Eolas fúinn

Foilseacháin

Tá oibleagáid ar an gCartlann Náisiúnta roinnt foilseachán reachtúil a ullmhú, lena n-áirítear Tuarascáil Bhliantúil an Stiúrthóra agus tuarascáil na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta. Ina theannta sin, foilsímid tuarascálacha a bhaineann le tionscadail éagsúla a dtéann baill foirne sa Chartlann Náisiúnta fúthu agus is minic a chuireann baill foirne ábhar ar fáil d’fhoilseacháin acadúla agus d’fhoilseacháin ghinearálta.

Foilseacháin reachtúla
  • Tuarascálacha Stiúrthóra, 1997–2016
  • Tuarascálacha Bliantúla na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta, 1990–2015

Le hAlt 21 den Acht um Chartlann Náisiúnta déantar foráil maidir le tuarascálacha bliantúla ón gComhairle um an gCartlann Náisiúnta maidir le gníomhaíochtaí na Comhairle. Cuirtear an tuarascáil faoi bhráid an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, is é sin le rá, an tAire ar a bhfuil freagracht i ndáil leis an gCartlann Náisiúnta agus an tAire a leagann an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Déantar an tuarascáil a fhoilsiú ansin ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta agus ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais.

Tá tuarascálacha na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta do na blianta 1990-2005 agus 2011-2015 ar fáil mar chomhair pdf.

Tuarascálacha

Rinne an Chartlann Náisiúnta an Suirbhé Náisiúnta ar Ábhair Chartlainne Ospidéil idir Bealtaine 2014 agus Nollaig 2015 agus é mar chuspóir acu ionaid, méid, inneachar agus riocht na n-ábhar cartlainne ospidéil i bPoblacht na hÉireann a shuíomh. Bhíothas in ann an suirbhé a dhéanamh mar thoradh ar dheontas €145,051 a fuair an Chartlann Náisiúnta ón Wellcome Trust i leith acmhainní taighde do réimse na staire liachta.

 Leabhair