Chun taifid a cheadú, is gá ticéad bailí léitheora a bheith agat. Iarrtar ar chuairteoirí an méid seo a leanas a bhreith leo:
1) Cárta/doiciméad aitheantais a bhfuil grianghraf air
2) Cruthúnas ar sheoladh buan
Rochtain inár bhfoirgneamh
Maidir le foirgneamh na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig, tá rochtain iomlán ar fáil ann do thaighdeoirí agus do dhaoine den phobal i gcoitinne a mbaineann soghluaisteacht laghdaithe leo. Is féidir an t-ardaitheoir i halla an bhealaigh isteach a úsáid chun rochtain a fháil ar an bpríomhleibhéal bunurláir (fáiltiú, seomra na locar agus leithris). Soláthraíonn ardaitheoir an phríomhfhoirgnimh rochtain ar an seomra léitheoireachta agus ar shaoráidí gaolmhara, lena n-áirítear oifig an Chartlannaí Ar Dualgas, ticéid léitheora, an Seomra cóipeanna ar an toirt, Seirbhís Ghinealais agus leithris. Is ceart do chuairteoirí a thabhairt dá n-aire go bhfuil an Seomra Léitheoireachta suite ar an 5ú hurlár agus nach bhfuil rochtain le fáil air ach amháin leis an ardaitheoir nó leis an staighre.
Aslonnú i gcás éigeandála
Tá ‘Evac+Chairs’ ar fáil lena n-úsáid i gcás aslonnú éigeandála an tSeomra Léitheoireachta agus na saoráidí gaolmhara. Ní mór do léitheoirí a mbaineann soghluaisteacht laghdaithe leo teagmháil a dhéanamh leis an gCartlannaí Ar Dualgas gach uair a thagann siad ar cuairt lena chinntiú go mbíonn an Chartlann Náisiúnta ar an eolas faoina gcuid riachtanas.