Treoir maidir le taifid thiomnacha a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta

Treoir maidir le taifid thiomnacha a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta

Céard í uacht?

Is é atá in uacht ná doiciméad atá scríofa ag duine aonair agus ina sonraíonn sé nó sí a mhianta nó a mianta i dtaobh conas a roinnfear a eastát nó a heastát tar éis a bháis nó a báis. Ní thagann uacht chun bheith ina doiciméad dlíthiúil go dtí go bhfaightear deonú probháide tar éis bhás an duine lena mbaineann. D’fhéadfadh rudaí éagsúla a bheith ann in eastát duine agus is é atá sna nithe is coitianta ná maoin, airgead nó sealúchais phearsanta. Ní liosta iomlán an méid sin, áfach.

 

Céard é deonú probháide?

Is ionann deonú probháide agus doiciméad a dheonaítear faoi shéala na hArd-Chúirte agus lena dtugtar cumhacht dhlíthiúil do sheiceadóir uachta bailí mianta an duine éagtha a chomhlíonadh mar atá leagtha amach san uacht lena mbaineann. Ní féidir deonú probháide, deonú litreacha riaracháin nó deonú riaracháin maille le huacht a eisiúint ach amháin i gcás duine atá básaithe.

 

Céard é deonú litreacha riaracháin?

I gcás ina bhfaigheann duine ag a bhfuil sócmhainní, amhail talamh nó maoin nó sealúchais, bás ina dhíthiomnóir nó ina díthiomnóir, is é sin, gan uacht a bheith déanta aige nó aici, déantar iarratais chun na hArd-Chúirte chun deonú litreacha riaracháin a fháil le gur féidir duine a cheapadh chun t-eastát a dháileadh agus chun ceanglais dhlíthiúla den chineál atá leagtha amach sna dlíthe a bhaineann le comharbas a chomhlíonadh. Ní féidir deonú probháide nó deonú riaracháin a dheonú ach amháin i gcás duine atá básaithe.

 

Céard é deonú litreacha riaracháin maille le huacht?

Nuair a fhaigheann duine bás, agus uacht déanta aige nó aici, agus i gcás ina ndéanann duine seachas an seiceadóir atá ainmnithe iarratas ar an deonú, déantar deonú litreacha riaracháin maille le huacht a eisiúint.

 

Céard é/í riarthóir de bonis non?

Tar éis seiceadóir nó riarthóir a cheapadh, agus i gcás nach bhfuil an t-eastát socraithe go hiomlán, agus go bhfuil an seiceadóir nó an riarthóir marbh, go bhfuil sé tar éis imeacht, nó gur cuireadh as oifig é/í ar aon chúis, ceaptar dara riarthóir chun an dualgas nár comhlíonadh fós a chomhlíonadh. Tugtar riarthóir de bonis non ar dhuine den sórt sin i.e. riarthóir na n-earraí nár riaradh fós. De réir an cheapacháin sin, is é/í an duine sin an t-aon riarthóir amháin i leith an duine éagtha. Cuirtear an frása ‘de bonis non’ ar taispeáint san fhéilire i gcásanna den sórt sin.

 

Céard é sceideal sócmhainní?

Gabhann sceideal sócmhainní le huacht agus taispeántar ann conas a roinneadh an t-eastát agus, chomh maith leis sin, cuimsíonn sé faisnéis i dtaobh nithe amhail an méid dleachta eastáit a íocadh. Sa chuid is mó cásanna, bíonn an sceideal sócmhainní le fáil sna clúdaigh thiomnacha a ghabhann leis na huachtanna bunaidh agus leis na páipéir riaracháin. I gcás na Príomh-Chlárlainne (ar a dtugtar an Oifig Phrobháide, Baile Átha Cliath, ó bhí an bhliain 1963 ann), tá na sceidil ceangailte ar leithligh óna chéile agus tá siad iomlán ón mbliain 1924 ar aghaidh. Tá sceidil pháirteacha ann freisin a bhaineann leis na blianta 1875, 1877, 1885 agus 1890. I gcás nach bhfuil an sceideal sócmhainní ann sa chlúdach a ghabhann leis an uacht, ní mór é a ordú mar ítim ar leithligh.

 

Céard í an Phríomh-Chlárlann?

