Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta iar-1922

Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta iar-1922

An Córas Cúirte Nua-Aoiseach

Is leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 a bunaíodh córas nua-aoiseach na Cúirte Dúiche, na Cúirte Cuarda, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.

An Chúirt Dúiche

Ghlac an Chúirt Dúiche ionad Chúirt na Seisiún Ceathrún, Chúirt na nGearr-Sheisiún agus na gCúirteanna Contae agus is í an chúirt is ísle céim dá bhfuil ann i gcóras na gcúirteanna. Uachtarán na Cúirte Dúiche atá i gceannas uirthi agus tá 54 bhreitheamh Cúirte Dúiche ann.

Tá eagar curtha ar an gCúirt Dúiche ar bhonn réigiúnach. Tá 23 dhúiche Chúirte Dúiche ann ar fud na hÉireann, lena n-áirítear Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath. Agus tá gach dúiche roinnte ina gceantair Chúirte Dúiche. Is ceart a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé go dtrasnaíonn ceantair Chúirte Dúiche teorainneacha contae.

Éisteann an Chúirt Dúiche mionábhair shibhialta agus mionábhair choiriúla, amhail réamhéisteachtaí i leith cásanna tromchúiseacha, eiseachadadh a dheonú, fíneálacha, cúrsaí ceadúnúcháin agus cásanna a bhaineann leis an dlí teaghlaigh (cothabháil).

Ní bhíonn cásanna dlí teaghlaigh atá á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta ar oscailt don phobal agus ní féidir rochtain a fháil orthu ach amháin le cead i scríbhinn ón gcléireach Cúirte Dúiche iomchuí.

Taifid

Tá taifid na Cúirte Dúiche ar fáil go formhór i bhformáid imleabhair ina bhfuil iontráil a bhaineann le gach cás nó ábhar ar déileáladh leis.

Seo a leanas na príomhchatagóirí:

  • Leabhar Miontuairisce na mBreithiúna (Leabhar na nOrduithe roimhe seo agus ar a dtugtar an Leabhar Miontuairisce).
  • Leabhar na bPróiseanna Sibhialta
  • Leabhar na mBreithiúnas Achomair
  • Leabhar na nOrduithe Forghníomhaithe
  • Leabhar na nOrduithe Eisiachtana.
  • Ceadúnais (ceadúnais deochanna meisciúla, rince phoiblí (clubanna), ceantálaí agus crannchuir a eisiúint).
  • An dlí teaghlaigh (cothabhála, orduithe urchoisc, orduithe athairíochta agus rochtain).

Déantar na háiseanna aimsithe a bhaineann leis na Cúirteanna Dúiche a choimeád i bhfillteáin ghorma sa Seomra Léitheoireachta. Tá eagar curtha ar na fillteáin sin de réir contae agus, laistigh den aicme sin, de réir dúiche. Gabhann cód tagartha uathúil tríchodach na Cartlainne Náisiúnta leis na taifid seo agus is ceart an cód sin a scríobh ar an duillín ordaithe chun an taifead a iarraidh. Déantar beagnach gach taifead Cúirte Dúiche atá ag an gCartlann Náisiúnta a choimeád ar an láithreán agus is féidir iad a ordú ar an lá a dtagann taighdeoir ar cuairt chuig an gCartlann.

An Chúirt Chuarda

Tá 26 oifig Chúirte Chuarda ann ar fud na hÉireann agus tá cláraitheoir contae i gceannas ar gach ceann ar leith acu. Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda maidir leis na hábhair shibhialta agus maidir leis na hábhair choiriúla is tromchúisí dá bhfuil ann agus feidhmíonn sí mar chúirt achomhairc i leith na Cúirte Dúiche. I measc na gcineálacha cásanna a ndéileálann an Chúirt Chuarda leo áirítear cásanna a bhaineann le clúmhilleadh agus príosúnú neamhdhleathach, mionábhair maidir le luacháil talún, díobháil mhailíseach/choiriúil, ceadúnais deochanna meisciúla agus an dlí teaghlaigh.

