le gnó riaracháin reatha a sheoladh agus/nó gnó riaracháin a sheoladh amach anseo.

Gníomhaireacht

Brainse den Stát amhail roinn rialtais nó oifig chúirte a chruthaíonn taifid. Déantar réimír shonrach agus cód sainaitheantais a shannadh do gach gníomhaireacht óna bhfaightear taifid. Féach Roinn Stáit.

Nóta

Nóta a chuirtear le taifead bunaidh nó a chuirtear i gceangal le taifead bunaidh.

Ábhar cartlainne

Taifead lena ngabhann luach marthanach nó luach ó thaobh cúrsaí dlí de, ar taifead é a sholáthraíonn fianaise ar ghníomhaíochtaí duine nó institiúide.

Cartlann

Gníomhaireacht nó institiúid ar a bhfuil freagracht i ndáil le taifid lena ngabhann luach marthanach agus ar gá iad a chaomhnú go buan mar ábhair chartlainne a chaomhnú agus i ndáil le rochtain a chur ar fáil ar na taifid sin.

Tuairisc chartlainne

An próiseas a bhaineann le taifead nó bailiúchán taifead a anailísiú agus a eagrú agus le mionsonraí faoi na gnéithe foirmiúla díobh a thaifeadadh, is é sin, gnéithe amhail cruthaitheoir, teideal, dátaí, méid agus inneachar, d’fhonn sainaithint agus bainistiú an tsaothair a éascú agus d’fhonn tuiscint ar an saothar a éascú.

Taisclann ábhar cartlainne

Áit ina dtaisctear taifid chartlainne.

Cartlannaí

Duine ar a bhfuil freagracht i ndáil le taifid lena ngabhann luach marthanach a mheas, a fháil, a chur in eagar, a thuairisciú agus a chaomhnú, agus i ndáil le rochtain a thabhairt orthu, de réir na bprionsabal a bhaineann le foinse, le hord bunaidh agus le rialú ar bhailiúchán iomlán d’fhonn barántúlacht agus comhthéacs na n-ábhar a chosaint.

Barántúlacht

Cáilíocht taifid a léiríonn gurb ionann an taifead agus an méid a airbheartaítear ina leith agus go bhfuil sé saor ó chrioscaíl nó ó éilliú.

Cóip bharántúil

Leagan atáirgthe atá deimhnithe go hoifigiúil, go háirithe ionas go bhféadfar é a ghlacadh i bhfianaise.

Féach Cóip dheimhnithe.

Taifead barántúil

Taifead ar léir ina leith gurb ionann é agus an méid a airbheartaítear ina leith agus go bhfuil sé saor ó chrioscaíl nó ó éilliú.

Nóta beathaisnéise

Cuid de thaifead catalóige nó d’áis aimsithe a chuireann na hábhair i gcomhthéacs trí bhunfhaisnéis a sholáthar faoi chruthaitheoir nó údar na n-ábhar.

Digitghinte

Taifead bunaidh a cruthaíodh i bhformáid dhigiteach. Taifead páipéir a scanadh chuig córas leictreonach ach nach taifead digitghinte é.

Féach Scanadh cúlghabhálach.

Cóip dheimhnithe

Is é atá i gceist le cóipeanna deimhnithe ná cóipeanna oifigiúla lena ngabhann litir mar aon le séala barántúlachta na Cartlainne Náisiúnta i gcomhair taifid a bhfuil gá leo chun críocha dlí.

Dáta croineolaíoch

An dáta (agus an t-am den lá, b’fhéidir) a bhaineann le cruthú taifid, ar faisnéis í ar chuir údar an taifid, nó an córas leictreonach, thar ceann an údar,  isteach í le linn an taifead a thiomsú.

Aicmiú

Sainaithint chórasach agus eagrú córasach gníomhaíochtaí gnó agus/nó taifead ina gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go loighiciúil i gcóras aicmiúcháin chun cabhrú le húsáid ghnó, le rochtain leantach agus le coimeád cuí agus diúscairt chuí.