Is é atá san ainm ‘an Phríomh-Chlárlann’ ná ainm eile ar an bPríomh-Oifig Phrobháide i mBaile Átha Cliath. Tugtar an Phríomh-Chlárlann uirthi de ghnáth agus is féidir tagairt a dhéanamh di sna féilirí mar PR (an Phríomh-Chlárlann), mar PO (an Oifig Phrobháide) nó mar Bhaile Átha Cliath.

 

Céard í Clárlann Cheantair?

Is é atá i gClárlann Cheantair ná fo-oifig de chuid na hOifige Probháide atá suite lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tá 14 oifig Chlárlainne Ceantair ann in áiteanna amhail Corcaigh, Luimneach, Caisleán an Bharraigh, an Muileann gCearr agus Cill Chainnigh. Roimh chríochdheighilt na hÉireann, bheadh clárlanna le fáil in áiteanna amhail Béal Feirste, Doire agus Ard Mhacha. Is féidir deonú probháide nó riaracháin a eisiúint in aon cheann de na clárlanna ach, de ghnáth, úsáidtear an chlárlann is gaire do sheoladh an duine éagtha nó an clárlann is gaire do sheoladh aturnae an duine éagtha.

 

Cén fáth go gcoimeádtar sa Chartlann Náisiúnta iad?

Tá freagracht ar an gCartlann Náisiúnta i ndáil le caomhnú fadtéarma taifead stáit, lena n-áirítear taifid chúirte. Is ionann uachtanna agus taifid a chruthaíonn an Oifig Phrobháide, ar cuid den Ard-Chúirt í, agus, dá bhrí sin, tagann ábhar tiomnach faoi réir théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta atá 20 bliain d’aois ar a laghad. Is í an bhliain 1991 an bhliain is déanaí ar ina leith a choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid de chuid na hOifige Probháide. Maidir le haon ní is déanaí ná sin, nó maidir le deonuithe a eisíodh i gclárlanna ceantair, is ceart fiosruithe a dhíriú chuig an Oifig Phrobháide.

 

Céard í an Oifig Phrobháide?

Is oifig de chuid na hArd-Chúirte í an Oifig Phrobháide agus tá sé de chúram uirthi taifid thiomnacha a riaradh. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Oifig Phrobháide a fháil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

 

Cá bhfuil an Oifig Phrobháide suite?

Tá príomh-oifig phrobháide ann i dTeach an Fhionnuisce i mbaile Átha Cliath, taobh le stad Luas Mhargadh na Feirme. Tá líonra 12 Oifig Phrobháide Cheantair ann ar fud na hÉireann freisin. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

 

Conas a dhéantar cuardach chun teacht ar dheonú probháide?

Gach bliain, eisíonn an Oifig Phrobháide liosta de na deonuithe go léir a eisíodh sa bhliain lena mbaineann. Tugtar féilire ar an innéacs sin agus tá eagar curtha air de réir na bliana inar eisíodh an deonú agus de réir shloinne an duine éagtha. I gcoitinne, déantar deonú probháide laistigh de dhá bhliain ó dháta an bháis lena mbaineann. Níl aon teorainn ama ann, áfach, maidir le huacht a phróiseáil agus moltar cuardach a dhéanamh laistigh de thréimhse deich mbliana ar a laghad tar éis an dáta báis.

 

Conas a dhéantar cuardach chun teacht ar dheonú litreacha riaracháin?

Tá eagar curtha ar litreacha riaracháin ar an dóigh cheannann céanna le deonú probháide. Idir na blianta 1858 agus 1867, tá dhá fhéilire ann do gach bliain ar leith, is é sin, ceann le haghaidh uachtanna agus ceann le haghaidh riarachán. Ón mbliain 1868 ar aghaidh, tugtar deonuithe probháide agus deonuithe riaracháin sa tsraith chéanna féilirí, agus eagar curtha orthu de réir na bliana inar eisíodh an deonú agus de réir shloinne an duine éagtha. Taobh le gach iontráil ar leith, luaitear cé acu is deonú uachta nó deonú riaracháin atá i gceist.

 

Cén fhaisnéis a bhíonn ann i bhFéilire Uachtanna?

De ghnáth, bíonn faisnéis den chineál seo a leanas le fáil i bhféilire uachtanna: ainm iomlán an éagaigh; an dáta ar eisíodh deonú probháide nó litreacha riaracháin; cineál an deonaithe; seoladh an éagaigh; dáta agus áit an bháis; ainm na clárlainne eisiúna; ainm, seoladh agus slí bheatha an tseiceadóra; agus luach an eastáit. Le fírinne, is ionann na féilirí agus áis aimsithe na n-uachtanna bunaidh agus na litreacha riaracháin.