Ní bhíonn cásanna dlí teaghlaigh atá á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta ar oscailt don phobal agus ní féidir rochtain a fháil orthu ach amháin le cead ón gCláraitheoir Contae iomchuí.

Taifid

Seo a leanas na príomhchatagóirí taifead a ullmhaíonn an Chúirt Chuarda:

  • Leabhair Chúiseanna (Cláir na gCásanna a bhaineann le Billí Sibhialta)
  • Comhaid maidir le Billí Sibhialta (Gnáthbhillí Sibhialta, Billí Sibhialta Cothromais, Billí Sibhialta Eisiachtana, Billí Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh, Billí Sibhialta Tiomnacha)
  • Comhaid maidir le hÁbhair Choiriúla
  • Leabhair Orduithe Forghníomhaithe
  • Achomhairc Chúirte Dúiche (Leabhair agus Comhaid)
  • Leabhair Dhíobhála Coiriúla/Mailísí
  • Iarratais ar Cheadúnais Tábhairneora (Comhaid)
  • Ceadúnais nua Deochanna Meisciúla
  • Cláir na gCeadúnas Tábhairneora (Leabhair)
  • Páipéir de chuid na hArd-Chúirte ar Cuaird
  • Iarratais Ex Parte (Comhaid)
  • An tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leabhair agus comhaid)

Billí Sibhialta is ea iad an cineál is líonmhaire taifid a ullmhaíonn an Chúirt Chuarda. Maidir leis an tréimhse ón mbliain 1932 go dtí an bhliain 1982, faightear rochtain orthu trí úsáid a bhaint as Leabhair Chúiseanna na mBillí Sibhialta. Maidir leis na blianta roimh 1922, ceadaítear Leabhair na mBillí Sibhialta. Maidir leis an tréimhse ón mbliain 1983 ar aghaidh, tá sé de cheangal ar Oifigí Cúirte na comhaid go léir a liostú ar leithligh óna chéile sula n-aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta iad. Tá freagracht ar gach Cúirt Chuarda a chuid taifead a aistriú agus, dá bhrí sin, ní hionann an bhliain is déanaí inar aistríodh taifid i gcás gach contae ar leith, ach is é atá sa bhliain is déanaí a bhfuil taifid á gcoimeád ina leith ná an bhliain 1986 agus baineann na taifid sin le Contae Loch Garman.

Cé gurb ionann na taifid a choimeádann Oifigí Cúirte Cuarda ar fud na tíre, ó thaobh chineál bunúsach na dtaifead de, tá roinnt difríochtaí ann ó chontae go contae a mhéid a bhaineann leis na córais chomhdúcháin a úsáidtear. Tá a gcuid billí sibhialta roinnte ina gcatagóirí ag Cláraitheoirí Contae áirithe (mar shampla, gnáthbhillí sibhialta, billí sibhialta eisiachtana, billí sibhialta cothromais, billí sibhialta tiomnacha agus billí sibhialta tábhairneora) agus stórálann Cláraitheoirí eile iad ar fad le chéile. Baineann Billí Sibhialta Cothromais go formhór le saincheisteanna oidhreachta agus le húinéireacht/rialú ar thalamh agus ar mhaoin eile. Tá Comhaid na mBillí Sibhialta liostaithe de réir ord uimhriúil i Leabhair Chúiseanna (nach ngabhann innéacsanna leo uaireanta) agus/nó i Leabhair Bhillí Sibhialta (lena ngabhann innéacsanna i níos mó cásanna ná mar is amhlaidh i gcás Leabhair Chúiseanna) de réir ainm an ghearánaí (is é sin, an duine nó an eagraíocht a thionscain an cás). Tugtar uimhir de chuid na bliana lena mbaineann do gach comhad ar leith. Is mar a leanas a bheadh an ghnáth-thagairt: NAI, CS/CC/KK/Civil Bill 146/1943, rud a bhaineann le bille sibhialta ó Chúirt Chuarda Chill Chainnigh.

Is iad na taifid is minice a lorgaíonn taighdeoirí Billí Sibhialta (lena n-áirítear Billí Sibhialta Cothromais) agus Cláir Cheadúnas Tábhairneora agus Léarscáileanna.