Scéim aicmiúcháin

Plean i leith sainaithint chórasach agus eagrú córasach gníomhaíochtaí agus taifead gnó ina gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go loighiciúil.

Córas aicmiúcháin

Córas ar dá réir a dhéantar ábhar a chomhdú faoi mhórtheideal agus faoi fho-cheannteidil a ghabhann leis an mórtheideal.

Comhad dúnta

Comhad ina bhfuil taifid a gineadh trí phróiseas atá tugtha chun críche agus nach dóigh go gcuirfear aon fhaisnéis bhreise leis; scoith-chomhad.

Comhad atá srianta agus nach bhfuil rochtain oscailte ann ina leith do thaighdeoirí sa seomra léitheoireachta.

Bailiúchán

Grúpa saorga doiciméad atá carntha le chéile ar bhonn saintréith chomhchoiteann éigin beag beann ar fhoinse na ndoiciméad sin. Ní ceart an téarma seo a mheascadh le cnuasach cartlainne aon fhoinse.

Caomhnú

Ábhair chartlainne a dheisiú nó a chobhsú chun a chinntiú go maireann siad ina bhfoirm bhunaidh ar feadh tréimhse chomh fada agus is féidir.

An ghairm atá tiomnaithe i leith maoin chultúir a chaomhnú don todhchaí trí scrúdú, trí dhoiciméadú, trí chóireáil agus trí chúram coisctheach, ar nithe iad sin a dhéantar le tacaíocht ó thaighde agus ó oideachas.

Comhthéacs

An creat ina ndéantar taifead a chruthú, a úsáid agus a chothabháil.

Cóip

Dúblach iomlán nó dúblach páirteach doiciméid bunaidh.

Cóipcheart

Ceart maoine lena gcosnaítear leasanna údar nó cruthaitheoirí eile saothar i meáin inláimhsithe (nó ceart maoine an duine aonair nó na heagraíochta dár sannadh cóipcheart) tríd an gcumas a thabhairt dó/di rialú a dhéanamh ar atáirgeadh, ar fhoilsiú, ar oiriúnú, ar chur ar taispeáint nó ar thaibhiú a s(h)aothair.

Na dátaí lena mbaineann

Dátaí na n-ítimí is sine agus is déanaí i mbailiúchán, i sraith nó i gcomhad.

Cruthaitheoir

An Roinn Stáit, an ghníomhaireacht, an comhlacht corparáideach nó an duine aonair ar a bhfuil freagracht i ndáil le cruthú, carnadh nó cothabháil taifead.

Coimeád

An fhreagracht i ndáil le cúram doiciméad ar bhonn shealbhú fisiciúil na ndoiciméad sin. Ní í gcónaí a áiríonn coimeád úinéireacht dhlíthiúil ná an ceart chun rochtain ar thaifid a rialú.

Sonraí

Fíorais, smaointe nó píosaí scoite faisnéise, go háirithe nuair atá an t-ábhar sin san fhoirm a bailíodh ar dtús gan anailísiú.

Bunachar sonraí

Tiomsú struchtúrtha sonraí a bhfuil gaolmhaireacht loighiciúil ann ina leith agus é ceaptha chun bheith oiriúnach d’fheidhmchláir éagsúla ach bainistíocht neamhspleách á déanamh orthu.

Sláine sonraí

Gan sonraí a bheith modhnaithe d’aon ghnó nó de thaisme gan údarú cuí.

Taifead Roinne

Tá míniú ar thaifead Roinne le fáil in alt 2(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus folaíonn sé leabhair, léarscáileanna, pleananna, líníochtaí, páipéir, comhaid, grianghraif, scannáin, micreascannáin agus taifid mhicreagrafacha eile, taifeadtaí fuaime, taifid phictiúrtha, téipeanna maighnéadacha, dioscaí maighnéadacha, dioscaí optúla nó fís-dioscaí, taifid eile inléite ar innill, ábhar doiciméadach nó ábhar próiseáilte eile, ar nithe iad a dhéanann nó a fhaigheann Roinn Stáit agus a choimeádann an Roinn Stáit sin i gcúrsa a gnó.