 

An bhfuil siad ar fáil ar líne?

Is féidir cuardach a dhéanamh sna féilirí (sna hinnéacsanna) ar líne. Ní féidir rochtain a fháil ar na doiciméid bhunaidh ar líne ach is féidir breathnú orthu i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta nó is féidir cóip a fháil ach táille a íoc agus an fhoirm Ordaithe Cóipe Tiomnaí a chomhlánú.

Maidir leis an tréimhse ó 1858 go 1917, clúdaíonn na féilirí Éire ina hiomláine. Tar éis na bliana 1918, clúdaíonn na féilirí na 26 chontae i bPoblacht na hÉireann agus tá innéacsanna a chlúdaíonn sé chontae Thuaisceart Éireann ar fáil in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI).

Tá digitiú déanta ar na féilirí tiomnacha atá ar fáil inár Seomra Léitheoireachta agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu ar líne i gcás na mblianta 1858-1920 agus na mblianta 1922-1982.

Maidir leis na blianta 1922-1982, is é atá sa bhealach is éasca chun teacht ar an bhféilire ná cuardach a dhéanamh sa chatalóg ar líne. Má úsáidtear ‘Cuardach Simplí’, clóscríobh Féilire Uachtanna agus an bhliain, mar shampla, Féilire Uachtanna 1962, rud a thabharfaidh nasc le leagan pdf den fhéilire don bhliain 1962.

Más mian leat breathnú ar na féilire ar fad ó 1922 go 1982, is é atá sa bhealach is éasca chun cuardach a dhéanamh ná feidhm ‘Cuardach Casta’ a úsáid. Trí úsáid a bhaint as réimse an ‘Cód Tagartha’, cuir an cód tagartha CS/HC/PO/4 isteach sa bhosca cuardaigh. Tá 135 fhéilire ann a bhaineann leis an tréimhse 1858-1982.

Is féidir cuardach a dhéanamh de réir ainm an duine éagtha sa chatalóg ar líne le haghaidh na mblianta 1923-1951 agus 1983-1991. I gcás ainmneacha coitianta, d’fhéadfadh sé go bhfaighfear iontrálacha iolracha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos fóintí cuardach a dhéanamh i bhféilirí ar leithligh i gcás inarb eol dáta an deonaithe nó an bháis.

 

Cén fáth go bhfuil siad fóinteach le haghaidh stair theaghlaigh?

Tá taifid thiomnacha fóinteach don stair theaghlaigh ós rud é go soláthraíonn siad faisnéis luachmhar faoin dáta báis agus faoi shócmhainní duine, agus ós rud é go bhféadfaidís naisc theaghlaigh nó naisc phearsanta le daoine aonair a nochtadh. Is féidir leis an bhfaisnéis sin cabhair a thabhairt uaireanta maidir le bearnaí faoi dhaoine ar leith a líonadh i gcás nach bhfuil foinsí eile ar marthain agus, chomh maith leis sin, is féidir leo foinsí nua le haghaidh taighde a chur ar fáil más rud é, mar shampla, nach rabhthas ar an eolas roimhe sin go raibh daoine atá ainmnithe in uacht ar marthain nó nach rabhthas ar an eolas roimhe sin faoi úinéireacht maoine áirithe.

 

Ní bhfuair mo shinsear bás in Éirinn, cén fáth go mbeadh uachtanna nó ábhar tiomnach fóinteach le haghaidh stair theaghlaigh?

Más rud é go bhfuair do shinsear bás thar lear ach go raibh maoine aige/aici in Éirinn, d’fhéadfadh sé go ndearnadh deonú probháide nó deonú riaracháin (má fuair éagach bás ina dhíthiomnóir/díthiomnóir) a eisiúint chun a chinneadh cé a gheobhaidh an mhaoin in Éirinn nó aon sócmhainní a sealbhaíodh in Éirinn le hoidhreacht. Fiú amháin má bhí cónaí ar dhuine thar lear, le gur féidir an t-eastát a dháileadh go dlíthiúil ní mór do sheiceadóir an duine lena mbaineann oibriú trí phróiseas dlíthiúil na hÉireann i gcás ina bhfuil sócmhainní Éireannacha i gceist.