Is trí na Leabhair Stáit (dá ngairtear Leabhair Ábhar Coiriúil uaireanta) a fhaightear rochtain ar chomhaid de chuid na Príomh-Chúirte Coiriúla a bhaineann le cásanna a éistear sa Chúirt Chuarda (Comhaid Stáit). Tá na comhaid Stáit liostaithe in ord uimhriúil sna Leabhair Stáit, de réir ainm an chúisí. Tugtar uimhir de chuid na bliana lena mbaineann do gach comhad ar leith. Is mar a leanas a bheadh an ghnáth-thagairt: NAI, CS/CC/CK, Circuit Criminal Court, State file 56/1945, rud a bhaineann le comhad cáis choiriúil de chuid Chúirt Chuarda Choiriúil Chorcaí.

Is féidir leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a ordú go ndéanfar aon triail atá le héisteacht os comhair na Cúirte Cuarda a aistriú chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Phríomh-Chúirt Choiriúil, le do thoil.

Ceadúnais Tábhairneora

Mar thoradh ar na forálacha dlíthiúla a bhaineann le deonú agus athnuachan ceadúnas chun deochanna meisciúla de chineálacha éagsúla a dhíol bíonn ar iarratasóir ar cheadúnas nó ar a ionadaí/hionadaí dlíthiúil faisnéis a chuardach maidir le ceadúnas áirithe blianta fada roimh thráth an iarratais atá i gceist. Go háirithe mar thoradh ar dhíothú mórscála na luath-thaifead dlíthiúil sa bhliain 1922, d’fhéadfadh sé nach mbeidh taighdeoirí in ann an fhaisnéis go léir a lorgaítear a aimsiú, mar shampla, an réimse cruinn lena mbaineann an ceadúnas bunaidh.

Tá an méid is mó faisnéise le fáil i ‘gcomhad’ na gCeadúnas Tábhairneora/mBillí Sibhialta, agus is ceart go n-áireofaí ann an t-iarratas bunaidh ar cheadúnas nó leathnú/modhnú ceadúnais a bhí ann, maille le doiciméid tacaíochta. Is ceart go mbeadh léarscáileanna ann le haghaidh na n-iarratas go léir a rinneadh tar éis na bliana 1950, nuair a tháinig léarscáileanna chun bheith éigeantach faoi rialacha Cúirte Cuarda athbhreithnithe, agus le haghaidh roinnt iarratas réamh-1950 freisin, chomh maith le Deimhniú arna shíniú ag an gCláraitheoir Contae inar sonraíodh cineál agus méid an Cheadúnais a dheonaigh an Chúirt. D’éagmais comhad den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar an taighdeoir a bheith sásta le cibé faisnéis atá sé/sí in ann a fháil ó chatagóirí eile ábhar a bhaineann le Ceadúnais Tábhairneora agus a choimeádann an Chartlann Náisiúnta, amhail foirmeacha iarratais i leith ceadúnas agus Cláir Ceadúnas. D’fhéadfadh tuairisceáin Dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 a bheidh fóinteach freisin i dtaca leis an ábhar seo.

Maidir le roinnt cuardach i leith Ceadúnais Tábhairneora, ní heol don taighdeoir an bhliain bheacht inar deonaíodh an ceadúnas iomchuí agus/nó ainm an iarratasóra a bhí i gceist. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar an taighdeoir Cláir na nIarratas ar Cheadúnas Tábhairneora agus/nó aon innéacsanna a ghabhann leis na cláir sin a cheadú. D’fhéadfadh sé tarlú freisin go bhfuil Ordú atá á lorg le fáil i gcomhad a osclaíodh i mbliain roimh an mbliain inar deonaíodh an tOrdú.