Roinn Stáit

Is é atá sa mhíniú ar Roinn Stáit in alt 1(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 ná gach roinn rialtais, gach oifig chúirte, na comhlachtaí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht agus ‘aon chomhlacht ar coiste, coimisiún nó binse fiosrúcháin é a cheapfaidh an Rialtas, comhalta den Rialtas nó an tArd-Aighne ó am go ham’.

Taisceadh

Doiciméid a chur faoi choimeád cartlainne gan an teideal dlíthiúil a aistriú.

Cur Síos

Féach Cur síos cartlainne.

Taifead digiteach

Taifead i bhfoirm leictreonach.

Dioplómaitic

An disciplín trína ndéantar staidéar ar bhunús, ar fhoirmeacha agus ar tharchur doiciméad cartlainne, agus ar an mbaint atá acu leis na fíorais atá á léiriú iontu agus lena gcruthaitheor, d’fhonn a bhfíor-chineál a chur in iúl.

Plean i leith tubaiste

Beartais, nósanna imeachta agus faisnéis trína gcinntear na gníomhaíochtaí cuí chun téarnamh a dhéanamh ón tionchar a imríonn cur isteach gan choinne ar oibríochtaí, cibé acu tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, agus chun an tionchar sin a mhaolú.

Doiciméad

Faisnéis taifeadta beag beann ar an meán nó ar shaintréithe.

Ábhar gearrshaolach

Ábhair ar ábhair chlóite iad de ghnáth agus iad cruthaithe le haghaidh cuspóir teoranta ar leith agus, i gcoitinne, tá siad ceaptha lena gcur de láimh tar éis iad a úsáid.

Comhad

Aonad eagraithe taifead a ghrúpáiltear agus a bhainistítear mar réad scoite ós rud é go ndéileálann siad leis an ngníomhaíocht chéanna nó leis an idirbheart céanna. Is féidir le comhad a bheith fisiciúil nó leictreonach. Mar shampla, comhad pearsanra nó iarratas ar dheontas ina bhfuil foirm iarratais agus doiciméid tacaíochta.

Áis aimsithe

Tuairisc ar thaifid lena ndéantar rialú fisiciúil agus rialú intleachtúil ar na taifid a thabhairt don taisclann agus lena gcabhraítear d’úsáideoirí rochtain agus tuiscint a fháil ar na taifid.

Cnuasach aon fhoinse

Corpas iomlán taifead de chuid eagraíochta, teaghlaigh nó duine aonair, ar taifid iad a cruthaíodh agus a carnadh mar thoradh ar phróiseas orgánach a léiríonn feidhmeanna an chruthaitheora.

Treoir

Tuairisc leathan ar na sealúchais atá ag cartlann amháin nó níos mó, ar tuairisc í a bhaineann le leibhéal bailiúcháin de ghnáth.

Hipirthéacs

Modh ina gcuirtear faisnéis dhigiteach i láthair agus ina gcumasaítear comhaid ghaolmhara agus eilimintí sonraí a idirnascadh, seachas breathnú orthu i seicheamh líneach; de ghnáth, bíonn sé idirdhealaithe ón ngnáth-théacs i ndoiciméad trí dhath eile a úsáid, trí fholíniú a dhéanamh ní tríd an dá ní sin a dhéanamh.

Íomháú

An próiseas a bhaineann le doiciméid a chóipeáil trína n-íomhá a atáirgeadh trí fhótagrafaíocht, trí mhicreagrafaic nó trí scanadh.

Faisnéis

Sonraí taifeadta.

Luach ó thaobh faisnéise de

Úsáideacht nó suntasacht taifead ar bhonn a n-inneachair, gan spleáchas ar aon luach intreach nó aon luach ó thaobh fianaise de.

Rialú intleachtúil

An rialú a bhunaítear ar ábhar cartlainne trí fhaisnéis a sholáthar in áiseanna aimsithe maidir le foinse, cur in eagar, comhdhéanamh, scóip, inneachar ó thaobh faisnéise de agus gaolmhaireachtaí inmheánacha agus seachtracha an ábhair lena mbaineann.

