Taifid stairiúla

Treoir maidir le cláir pharóiste Eaglais na hÉireann (na hEaglaise Anglacánaí)

Cad iad na cláir pharóiste de chuid Eaglais na hÉireann a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta?

Is taifid phoiblí iad taifid pharóiste réamh-1870 (baistí, póstaí agus adhlacthaí) Eaglais na hÉireann (na hEaglaise Anglacánaí) agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta. Maidir le taifid iar-1870, is gá teagmháil a dhéanamh leis an Representative Church Body Library (Leabharlann RCB), ina gcoimeádtar ábhair chartlainne Eaglais na hÉireann.

Tá cóipeanna micreascannáin agus cóipeanna eile ar fáil sa Chartlann Náisiúnta, ar cóipeanna iad de chláir mharthanacha Eaglais na hÉireann do dheoisí Fhearna, Ghleann Dá Loch, Chill Dara agus na Mí, chomh maith le hábhar a bhaineann le cuid mhór áiteanna eile in Éirinn, agus is féidir cuardach a dhéanamh ar líne i liosta na gclár paróiste ar mhicreascannán atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta, ar liosta é ina dtugtar a n-uimhreacha micreascannáin faoi seach.

 

Cén fáth nach gcoimeádtar taifid iar-1880?

De ghnáth, ní bhaineann na cláir pharóiste atá ann sa Chartlann Náisiúnta (leaganacha bunaidh, cóipeanna nó micreascannáin) leis an tréimhse tar éis na bliana 1880 ach síneann ré cuid acu isteach sa 20ú haois. Is amhlaidh an scéal mar nár measadh a thuilleadh gur taifid phoiblí iad na taifid sin agus nach raibh aon oibleagáid ann a thuilleadh iad a aistriú chuig Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn arb é an Chartlann Náisiúnta é anois.

 

Cad iad na taifid a choimeádtar in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) i mBéal Feirste?

Tá cóipeanna ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) i mBéal Feirste de na cláir mharthanacha go léir de chuid Eaglais na hÉireann le haghaidh Dheoisí Ard Mhacha, an Chlochair, Choinnire, Dhoire, Dhroim Mór, na Cille Móire agus Ráth Bhoth. Cuimsíonn deoisí an tuaiscirt na sé chontae de chuid Thuaisceart Éireann chomh maith le contaetha an Chabháin, Dhún na nGall agus Mhuineacháin mar aon le cuid de chontae Liatroma. Tá cóipeanna de na cláir sin a bhaineann le Poblacht na hÉireann agus a ndearna Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann leagan micreascannáin díobh, á gcoimeád ag Leabharlann RCB.

 

Conas a fhaighim amach cad iad na cláir atá ar marthain?

Sa bhliain 2017, sheol agus d’uasdátaigh Leabharlann RCB liosta de chláir pharóiste uile Eaglais na hÉireann inar taispeánadh an raibh siad ar marthain agus cén áit ina gcoimeádtar iad. Tugtar ainmneacha agus seoltaí daoine den chléir in Eolaire bliantúil Eaglais na hÉireann. Is féidir liosta agus cárta-innéacs de na cláir a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, chomh maith le liostaí trascríbhinní agus achomaireachtaí, a cheadú sa Seomra Léitheoireachta freisin.

 

Cad atá i gceist le ceadúnais phósta?

Tugann taifid ar cheadúnais phósta faisnéis maidir le roinnt póstaí de chuid Eaglais na hÉireann a bhí ann roimh an mbliain 1845. B’éigean do dhaoine ar theastaigh uathu ceadúnas pósta a fháil gan bannaí a fhógairt banna a dhéanamh le heaspag na deoise. Níl na ceadúnais ná na bannaí ar marthain sa chuid is mó cásanna, ach tá na hinnéacsanna a ghabhann leis na bannaí a taisceadh i ngach Cúirt Deoise agus sa Chúirt Sainphribhléide ar fáil sa Seomra Léitheoireachta. Tá tuilleadh mionsonraí le fáil in achomaireachtaí Betham maidir le ceadúnais phósta Sainphribhléide agus ceadúnais phósta Dheoise Bhaile Átha Cliath agus tá taifid eile ar cheadúnais phósta innéacsaithe sa chárta-innéacs Tiomnach atá ar fáil lena cheadú sa Seomra Léitheoireachta.