Áiseanna Aimsithe

Déantar na háiseanna aimsithe a bhaineann leis na Cúirteanna Cuarda a choimeád i bhfillteáin ghorma sa Seomra Léitheoireachta agus tá fillteán ann i gcomhair gach contae ar leith. Maidir le taifid a bhaineann leis an tréimhse ó 1922 go 1982, tá siad curtha in eagar in ord aibítreach de réir ábhair. Chun na taifid sin a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach an tagairt don Chúirt Chuarda (NAI CS/CP) a scríobh air mar aon leis an gcontae agus leis an tuairisc ar an ítim a thugtar san áis aimsithe, lena n-airítear na dátaí clúdaithe. Ón mbliain 1983 ar aghaidh, tá taifid na Cúirte Cuarda liostaithe ar leithligh óna chéile agus beidh siad ar fáil san fhillteán contae iomchuí.

Déantar an chuid is mó de thaifid na cúirte cuarda a bhaineann leis an tréimhse roimh lár bhlianta na 1970-idí a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Taifid maidir le hIonchoisní

De réir an dlí, tá sé de cheangal ar chróinéirí, tar éis dóibh scor dá n-oifig, a gcuid páipéar a thaisceadh lena gCláraitheoir Contae áitiúil. Ní mór gach bás tobann a thuairisciú don chróinéir agus, i gcás nach bhfuil cúis an bháis soiléir, seoltar ionchoisne. Cé nach ionad oifigiúil taiscthe í le haghaidh taifid Chróinéara, tá taifid de chuid cróinéirí faighte ag an gCartlann Náisiúnta trí aistrithe ón gCúirt Chuarda.

Taifid

Is cosúil nár eisíodh aon treoracha oifigiúla riamh maidir leis an bhformáid ina raibh taifid Chróinéirí le coinneáil. Cé gur choinnigh beagnach gach Cróinéir páipéir maidir le hIonchoisní ar leithligh, níor choimeád gach duine acu páipéir i gcásanna inar tuairiscíodh básanna don Chróinéir ach nach raibh gá le hIonchoisne ina leith nó inar measadh nach raibh gá le hIonchoisne ina leith. Choinnigh líon beag Cróinéirí cláir inar taifeadadh nótaí, in ord croineolaíoch, faoi na básanna tobanna go léir a tuairiscíodh agus/nó faoi na hIonchoisní a seoladh. Tá uimhreacha tagartha scríofa taobh leis an ainm i gcláir den sórt sin. Is é an uimhir sin uimhir thagartha chomhad an chróinéara agus is ceart í a úsáid chun an comhad a ordú. Mar shampla, tagraíonn NAI, CS/Dublin City Coroner Inquest file 1548/80 do chomhad 1548 de chuid na bliana 1980. Oibríonn cróinéirí go neamhspléach ar na cúirteanna agus coinníonn siad a gcuid taifead féin agus, dá bhrí sin, bíonn difríochtaí ann, ó chontae go contae, maidir le cáilíocht agus cainníocht na gcomhad.

Tá iontrálacha ina dtaispeántar sealúchais i leith taifid Chróinéara san áireamh i bhfillteáin ghorma na Cúirte Cuarda don chontae iomchuí. Eisceacht is ea é Cróinéir Chathair Bhaile Átha Cliath atá liostaithe ar leithligh ó thaifid eile. Chun comhad ionchoisne a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach an cód tagartha (NAI CS/CC/), agus an tagairt ina dhiaidh (más ann), a scríobh air mar aon leis an gcontae, leis an ainm agus le dáta an bháis nó an ionchoisne, agus leis an suíomh más eol é. Déantar formhór na dtaifead seo a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

An Ard-Chúirt

Ghlac an Ard-Chúirt ionad na hArd-Chúirte Breithiúnais. Tá Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi agus tá cumhacht aici gach ábhar agus gach ceist, cibé acu ábhar nó ceist dlí nó fíorais, idir shibhialta agus choiriúil, a chinneadh, ach sin faoi réir an chirt chun achomharc a dhéanamh maidir leis an gcinneadh. Tá cumhacht aici bailíocht aon dlí a chinneadh, ag féachaint don bhunreacht, agus éisteann sí achomhairc dhlí shibhialta agus dhlí teaghlaigh ón gCúirt Chuarda. Cé go suíonn an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath de ghnáth, suíonn sí ar cuaird freisin ar fud na tíre ag tráthanna éagsúla i rith na bliana.