Cearta maoine intleachtúla

Idé, rún, marc nó léiriú lena ngabhann cearta maoine a chruthaítear trí iarrachtaí intleachtúla agus/nó fionnachtana cruthaitheora agus ar cearta iad atá inchosanta de ghnáth faoin dlí a bhaineann le paitinní, trádmhairc nó cóipcheart nó faoi dhlíthe eile.

Ítim

An t-aonad cartlainne doroinnte is lú ó thaobh cúrsaí intleachtúla de e.g. litir, meabhrán, tuarascáil, grianghraf, taifeadadh fuaime.

Tuairisc ar leibhéal ítime

An t-aonad cartlainne doroinnte is lú ó thaobh cúrsaí intleachtúla de (e.g. litir, meabhrán, tuarascáil nó grianghraf). Tagann méadú ar ítimí chun aicmí nó sraitheanna a fhoirmiú.

Idir-inoibritheacht

An cumas atá ag córais éagsúla leas a bhaint as faisnéis, agus faisnéis a mhalartú, trí fhormáid chomhroinnte. Éascaíonn caighdeáin idir-inoibritheacht.

Coimeád dlíthiúil

An fhreagracht i ndáil le cúram doiciméad ar bhonn shealbhú fisiciúil na ndoiciméad sin. Ní í gcónaí a áiríonn coimeád úinéireacht dhlíthiúil ná an ceart chun rochtain ar thaifid a rialú.

Luach dlíthiúil

Úsáideacht taifid maidir le reachtanna agus rialacháin a chomhlíonadh, mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla, mar chruthúnas dlíthiúil ar idirbhearta gnó nó chun cearta agus leasanna duine aonair nó eagraíochta a chosaint.

Leibhéil ó thaobh cur in eagar de

Na deighiltí ordlathais, intleachtúla agus fisiciúla a úsáidtear i mbainistíocht ábhar cartlainne, lena n-áirítear taisclanna, grúpaí taifead, cnuasaigh aon fhoinse, bailiúcháin, foghrúpaí, sraitheanna, foshraitheanna, comhaid agus ítimí.

Leibhéil tuairisce

Leibhéal ó thaobh chur in eagar an aonaid atá á thuairisciú e.g. cnuasach aon fhoinse, sraith, bailiúchán, comhad, ítim.

Lámhscríbhinn

Doiciméad lámhscríofa nó clóscríofa. Tugtar ‘clóscríbhinn’ mar ainm níos beaichte ar dhoiciméad clóscríofa; doiciméid de chineál lámhscríbhinne is ea iad doiciméid lena ngabhann luach nó suntasacht staire nó litríochta.

Meán

An t-ábhar, an coimeádán agus/nó an t-iomprán fisiciúil a ndéantar faisnéis a thaifeadadh ann nó air (i.e. táibléad cré, paipír, páipéar, pár, scannán, téip maighnéadach).

Micrifhís

Leathán trédhearcach solúbtha scannáin ar a bhfuil roinnt micri-íomhánna atá curtha in eagar ina rónna cothrománacha agus ina gcolúin ingearacha, agus ceanntásc ag gabháil leo.

Micreascannán

Próisis fhótagrafacha a úsáid chun íomhánna an-bheag d’ábhar bunaidh a tháirgeadh ar bhun scannáin. Déantar micreascannú caomhantais chun íoslaghdú a dhéanamh ar láimhseáil agus ar úsáid taifead leochaileach agus chun caomhnú agus úsáid na dtaifead sin a fheabhsú.

Comhad oscailte

Comhad a bhfuil doiciméid á gcur leis i gcónaí.

Leagan bunaidh

An chéad leagan iomlán, éifeachtach de thaifead atá ainmnithe mar an taifead oifigiúil.

Páipéir

Téarma ginearálta a úsáidtear chun níos mó ná cineál amháin ábhair lámhscríbhinne a ainmniú.

Bailiúchán doiciméad pearsanta nó teaghlaigh; páipéir phearsanta.