 

Conas a dhéantar cuardach chun teacht ar uacht a eisíodh roimh an mbliain 1858?

Roimh an mbliain 1858, bhí freagracht ar Eaglais na hÉireann i ndáil le gach gnó tiomnach. Cuireadh deireadh lena n-údarás i leith cúrsaí tiomnacha leis an Letters of Administration Act (Ireland) Act 1857. Tá sraith féilirí uachtanna agus deonuithe riaracháin a d’eisigh na cúirteanna eaglasta sin, ar a dtugtar an Chúirt Sainphribhléide agus an Chúirt Deoise nó an Chúirt Chomhshuímh freisin, ar fáil ar mhicreascannán i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta. Tá eagar curtha ar na féilirí de réir na deoise de chuid Eaglais na hÉireann atá i gceist agus, ina dhiaidh sin, de réir shloinne an duine éagtha. De ghnáth, ní bhíonn ach daoine de chuid Eaglais na hÉireann (Protastúnaigh) nó Caitlicigh Rómhánacha shaibhre luaite i dtaifid na gcúirteanna eaglasta. Níor tháinig an nós maidir le huacht a dhéanamh chun bheith coitianta go dtí an 20ú haois.

Is féidir cuardach le haghaidh uachtanna Deoise agus Sainphribhléide réamh-1858 a dhéanamh sna féilirí ar ár láithreán gréasáin ginealais. I bhformhór mór na gcásanna, is é an iontráil san fhéilire an t-aon fhianaise amháin ar an uacht. Díothaíodh na doiciméid iarbhír sa bhliain 1922 i rith an Chogaidh Chathartha.

 

Cén t-ábhar tiomnach a díothaíodh i rith an Chogaidh Chathartha sa bhliain 1922?

Nuair a díothaíodh Oifig na dTaifead Poiblí sna Ceithre Cúirteanna i rith an Chogaidh Chathartha sa bhliain 1922, díothaíodh cuid mhór taifead tiomnach bunaidh, lena n-áirítear taifid a d’eisigh an Phríomh-Chlárlann (Baile Átha Cliath) roimh an mbliain 1904 (1858-1903), taifid a d’eisigh na Clárlanna Ceantair roimh an mbliain 1900 (1858-1899) agus ábhair chartlainne na gCúirteanna Sainphribhléide agus Deoise (réamh-1858). Tá uachtanna agus páipéir riaracháin a taisceadh in Ard Mhacha, i mBéal Feirste agus i nDoire le fáil in PRONI i mBéal Feirste.

 

An féidir cóipeanna d’ábhar a díothaíodh a fháil?

I bhformhór mór na gcásanna a bhaineann le hábhar a d’eisigh an Phríomh-Chlárlann i mBaile Átha Cliath roimh an mbliain 1904 agus a d’eisigh na Cúirteanna Deoise agus Sainphribhléide roimh an mbliain 1858, níl aon chóip ar fáil. Tá an t-aon chruthúnas amháin atá ann a léiríonn gur eisíodh deonú le fáil sna féilirí nó sna hinnéacsanna marthanacha. I líon measartha íseal cásanna, d’fhéadfadh cóip a bheith ar marthain i sraith uimhir T de na taifid atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta. Cuimsíonn an bailiúchán seo d’ábhar tiomnach cóipeanna d’ábhar a díothaíodh agus a dheonaigh aturnaetha d’Oifig na dTaifead Poiblí mar a bhí ann roimhe seo (agus ar a dtugtar an Chartlann Náisiúnta anois), agus tá foinsí eile ar fáil ann chun cuid de na bearnaí atá ann mar gheall ar an díothú a líonadh. Tá tuairim is 20,000 ítim ann sa bhailiúchán seo ach ní hionann sin ach codán den ábhar a díothaíodh.

