Seirbhísí don rialtas

Treoirlínte maidir le bainistíocht taifead

Ní bhaineann an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 ach le taifid roinne atá os cionn 30 bliain d’aois, cé is moite d’iarratais ar dhiúscairt ar féidir iad a dhéanamh aon tráth i rith saolré sraithe taifead. Is ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an fhreagracht reachtúil i ndáil le bainistíocht taifead sa státseirbhís. D’éagmais chur chuige caighdeánaithe i leith bainistíocht taifead sa státseirbhís, tabharfaidh an Chartlann Náisiúnta treoir do Ranna Stáit, do na Cúirteanna agus do chomhlachtaí poiblí maidir le bainistíocht a gcuid taifead, ach sin faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986. I gcás ina gcomhlíonann Ranna Stáit an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986, cinnteofar nach ndéantar ach taifid ar fiú iad a chaomhnú go buan mar ábhair chartlainne a choimeád tar éis an gnó bunaidh nó an fheidhm dhlíthiúil lena mbaineann siad a chur i gcrích. Ina theannta sin, méadóidh sé sin an leibhéal comhlíontachta i leith oibleagáidí reachtúla eile agus cabhróidh sé le taifead staire na hÉireann a chosaint. Trí riaráistí taifead a aistriú ó Ranna Stáit, éascófar taighde staire agus laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí saoráidí stórála tráchtála, de réir mar is amhlaidh faoi láthair.

Tá roinnt nótaí treorach ullmhaithe ag an gCartlann Náisiúnta.