Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta réamh-1922

Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta réamh-1922

Cúirteanna Seisiún Ceathrún, Cúirteanna Gearr-Sheisiún agus Cúirteanna Contae

Ba iad na cúirteanna sin réamhtheachtaithe na Cúirte Dúiche atá ann sa lá atá inniu ann agus bhí siad ar marthain go dtí an bhliain 1924. Ceapadh Giúistísí Cónaithe agus Giúistísí Síochána chun daoine a chur faoi bhannaí síochána agus chun mionábhair shibhialta agus choiriúla a éisteacht. Ina theannta sin, éisteadh ábhair choiriúla ag na Seisiúin Cheathrún a seoladh ceithre huaire sa bhliain agus, lasmuigh de thráthanna na suíonna sin, éisteadh iad sna cúirteanna Gearr-Sheisiún.

Cuimsíonn taifid Chúirteanna na nGearr-Sheisiún go formhór Leabhair Orduithe na nGearr-Sheisiún, is é sin, cláir chúirte ina dtugtar ainmneacha agus áiteanna cónaithe an pháirtí nó na bpáirtithe i gcásanna ar leithligh, agus uaireanta, ainmneacha na bhfinnéithe mar aon le ráitis faoi chineál an cháis agus faoin bhfíorasc a tugadh. Tríd is tríd, baineann taifid na nGearr-Sheisiún a choimeádann an Chartlann Náisiúnta leis an tréimhse ón mbliain 1851 go dtí an bhliain 1924. Tá os cionn 11,000 imleabhar ann sa bhailiúchán Leabhar Orduithe ach tá roinnt bearnaí móra ann, go háirithe cláir Chúirt Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, áiríonn taifid na gCúirteanna Gearr-sheisiún sraith ar leith de chlárleabhair Ceadúnas Madra agus roinnt Clár Imeachtaí Coiriúla. Tá Cláir Cheadúnas Madra tábhachtach ós rud é go bhfuil ainmneacha agus seoltaí daoine aonair taifeadta iontu. Tá taifid na gCúirteanna Gearr-Sheisiún fóinteach do thaighdeoirí a bhfuil spéis acu i stair theaghlaigh, i stair áitiúil agus i stair shóisialta. Is minic a bhíonn daoine nach bhfuil a n-ainmneacha ann i dtaifid oifigiúla eile, amhail taifid luachála talún nó taifid thiomnacha, luaite i dtaifid na gCúirteanna Gearr-Sheisiún mar gheall ar mhionchionta amhail iad a bheith ar meisce in áit phoiblí nó gan ceadúnas madra a bheith acu.

Níl na taifid sin ar fáil ach amháin ar mhicreascannán. Is iad na cóid sraithe atá ann ná CS/PS/1 (Leabhair Orduithe), CS/PS/2 (Ceadúnais Mhadra) agus CS/PS/3 (Sraith ilghnéitheach). Tá siad inchuardaithe sa chatalóg ar líne nó trí úsáid a bhaint as na háiseanna cuardaigh sa Seomra Léitheoireachta. Cuimsíonn an áis chuardaigh an cód tagartha micreascannáin (MFGS/58 (Leabhair Orduithe), MFGS/60 (Ceadúnais Mhadra) agus MFGS/61 (Ilghnéitheach)), agus tá gá leis sin chun an micreascannán iomchuí a iarraidh. Ina theannta sin, tá mionsonraí iontu faoi chód tagartha na Cartlainne Náisiúnta, faoi shuíomh na Cúirte Dúiche agus faoi dhátaí an Leabhair Orduithe. Is ceart a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé go dtrasnaíonn dúichí cúirte teorainneacha contae.

Is féidir teacht ar thaifid Chúirteanna na Seisiún Ceathrún agus na gCúirteanna Contae sna háiseanna aimsithe a bhaineann le hOifigí Chléirigh na Coróineach agus na Síochána.

Cúirteanna na Coróineach agus na Síochána

Dhá oifig ar leithligh a bhí i gceist le cúirteanna na Coróineach agus na Síochána i dtosach báire ach cónascadh iad sa bhliain 1877 agus bhí siad á riaradh ag Cléireach a raibh feidhmeanna a oifige cosúil le feidhmeanna Cláraitheora Contae sa lá atá inniu ann. Bhí raon dualgas éagsúil ag Cléireach Chúirt na Coróineach agus na Síochána agus, diomaite de shuíonna cúirte a eagrú, ba é rúnaí an Ard-Choiste é, d’ullmhaigh sé páipéir dhlíthiúla, dhíotchúisigh sé príosúnaigh, thaifead sé gach pléadáil. ordú agus imeacht de chuid na cúirte i Leabhar na Coróineach, chuir sé finnéithe faoi mhionn, agus cheistigh sé iad, ag trialacha, d’ullmhaigh sé, agus choimeád sé, taifid uile na nArd-Seisiún agus, chomh maith leis sin, ghlac sé tuairisceáin faoi ionchoisní ó Chróinéirí.

Ba iad Cúirteanna na nArd-Seisiún réamhtheachtaí na hArd-Chúirte ar Cuaird. Dhéileáil siad leis na hábhair shibhialta agus leis na hábhair choiriúla is tábhachtaí agus shuigh siad ar cuaird dhá uair sa bhliain.