Luach buan

Na luachanna riaracháin, fioscacha, dlíthiúla, fianaise agus/nó faisnéise ar dá réir a thugtar údar do chaomhnú buan nó éiginnte na dtaifead mar ábhair chartlainne.

Páipéir phearsanta

Doiciméid a chruthaigh nó a fuair duine aonair, nó a bhfuair duine aonair seilbh orthu, i gcúrsa a ghnóthaí/gnóthaí agus atá caomhnaithe ina n-ord bunaidh (más ann d’ord den sórt sin).

Cóip phléineáilte

Dúblach de dhoiciméad bunaidh a úsáidtear chun críocha faisnéise amháin. D’fhéadfadh sé nach ngabhann aon seasamh dlíthiúil le cóip phléineáilte. Féach Cóip dheimhnithe.

Caomhantas

Próisis agus oibríochtaí a íoslaghdaíonn meath ceimiceach agus meath fisiceach thar am agus a choisceann cailleadh faisnéise. Áiríonn sé sin stóráil, cosaint agus cothabháil taifead ar mhodh optamach agus d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist ná athfhormáidiú más gá sin. Féach Caomhnú.

Caomhnú trí mhicreascannánú

Micreascannán a dhéantar trí úsáid a bhaint as ábhair agus as teicníochtaí trína gcinntítear rochtain leantach ar ábhair atá i ndrochriocht nó trína gcosnaítear na leaganacha bunaidh ar láimhseáil arís agus arís eile.

Toimhde maidir le barántúlacht

Tátal maidir le taifead a bheith barántúil, ar tátal é a dhéantar ar bhonn fíorais atá ar eolas faoin modh inar cruthaíodh agus inar cothabháladh an taifead lena mbaineann.

Luach príomhúil

An luach atá ag taifid/ábhair chartlainne, de bhua a n-inneachair, i ndáil le seoladh leantach an ghnó ba chúis lena gcruthú.

Ábhair chartlainne phríobháideacha

Taifid nó ábhair chartlainne de thionscnamh neamhrialtasach atá taiscthe sa Chartlann Náisiúnta nó ar cheannaigh an Chartlann Náisiúnta iad.

Cúrsaí dílseánachta

Baineann sé seo le teicneolaíocht crua-earraí, le feidhmchláir bhogearraí agus/nó le formáidí comhaid, agus baineann sé le staid ina bhfuil úinéireacht phríobháideach agus rialú príobháideach i gceist.

Tionscnamh

Faisnéis maidir le tionscnamh, coimeád agus úinéireacht taifid (taifead).

Taifead poiblí (Taifid phoiblí)

Féach Taifead Roinne.

Oifig na dtaifead Poiblí in Éirinn

Institiúid a bunaíodh faoin Public Record Office (Ireland) Act 1867 ar mhaithe le caomhnú buan taifead poiblí agus ar mhaithe le rochtain ar na taifid sin a éascú do thaighdeoirí. Rinneadh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn a chumasc le hOifig na Stát-Pháipéar chun an Chartlann Náisiúnta a fhoirmiú de réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986.

Taifead

Féach Taifead Roinne.

Taifead stáit

Féach Taifead Roinne.

Cruthaitheoir taifead

Féach Cruthaitheoir.

Cód tagartha

Uimhir nó cód a shanntar chun taifead nó cnuasach aon fhoinse a shainaithint go huathúil.

Cóip thagartha

Cóip de thaifead a choinnítear ar mhaithe le rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis atá ann, seachas a luach intreach nó fianaiseach.

Clár

Doiciméad, ar imleabhar é de ghnáth, ina ndéantar sonraí d’aon chineál a iontráil go rialta mar thoradh ar údarás reachtúil nó ós rud é go meastar go bhfuil na sonraí a bheith sách tábhachtach lena dtaifeadadh go cruinn agus go foirmiúil.

 

Clárú

An próiseas a bhaineann le faisnéis a chlárú i gclár.

Clárlann

Rannán laistigh d’eagraíocht ar a bhfuil freagracht i ndáil le taifid a thaifeadadh, a rialú agus a chothabháil.