Foinsí eile

Leabhair Uachtanna

Maidir le deonuithe probháide nó deonuithe riaracháin a eisíodh i gClárlanna Ceantair roimh an mbliain 1900, d’fhéadfadh cóip a bheith ar marthain sna leabhair uachtanna atá ar fáil ar mhicreascannán i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta. Cuimsíonn na leabhair seo roinnt uachtanna a cruthaíodh sa Phríomh-Chlárlann sna blianta 1874, 1876, 1891 agus 1896 agus tá innéacs ar fáil ina leith sna féilirí bliantúla. Maidir le cúirteanna eaglasta réamh-1858, tá leabhair pháirteacha uachtanna níos túisce ann a bhaineann leis an gCúirt Sainphribhléide (1664-1684, 1706-1708, 1726-1728, 1728-1729, 1777, 1813 agus 1834) agus le roinnt Cúirteanna Deoise – Coinnire (1818-1820 agus 1853-1858) agus an Dún (1850-1858). Tá leabhair uachtanna Ard Mhacha, Bhéal Feirste agus Dhoire le fáil in PRONI i mBéal Feirste.

 

Leabhair na nDeonuithe

Tá leabhair dheonuithe ina bhfuil cóipeanna de dheonuithe ar fáil maidir le haon deonú a eisíodh ó bhí an bhliain 1922 ann. Maidir leis an tréimhse roimh an mbliain 1922, tá leabhair dheonuithe ann maidir le deonuithe a rinneadh sa Phríomh-Chlárlann shibhialta (Baile Átha Cliath) sna blianta 1878, 1883 agus 1891 agus maidir leis an gcuid is mó deonuithe a rinneadh sna Clárlanna Ceantair sibhialta ó bhí an bhliain 1858 ann. Chun teacht ar ainmneacha na ndaoine ar seoladh a n-uachtanna trí phrobháid sna blianta sin, is gá na féilirí nó na hinnéacsanna bliantúla a cheadú. Tá leabhair na ndeonuithe le haghaidh Ard Mhacha agus Bhéal Feirste suas go dtí an bhliain 1885 á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta ach tá leabhair dheonuithe níos déanaí ná sin le haghaidh Ard Mhacha, Bhéal Feirste agus Dhoire le fáil in PRONI.

Tá líon beag leabhar deonuithe ar marthain i leith na gcúirteanna eaglasta sa tréimhse réamh-1858. Ina measc sin, áirítear leabhair dheonuithe a bhaineann leis an gCúirt Sainphribhléide (1684-1688, 1748-1751, 1839) agus le roinnt Cúirteanna Deoise – Caiseal (1840-1845), Coinnire (1818-1820, 1853-1858), an Dún (1850-1858), Doire agus Ráth Bhoth (1812-1851) agus Osraí (1848-1858). Níl formhór mór leabhair deonuithe na gcúirteanna eaglasta ar marthain.

 

Innéacsanna a bhaineann le Leabhair na nDeonuithe

Tá innéacsanna do leabhair dheonuithe in ocht n-imleabhar do na blianta 1811-1834 agus 1835-1858 ar fáil i sealbhúchán príobháideach PRIV/999/611. Rinneadh na himleabhair sin a thiomsú i dtosach báire do ghnólacht dlí i mBaile Átha Cliath.

 

Achomaireachtaí Betham

Is ionann achomaireachtaí Betham agus sraith sleachta a tógadh as uachtanna a cruthaíodh sa Chúirt Sainphribhléide roimh an mbliain 1800, mar aon le riaracháin a deonaíodh sa Chúirt Sainphribhléide roimh an mbliain 1802 agus uachtanna a cruthaíodh i gCúirt Dheoise Chill Dara roimh an mbliain 1827. Tógadh na sleachta sin sular díothaíodh an t-ábhar sa bhliain 1922 agus tá siad ar fáil ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta. Tá tuairim is 20,000 iontráil iontu agus is féidir leo a bheith an-fhóinteach do thaighdeoirí atá ag iarraidh teacht ar thuilleadh mionsonraí faoi dhaoine aonair a raibh deonuithe acu a eisíodh roimh an mbliain 1800. Tá eagar curtha ar na micreascannáin de réir ábhair agus, ina dhiaidh sin, de réir shloinne an duine lena mbaineann. Tá áis aimsithe cruachóipe ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Tá innéacs eile ar fáil in Innéacs an Bhiocáire, Indexes to Dublin Grants agus in “Index to Wills of the Diocese of Kildare” a athchlódh ón Journal of the Kildare Archaeological Society, iv, No. 6, (1905). Tá innéacs ann freisin a bhaineann le huachtanna Thuama (1652-1809).