Maidir leis an tréimhse roimh 1864, is iad na taifid eaglaise an t-aon taifead amháin atá ann faoin gcuid is mó baistí, póstaí agus adhlacthaí. Tá an buneolas is fearr faoi thaifid eaglaise le fáil in Irish Church Records (Dublin, 1992), le James G. Ryan (eagarthóir), (Baile Átha Cliath, 1992), agus i saothar le Steven C. ffeary-Smyrl dar teideal Dictionary of Dublin Dissent:Dublin’s Protestant dissenting meeting houses, 1660–1920 (Dublin, 2009).

Tá an chuid is mó de na cláir pharóiste (beag beann ar aicme chreidimh) do chontaetha tuaisceartacha na hÉireann ar fáil ar mhicreascannán in PRONI agus is é atá sa treoir is fearr ná An Irish Genealogical Source:Guide to Church Records (PRONI, 1994).

Foinsí eile taighde

Cad atá i gceist le cuardaigh i dtuairisceáin pharóiste Eaglais na hÉireann?

Mar fhorlíonadh ar na cláir, cuimsíonn foinsí eile cuardaigh trí imleabhar déag ina bhfuil cuardaigh a rinneadh i dtuairisceáin pharóiste Eaglais na hÉireann (baistí de ghnáth, ach tá roinnt póstaí i gceist freisin).

 

Cén fáth go ndearnadh iad?

Iarradh na cuardaigh chun a fháil amach an raibh an t-iarratasóir, sa tréimhse c. 1908-1922, ach c. 1915-1922 go háirithe, i dteideal Pinsean Seanaoise a fháil ar bhonn fianaise a fuarthas ó na tuairisceáin pharóiste a bhí ar marthain an tráth sin in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn. Is sa bhliain 1908 a tugadh isteach an pinsean seanaoise in Éirinn do dhaoine a bhí 70 bliain d’aois nó os a chionn. Rugadh na daoine sin sular tugadh isteach an clárú sibhialta sa bhliain 1864 agus b’éigean dóibh foinsí eile a úsáid chun cruthúnas ar a n-aois a thabhairt.

Soláthraíonn cuardaigh dhearfacha sonraí luachmhara ginealais ach ní cóipeanna de thaifid eaglaise iad agus ní féidir iad a úsáid chun cláir atá caillte a athchruthú. Tá áis chuimsitheach aimsithe le fáil sa Chartlann Náisiúnta, ar ais í a bhaineann leis na paróistí go léir lena mbaineann na cuardaigh sin agus tá sí ar fáil ar líne chun cuardach a dhéanamh inti. Uaireanta, níl ach cuardach amháin, maidir le duine sonrach, taifeadta i leith paróistí áirithe. In imleabhar a trí déag, tá cuardaigh iolracha taifeadta maidir le daoine éagsúla i bparóistí cathrach agus iad liostaithe in ‘Parish Registers and related Material’, atá ar fáil sa Seomra Léitheoireachta.

 

Céard é Daonáireamh Reiligiúin 1766?

Foinse eile taighde is ea daonáireamh reiligiúin 1766 a d’údaraigh Teach na dTiarnaí in Éirinn i Márta na bliana sin d’fhonn liosta de na teaghlaigh leithleacha sna paróistí éagsúla a thabhairt do Theach na dTiarnaí ar an gcéad Luan tar éis an tSosa, á léiriú cé acu a bhí ina bProtastúnaigh agus cé acu a bhí ina bPápairí, mar aon le liosta de na sagairt phápánta ainme agus de na bráithreacha pápánta ainme a raibh cónaí orthu sna paróistí sin. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Treoir maidir leis an Daonáireamh Reiligiúin, 1766.