Taifid

Níl comhaid de chuid na hArd-Chúirte ar marthain ach amháin ón mbliain 1926 ar aghaidh ós rud é gur ghnách, roimh an dáta sin, gach cineál doiciméid a cheangal ar leithligh óna chéile de réir cineáil (i.e. rinneadh na horduithe go léir a cheangal in éineacht lena chéile). Is í an bhliain 1970 an bhliain is déanaí inar aistríodh comhaid ón Ard-Chúirt.

Is iad seo a leanas na ceithre shraith de chuid na hArd-Chúirte is mó a bhfuil eolas orthu:

  • Comhaid Toghairmeacha Iomlánacha
  • Comhaid Toghairmeacha Achoimre
  • Comhaid Toghairmeacha Speisialta
  • Comhaid maidir le Taobh an Stáit
  • Go hiondúil, baineann Comhaid Toghairmeacha Iomlánacha agus Toghairmeacha Achoimre le díospóidí sibhialta idir daoine aonair nó idir eagraíocht (Cuideachta, Banc etc.) agus duine aonair amháin nó níos mó. Eisítear Toghairmeacha Iomlánacha i gcás ina bhfuil pléadálacha le bheith ann, mar aon le héisteacht ar fhianaise béil. Eisítear Toghairmeacha Achoimre i gcás nach samhlaítear go mbeidh pléadálacha ann ach go n-éistfear an tsaincheist ar mhionnscríbhinn le fianaise béil nó gan fianaise béil.
  • Baineann Comhaid maidir le Taobh an Stáit le hábhair ar ina leith a d’fheidhmigh an Ard-Chúirt a dlínse mhaoirseachta agus/nó a hardchumhachtaí i leith na gcúirteanna ísle, mar shampla Orduithe Habeus Corpus, Certiorari, Mandamus agus Toirmisc, Astú i leith Díspeagadh agus iarratais ar Bhannaí ó dhaoine faoi choimeád. Rinneadh athruithe móra ar na nósanna imeachta sna réimsí sin a thabhairt isteach san athbhreithniú a rinneadh sa bhliain 1986 ar Rialacha na nUaschúirteanna, lena n-áirítear scriosadh an téarma “Ar Thaobh an Stáit”.
  • Is sa bhliain 1962 a tugadh isteach an nós imeachta ar mhodh Toghairm Speisialta. Baintear úsáid as in imthosca sonraithe amhail i réimsí áirithe (a) de riaradh eastát daoine éagtha; (b) de dhéileálacha i maoin; (c) d’iontaobhais; (d) de nithe a bhaineann le mionaoisigh.

Tá catagóirí eile de thaifid Ard-Chúirte ann freisin, amhail Achomhairc ón gCúirt Chuarda, Foriarratais agus Toghairmeacha, cásanna Pósta & Ioncaim agus Orduithe gan comhaid tacaíochta.

Ní bhíonn cásanna dlí teaghlaigh/pósta a éistear san Ard-Chúirt agus atá á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta ar oscailt don phobal agus ní féidir rochtain a fháil orthu ach amháin le cead ón gCláraitheoir i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

Tá eagar curtha ar chomhaid na dToghairmeacha Iomlánacha agus na dToghairmeacha Achoimre de réir bliana agus de réir ord uimhriúil. Gabhann iarmhír P le comhaid iomlánacha agus, maidir le comhaid achoimre, gabhann iarmhír S leo, sin nó gabhann uimhir/bliain leo agus glactar leis go bhfuil an iarmhír S ann. Is féidir rochtain a fháil ar chomhaid ar leithligh trí Leabhair na gCúiseanna i leith na mblianta iomchuí nó trí na hinnéacsanna a ghabhann le Leabhair na gCúiseanna. De ghnáth, is ceart go mbeifí in ann an tagairt a bhaineann le comhad ar leith a fháil ón innéacs gach aon ghá le Leabhar na gCúiseanna a cheadú. Ina theannta sin, tá uimhreacha comhaid le fáil in Innéacsanna Ginearálta na nOrduithe agus na mBreithiúnas.