Córas Clárlainne

Na beartais agus na nósanna imeachta lena rialaítear taifeadadh agus cothabháil taifead laistigh d’eagraíocht trí úsáid a bhaint as cláir fhoirmiúla, as liostaí foirmiúla agus as innéacsanna foirmiúla.

Blianta de réir réimeas rí/banríona

Ón mbliain 1189 ar aghaidh i Sasana, rinneadh doiciméid oifigiúla a dhátú trí úsáid a bhaint as bliain an rí/na banríona a bhí i réim. Tosaíonn gach bliain den sórt sin ar chothromdháta an lae a tháinig an rí/an bhanríon i gcomharbacht ar an gcoróin (e.g. ba í an bhliain 1509 an bhliain inar tháinig Henry VIII i gcomharbacht ar choróin Shasana agus is féidir é a lua mar ‘1 Hen. 8’).

Atáirgeadh

An próiseas a ghabhann le giniúint cóipe.

Scanadh cúlghabhálach

Digitiú taifead a bhí i bhformáid pháipéir ar dtús agus iad a thógáil isteach i gcóras bainistithe doiciméad leictreonach.

Is sárú ar alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 é taifid bhunaidh pháipéir, lena n-áirítear taifid a scanadh go cúlghabhálach,  a dhiúscairt gan údarú a fháil ó Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

Séala

Dísle/maitrís, déanta as miotal de ghnáth, agus é/í greanta intaglio in éineacht leis an bhfeiste nó leis an dearadh, rud a úsáidtear chun séala a tháirgeadh trí bhrú a chur i bhfeidhm. Is féidir dearadh ar aon taobh amháin a bheith i gceist le díslí nó is féidir péirí a bheith ann d’fhonn dearthaí neamhchosúla a tháirgeadh go comhuaineach i ngach séala ar leith.

Giota céarach, luaidhe nó ábhair eile a bhfuil imprisean rilífe déanta air ó shéala, agus é greamaithe de dhoiciméad, nó curtha i gceangal le héadan an doiciméid, rud a d’fhóin mar mhodh fíordheimhnithe i dtosach báire; úsáidtear é freisin chun doiciméad a dhúnadh.

Sraith

Doiciméid atá curtha in eagar de réir córas comhdúcháin nó a chothabháiltear mar aonad ó tharla go leanann siad as an bpróiseas céanna carntha nó comhdaithe, nó as an ngníomhaíocht chéanna; ó tharla go bhfuil foirm ar leith acu; nó ó tharla go bhfuil gaolmhaireacht eile ann a éiríonn as an tslí inar cruthaíodh, ina bhfuarthas nó inar úsáideadh iad. Tugtar sraith taifead ar shraith freisin.

Síniú

Ainm, inisealacha nó marc sainiúil eile a úsáideann duine aonair.

Oifig na Stát-Pháipéar

Institiúid a bunaíodh sa bhliain 1702 ar mhaithe le buanchaomhnú thaifid lucht riaracháin na Breataine in Éirinn. Rinneadh Oifig na Stát-Pháipéar a chumasc le hOifig na dTaifead Poiblí in Éirinn chun an Chartlann Náisiúnta a fhoirmiú de réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986.

Teideal

Focal nó frása trína sainaithnítear aonad tuairiscithe.

Aonad tuairisce

Doiciméad nó sraith doiciméad in aon fhoirm fisiciúil a ndéileáiltear léi mar eintiteas agus, sa cháil sin, arb ionann é agus bonn le tuairisc aonair e.g. cnuasach aon fhoinse, grúpa ábhar cartlainne, bailiúchán, foghrúpa, sraith, ítim.

Taifead fíorthábhachtach

Taifid atá fíorthábhachtach maidir le leanúnachas gnó i gcásanna éigeandála nó tar éis tubaiste.

Imleabhar

Bailiúchán leathanach atá ceangailte le chéile.

Riail 30 bliain

An tréimhse ama atá i gceist sular féidir taifid Roinne a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta agus a scaoileadh don phobal.