Taifid

Go dtí gur achtaíodh an Local Government (Ireland) Act 1898, chomhlíon oifigí chúirt na Coróineach agus na Síochána cuid mhór dualgas riaracháin, chomh maith le dualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh. Tá léiriú le fáil air sin sna taifid agus, go sonrach, i dtaifid an Ard-Choiste. Ba é an tArd-Choiste an comhlacht áitiúil ba thábhachtaí de chuid cheantair thuaithe na hÉireann i rith an 18ú haois agus an 19ú haois agus bhí cumhacht aige airgead a bhailiú ar mhodh rátaí contae, ar a dtugtaí cíos freisin. Is iad Leabhair Thuairiscí an Ard-Choiste príomhthaifid lucht riaracháin na gcontaetha roimh an mbliain 1898. Tá faisnéis iontu faoi obair ar ordaigh an tArd-Choiste í a dhéanamh ar bhóithre, ar dhroichid agus ar phríosúin agus faoi dhualgais chonstáblachta sna contaetha agus, chomh maith leis sin, faoi ainmneacha na ndaoine a fuair airgead i leith obair den sórt sin a dhéanamh.

Seo a leanas taifid dhlíthiúla eile de chuid na cúirte:

  • Mionnscríbhinní
  • Leabhair Achomhairc
  • Ciontuithe
  • Leabhair Choróineach
  • Teistíochtaí
  • Páipéir maidir le Díobháil Mhailíseach
  • Paitinní
  • Ceadúnais Tábhairneora
  • Páipéir maidir leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre
  • Eascairí Certiorari
  • Athbhreithniú Breithiúnach

Áirítear an méid seo a leanas i measc na dtaifead riaracháin//na dtaifead is díol spéise áitiúla:

  • Scéimeanna Siltin Artairigh
  • Páipéir Iascaigh
  • Pleananna agus Léarscáileanna Iarnróid
  • Scéimeanna leathnaithe bóthair
  • Pleananna faoin Acht um Feabhsú Bailte Móra
  • Pleananna maidir le feabhsuithe trambhealaí (Baile Átha Cliath)
  • Crainn, mionnscríbhinní agus liostaí

Faoi Orduithe i gComhairle a rinneadh de réir théarmaí an Public Records (Ireland) Act 1867, rinneadh taifid de chuid Chléirigh Chúirteanna na Coróineach agus na Síochána a aistriú chuig Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn tar éis iad a bheith ar marthain ar feadh 20 bliain. Nuair a ghlac na Cláraitheoirí Contae feidhmeanna Chléirigh Chúirteanna na Coróineach agus na Síochána chucu féin sa bhliain 1924 leanadh den chóras aistrithe sin. San am atá caite, ghlac an Chartlann Náisiúnta le taifid nach raibh 30 bliain d’aois chun caomhnú na dtaifead a bhí i gceist a chinntiú ach, mar thoradh ar easpa spáis stórála faoi láthair, scoireadh den chleachtas sin.

Déantar na háiseanna cuardaigh le haghaidh thaifid mharthanacha Chúirteanna na Coróineach agus na Síochana a choimeád i dtrí imleabhar sa Seomra Léitheoireachta. Níl an t-ábhar seo inchuardaithe faoi láthair sa chatalóg ar líne. Tá na taifid seo curtha in eagar de réir contae. Tiomsaíodh na liostaí seo ó na háiseanna cuardaigh bunaidh arbh é a bhí iontu ná imleabhar i leith gach contae ar leith. Tá na liostaí curtha in eagar de réir ord aibítre ó thaobh an ábhair lena mbaineann. Chun na taifid sin a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach an tagairt do Chúirt na Coróineach agus na Síochána (NAI CS/CP) a scríobh air mar aon leis an gcontae agus leis an tuairisc ar an ítim a thugtar san áis aimsithe, lena n-airítear na dátaí clúdaithe. Déantar na taifid seo a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Tá taifid do shé chontae Thuaisceart Éireann a bhaineann leis an tréimhse dar tús, go garbh, an bhliain 1900 á gcoimeád in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) i mBéal Feirste.

An Ard-Chúirt Bhreithiúnais (réamh-1924)

Bunaíodh an Ard-Chúirt Bhreithiúnais leis an Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1877. Chun é a chomhdhéanamh tarraingíodh le chéile cúirt na Seansaireachta, cúirt Bhinse na Banríona, cúirt na bPléadálacha Coiteanna, cúirt an Státchiste, an chúirt Phrobháide, cúirt na gCúiseanna Pósta, cúirt na nEastát Talún agus an chúirt Aimiréalachta. Bhí cúram na hArd-Chúirte Breithiúnais an-chosúil le cúram na hArd-Chúirte atá ann sa lá atá inniu ann, lena n-áirítear na feidhmeanna maidir le hachomhairc a éisteacht agus déileáil le poncanna dlí.

Taifid

Níl aon taifid Ard-Chúirte ann ach amháin maidir leis an tréimhse ón mbliain 1926 ar aghaidh. Roimhe sin, tá na doiciméid ar leithligh, amhail orduithe agus breithiúnais, ceangailte ar leithligh óna chéile. Tá an áis aimsithe a bhaineann leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais le fáil i bhfillteán gorm sa Seomra Léitheoireachta. Tá innéacs na n-ábhar, in ord aibítreach, le fáil ag tús na háise aimsithe. Chun ítim a iarraidh, comhlánaigh duillín ordaithe ach an tagairt do Chúirt na hArd-Chúirte (NAI CS/HC) a scríobh air mar aon leis an tuairisc ar an ítim a thugtar san áis aimsithe, lena n-airítear na dátaí clúdaithe.

Níl an t-ábhar seo inchuardaithe faoi láthair sa chatalóg ar líne. Déantar na taifid seo a stóráil in áiteanna stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.

Card image cap

19.03.22

Treoir maidir le Taifid Chúirte a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta iar-1922
An Córas Cúirte Nua-Aoiseach Is leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 a bunaíodh córas nua-aoiseach na Cúirte Dúiche, na Cúirte...

Taifid chúirte