An Chúirt Choiriúil Speisialta

Tá taifid na gCúirteanna Speisialta a d’oibrigh le linn bhlianta deiridh bhlianta na 1930-idí agus le linn bhlianta na 1940-idí agus taifid na Cúirte Coiriúla Speisialta a bunaíodh sa bhliain 1972 dúnta.

An Ard-Chúirt Ar Cuaird

Maidir le comhaid na hArd-Chúirte ar Cuaird, is é/í Cláraitheoir Contae an chontae ina dtarlaíonn an éisteacht a choinníonn iad agus is ceart comhaid den sórt sin a chuardach sna Leabhair Chúiseanna dá dtagraítear sa roinn thuas a bhaineann leis an gCúirt Chuarda, ar leabhair iad a choinníonn an Cláraitheoir Contae iomchuí.

Chun comhad a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach cód tagartha na cúirte (NAI CS/HC/) a scríobh air, agus tagairt an chomhaid ina dhiaidh, rud atá le fáil sna Leabhair Chúiseanna. Déantar taifid a bhaineann leis an tréimhse roimh lár bhlianta na 1970-idí a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Taifid thiomnacha

Is oifig de chuid na hArd-Chúirte í an Oifig Phrobháide agus tá sé de chúram uirthi taifid thiomnacha a riaradh. Is é atá in uachtanna ná doiciméid a úsáideann daoine chun rialú a dhéanamh ar riaradh agus ar dháileadh a maoine tar éis a mbáis. Roimh an mbliain 1857, bhí an dlínse thiomnach faoi chúram Eaglais na hÉireann arbh í an eaglais bhunaithe í an tráth sin. Nuair a ritheadh an Probate Act 1857 baineadh an chumhacht maidir le deonuithe a dhéanamh de Chúirt Sainphribhléide agus de Chúirteanna Comhshuímh (Deoise) Eaglais na hÉireann agus tugadh í don Phríomh-Chlárlann i mBaile Átha Cliath agus do 11 Chlárlann Cheantair in Ard Mhacha, i mBéal an Átha, i mBéal Feirste, sa Chabhán, i gCorcaigh, i gCill Chainnigh, i Luimneach, i nDoire, sa Mhuileann gCearr, i dTuaim agus i bPort Láirge. Ó bhí an bhliain 1967 ann, tá 14 chlárlann cheantair ann, is é sin, i gCaisleán an Bharraigh, sa Chabhán, i gCluain Meala, i gCorcaigh, i nDún Dealgan, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Leifear, i Luimneach, sa Mhuileann gCearr, i Sligeach, i dTrá Lí, i bPort Láirge agus i Loch Garman.

Sa tréimhse ó 1858 go dtí 1982, rinne an Phríomh-Chlárlann Féilirí d’Uachtanna agus de Riaracháin (Díthiomnóirí), i gcás nach raibh uacht déanta ach go raibh Riarthóir shócmhainní an éagaigh ceaptha sna Clárlanna sin, a fhoilsiú gach bliain. Tá siad sin ar fáil inár Seomra Léitheoireachta agus ar ár láithreán gréasáin. Tá mionsonraí faoi gach deonú a eisíodh don chontae i leith gach bliana ar fáil i ngach Féilire ar leith agus tá na hiontrálacha ar fad eagraithe in ord aibítre agus de réir ainm an éagaigh. De bhreis ar ainm an éagaigh, áiríonn na hiontrálacha seoladh an éagaigh, dáta an bháis, ainmneacha na Seiceadóirí nó na Riarthóirí, an dáta ar eisíodh an deonú agus luach “giuirléidí” an éagaigh. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sna Féilirí réamh-1951.

