Inrochtaine inár bhfoirgneamh

Inrochtaine inár bhfoirgneamh

Foirgneamh Shráid an Easpaig

Tá foirgneamh na Cartlainne Náisiúnta i Sráid an Easpaig inrochtaine go hiomlán do léitheoirí agus do dhaoine den phobal atá faoi mhíchumas luaineachta. Is féidir úsáid a bhaint as an ardaitheoir sa halla isteach chun rochtain a fháil ar an bpríomhleibhéal ar urlár na talún (fáiltiú, seomra taisceadán, saoráidí bialainne agus leithris). Tugann an t-ardaitheoir sa phríomhfhoirgneamh rochtain ar an seomra léitheoireachta agus ar shaoráidí gaolmhara, lena n-áirítear Seomra an Chartlannaí atá ar Dualgas/ticéid léitheoirí, Seomra cóipeanna ar an toirt, Seirbhís Ghinealais agus leithris.

 

Aslonnú i gcás éigeandála

Tá ‘Evac+Chairs’ ar fáil lena n-úsáid i gcás aslonnú an tseomra léitheoireachta agus saoráidí gaolmhara i gcás éigeandála. Bá chóir do léitheoirí faoi mhíchumas luaineachta teagmháil a dhéanamh leis an gCartlannaí atá ar Dualgas le linn a gcuairte lena chinntiú go bhfuil an Chartlann Náisiúnta ar an eolas faoina gcuid riachtanais.