 

Achomaireachtaí Thrift

Is é atá in achomaireachtaí Thrift ná sraith sleachta a tógadh as uachtanna a cruthaíodh sa Chúirt Sainphribhléide roimh an mbliain 1800 agus, uaireanta, suas go dtí an bhliain 1858. Tógadh na sleachta sin sular díothaíodh an t-ábhar sa bhliain 1922 agus tá siad ar fáil ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta. Tá tuairim is 32,000 iontráil iontu agus is féidir leo a bheith an-fhóinteach do thaighdeoirí atá ag iarraidh teacht ar thuilleadh mionsonraí faoi dhaoine aonair ar eisigh na cúirteanna eaglasta deonuithe chucu. Cuimsíonn na hachomaireachtaí nithe amhail mionsonraí faoi ainm, faoi sheoladh, faoi shlí bheatha agus faoi bhliain deonaithe na probháide nó na litreacha riaracháin i gcás inar eisíodh na nithe sin. Níor bailíodh ábhar ó gach deoise mar chuid den obair a rinne Gertrude Thrift. Tá an t-innéacs inchuardaithe trí úsáid a bhaint as cárta-chatalóg atá ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Sa liosta seo a leanas, cuimsítear mionsonraí faoi na cúirteanna atá ar fáil agus faoi na dátaí clúdaithe:

  • Ard Fhearta & Achadh Deo, 1690-1800, Contaetha Chiarraí, Chorcaí
  • Caiseal & Imleach, 1618-1800, Contaetha Thiobraid Árann, Chill Chainnigh, Luimnigh
  • Cluain, 1621-1800, Contaetha Chorcaí, Luimnigh, Phort Láirge
  • Corcaigh & an Ros, 1548-1800, Contaetha Chorcaí, Chiarraí
  • Doire, 1612-1858, Contaetha Dhoire, Aontroma, Dhún na nGall, Thír Eoghain
  • Droim Mór, 1678-1858, Contaetha an Dúin, Aontroma, Ard Mhacha
  • Fearna, 1601-1800, Contaetha Loch Garman, Cheatharlach, Chill Mhantáin
  • Cill Dara, 1661-1800, Contaetha Chill Dara, Laoise (Queen’s County), Uíbh Fhailí (King’s County), Chill Mhantáin
  • Cill Dalua & Cill Fhionnúrach, 1653-1800, Contaetha an Chláir, Thiobraid Árann, Laoise (Queen’s County), Luimnigh
  • Leithghlinn, 1652-1800, Contaetha Cheatharlach, Laoise (Queen’s), Chill Chainnigh, Loch Garman, Chill Mhantáin
  • Luimneach, 1615-1800, Contaetha Luimnigh, an Chláir, Chorcaí, Chiarraí
  • An tIúr agus Múrna (Dlínsí Díolmhaithe), 1727-1858, Contaetha an Dúin, Ard Mhacha
  • Osraí, 1536-1800, Contaetha Chill Chainnigh, Laoise (Queen’s County)
  • Ráth Bhoth, 1684-1858, Contae Dhún na nGall
  • Port Láirge & Lios Mór, 1645-1800, Contaetha Phort Láirge, Chorcaí, Thiobraid Árann

 

Cláir Ioncaim Intíre/Cláir Uachtanna na hÉireann (IWR)
Cuimsíonn cláir Ioncaim Intíre uachtanna agus riaracháin, achomaireachtaí uachtanna agus riarachán do na blianta 1828-1839 a bhfuil innéacsanna ann ina leith in imleabhair ar leithligh a chlúdaíonn an tréimhse 1828-1879 (mícreascannán MFGS 43). Ba é a chéad gcuspóir ná dleachtanna báis a liostú. Maidir leis na blianta 1840-1857, tugann na hinnéacsanna sin mionsonraí nach bhfuil ann sna féilirí deoise agus sainphribhléide dá dtagraítear thuas.

 

Tabhartais Charthanúla agus Tiomnachtaí Carthanúla

Maidir le leabhair sleachta uachtanna i leithTabhartais Charthanúla agus Tiomnachtaí Carthanúla , cuimsíonn siad achomaireachtaí uachtanna i gcás ina ndearnadh tabhartas carthanúil Clúdaíonn siad na blianta ó 1800 go 1961 agus tá siad ar fáil ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta. Faightear rochtain orthu trí úsáid a bhaint as cárta-innéacs a chlúdaíonn an tréimhse ó 1800 go dtí 1858 agus atá ar fáil lena cheadú sa Seomra Léitheoireachta.