Rinneadh trascríbhinní d’uachtanna a cruthaíodh agus de riaracháin a deonaíodh a ullmhú sna Clárlanna Ceantair agus cuireadh na huachtanna bunaidh agus na riaracháin bhunaidh ar aghaidh chuig an bPríomh-Chlárlann i mBaile Átha Cliath agus nuair a bhí siad 20 bliain d’aois cuireadh chuig Oifig na dTaifead Poiblí iad. Ar an drochuair, b’ionann sin agus a rá gur ndearnadh beagnach gach uacht bhunaidh agus gach riarachán bunaidh de chuid na Príomh-Chlárlainne suas go dtí an bhliain 1904 agus de chuid na gClárlann Ceantair a dhíothú sa bhliain 1922.

Tá roinnt cóipeanna d’uachtanna ar marthain fós i Leabhair Uachtanna na Príomh-Chlárlainne do na blianta 1874, 1878, 1891 agus 1896 agus tá Leabhair Dheonuithe na Príomh-Chlárlainne do na blianta 1878, 1883, 1891 agus 1893 ar marthain.

Is féidir teacht ar chóipeanna den chuid is mó de na huachtanna a cruthaíodh sna Clárlanna Ceantair idir na blianta 1858 agus 1900 i Leabhair Uachtanna na gClárlann Ceantair. Tá Leabhair Uachtanna a bhaineann le Béal an Átha, leis an gCabhán, le Corcaigh, le Cill Chainnigh, le Luimneach, leis an Muileann gCearr, le Tuaim agus le Port Láirge ar fáil ar mhicreascannán.

Déantar taifid thiomnacha a eisíodh roimh an mbliain 1975, lena n-áirítear uachtanna, a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré. Is í an bhliain 1991 an bhliain is déanaí a bhfuil taifid thiomnacha á gcoimeád ina leith. Maidir le haon ní is déanaí ná sin, is ceart fiosruithe a dhíriú chuig an Oifig Phrobháide.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Treoir maidir le huachtanna agus taifid thiomnacha.

An Phríomh-Chúirt Choiriúil

Nuair a éisteann an Ard-Chúirt ábhair a bhaineann le cúrsaí coiriúla tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi. Maidir le cúrsaí coiriúla, suíonn breitheamh na hArd-Chúirte in éineacht le giúiré ar a mbíonn deichniúr daoine. Is féidir le duine a ndiúltaítear bannaí dó nó di sa Chúirt Dúiche iarratas ar bhannaí a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt nó má dheonaítear bannaí dó nó di féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun coinníollacha na mbannaí a athrú. Ina theannta sin, éisteann an Phríomh-Chúirt Choiriúil cásanna a bhaineann le tréas, le cionta a bhaineann le bac a chur ar an rialtas nó ar an uachtarán, le dúnmharú, le hiarracht ar dhúnmharú nó le comhcheilg dúnmharú a dhéanamh, le héigniú, le hionsaí gnéasach, le píoráideacht agus le cionta faoin Acht um Chinedhíothú 1973.

Taifid

Tá taifid ag an gCartlann Náisiúnta a bhaineann leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil suas go dtí an bhliain 1968. Ta leabhair chúiseanna ann ar a dtugtar Leabhair agus Comhaid Taifead Trialach. Tá an áis aimsithe le fáil i bhfillteán gorm sa Seomra Léitheoireachta agus tá eagar curtha air de réir ord aibítreach agus de réir contae. Tá na comhaid liostaithe de réir an chontae inar tionscnaíodh an t-ábhar. Chun ítim a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach cód tagartha na cúirte (NAI CS/CCC/), agus na mionsonraí a thugtar san áis aimsithe ina dhiaidh, lena n-áirítear na dátaí clúdaithe, a scríobh air. Déantar an t-ábhar seo a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh sé ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear é i bpearsa nó beidh sé ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost é. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

An Chúirt Achomhairc Choiriúil

Déileálann oifig na Cúirte Achomhairc Choiriúil le hachomhairc ó dhaoine a ciontaíodh i gcoir sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, sa Chúirt Chuarda (Coiriúil) nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta i gcás ina bhfaigheann an duine sin deimhniú ó bhreitheamh na trialach á rá gur cás é atá oiriúnach le haghaidh achomhairc nó, má dhiúltaítear deimhniú den sórt sin a thabhairt, i gcás ina ndeonaíonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil í féin an cead chun achomharc a dhéanamh. Ina theannta sin, éisteann an chúirt achomhairc choiriúil iarratais ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun athbhreithniú a dhéanamh ar phianbhreitheanna a meastar ina leith go bhfuil siad róthrócaireach agus gníomhaíonn sí mar chúirt achomhairc le haghaidh Armchúirteanna.

Taifid

Is iad seo a leanas príomhthaifid na cúirte achomhairc choiriúil:

  • Leabhair Achomhairc, 1924-1974

Is Leabhair Chúiseanna iad sin ina liostaítear cásanna in ord croineolaíoch. Tá cás-uimhreacha agus ainmneacha na nAchomharcóirí trascríofa ó na himleabhair seo agus tá an t-ábhar tras-scríofa le fáil i bhfillteán gorm sa Seomra Léitheoireachta.

  • Leabhair Orduithe, 1924-1972

Tá cóipeanna de na horduithe a rinne an chúirt le fáil sna leabhair seo. Tá tuairim is 20 ordú ann in aghaidh an leabhair agus tá innéacs in ord aibítreach ann ag deireadh gach imleabhair.

  • Comhaid, 1924-1972, agus bailiúchán ar leithligh ina bhfuil Orduithe atá eagraithe in ord croineolaíoch agus a bhaineann leis an tréimhse ó bhlianta na 1920-idí go dtí blianta na 1970-idí.

Tá comhad ann maidir le gach cás ar leith ar dhéileáil an chúirt leis. Cuimsíonn na comhaid comhfhreagras, sonraí faoi thrialacha, fógraí achomhairc, trascríbhinní, fógraí cáis agus sceidil doiciméad.

Tá an áis aimsithe a bhaineann leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil le fáil i bhfillteán gorm sa Seomra Léitheoireachta. Tá liosta croineolaíoch ann de chomhaid uile na gcásanna, ón mbliain 1924 go dtí an bhliain 1972, de réir ainm an achomharcóra. Chun comhad a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach tagairt, ainm agus dáta an chomhaid a chur san áireamh. Déantar taifid na Cúirte Achomhairc Choiriúil a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

An Chúirt Uachtarach

Is í an Chúirt Uachtarach an Chúirt achomhairc dheiridh sa Stát agus cuimsíonn sí an Príomh-Bhreitheamh agus seachtar gnáthbhreithiúna. Tá cumhacht ag an gCúirt Uachtarach a chinneadh an bhfuil Bille atá rite ag an Seanad nó ag an Dáil agus atá tíolactha d’Uachtarán na hÉireann lena shíniú in aghaidh an Bhunreachta. Ina theannta sin, déanann an Chúirt Uachtarach cinneadh maidir le hábhair shibhialta agus maidir le hábhair choiriúla in éineacht leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil le linn déileáil le hábhair choiriúla.

Taifid

Tá príomhthaifid na Cúirte Uachtaraí le fáil i bhformáid imleabhair agus cuimsíonn siad an méid seo a leanas:

  • Leabhair Achomhairc, 1922-1970, seachas an tréimhse 1955-1959
  • Fógraí Achomhairc, 1921-1927
  • Breithiúnais/Orduithe, 1922-1958
  • Dearbhuithe Breithiúna ar dhul i mbun oifige dóibh, 1924-1927

Tá an áis aimsithe a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach le fáil in imleabhar a choimeádtar sa Seomra Léitheoireachta. Tá innéacs in ord aibítreach, de réir ábhair, le fáil ag tús an imleabhair. Chun ítim a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach cód tagartha na cúirte (NAI CS/SC/) a scríobh air agus tuairisc ar an doiciméad ina dhiaidh, lena n-áirítear na dátaí clúdaithe. Déantar taifid na Cúirte Uachtaraí a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Card image cap

19.03.22

Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta réamh-1922
Cúirteanna Seisiún Ceathrún, Cúirteanna Gearr-Sheisiún agus Cúirteanna Contae Ba iad na cúirteanna sin réamhtheachtaithe na Cúirte Dúiche atá ann sa...

Taifid chúirte