 

Achomaireachtaí Ginealais ó chláir pharóiste Eaglais na hÉireann

Foinse bhreise taighde is ea trascríbhinní clár paróiste a rinneadh ar mhaithe le cúrsaí ginealais. Cé nach mbaineann cuid mhór de na sonraí sna hachomaireachtaí ach amháin le sloinnte, fágann fairsinge an ábhair thrascríofa gur féidir cláir a athchruthú go páirteach. As measc na dtrascríbhinní ginealais is fearr dá bhfuil ann, is fiú tagairt a dhéanamh do na cuardaigh pharóiste a rinne Gertrude Thrift (go háirithe maidir le Baile Átha Cliath), James Grove White (go háirithe maidir le Corcaigh), Tenison Groves agus TU Sadlier. Tá innéacsú de réir sloinnte déanta ar roinnt bailiúchán, arb iad Achomaireachtaí Thrift an sampla is fearr díobh, agus, seachas sin, déantar an liostú de réir paróistí. Is féidir cláir pharóiste a cuardaíodh ar mhaithe le cúrsaí ginealais a aimsiú sa liosta d’áiseanna aimsithe M (miscellaneous/ilghnéitheach) sa Chartlann Náisiúnta nó tá siad liostaithe de réir shloinne an taighdeora, mar shampla i gcárta-innéacs Thrift.

 

An bhfuil liosta ar fáil de chláir pharóiste mharthanacha Eaglais na hÉireann?

Tá cóipeanna de chláir pharóiste atá ar marthain fós agus a bhfuil micreascannánú nó cóipeáil déanta orthu ar fáil i gcárta-innéacs Eaglais na hÉireann sa Chartlann Náisiúnta. Ina theannta sin, is féidir cóipeanna de mhiontuairiscí beistrí agus de leabhair sheanmóirithe etc. a aimsiú agus iad uimhrithe agus innéacsaithe de réir ainm an pharóiste.

I rith bhlianta na 1950-idí, agus arís i rith bhlianta na 1980-idí, seoladh clár córasach micreascannánaithe chláir pharóiste Eaglais na hÉireann agus rinneadh an scannánú is cuimsithí in oirthear na tíre. Tá cárta-innéacs ann i leith na gclár paróiste a scannánaíodh i rith bhlianta na 1950-idí, agus iad curtha in eagar de réir ainm an pharóiste. Tá áiseanna aimsithe ceangailte ann i leith an ábhair scannánaithe is déanaí agus tá eagar curtha ar an ábhar sin de réir aontais agus, ina dhiaidh sin, de réir paróiste. Tá na micreascannáin a bhaineann le cláir pharóiste Eaglais na hÉireann ar fáil don phobal.

 

Conas a fhaighim faisnéis faoi chláir pharóiste Eaglais na hÉireann nach bhfuil ar marthain?

Tá tuilleadh faisnéise faoi thaifid Eaglais na hÉireann, agus i dtaobh an bhfuil siad ar marthain nó a mhalairt, ar fáil ar láithreán gréasáin Leabharlann RCB.

Tá trascríbhinní (agus roinnt íomhánna digitithe) de chláir pharóiste baistí, póstaí agus adhlactha de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus Eaglais na hÉireann don tréimhse roimh an mbliain 1900 ar fáil saor in aisce ar www.irishgenealogy.ie atá á óstáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

Cén áit a n-aimsím Taifid Eaglaise nach bhfuil á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta?

Cláir pharóiste de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí

Níl aon chláir de chuid pharóistí na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta. Tá digitiú déanta anois ar roinnt clár a bhí á gcoimeád ar mhicreascannán ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá siad ar fáil saor in aisce ar líne ag www.registers.nli.ie. Ina measc siúd, áirítear cláir a bhaineann leis an gcuid is mó paróistí de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí suas go dtí an bhliain 1880 agus, i dtaca le líon beag cásanna, suas go dtí an bhliain 1900. Tá taifid bhunaidh pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí (baistí, póstaí agus adhlacthaí) á gcoimeád fós sna paróistí lena mbaineann. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach láithreán gréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, le do thoil.

 

Taifid nach bhfuil eagar curtha orthu ar bhonn paróiste

An Pobal Giúdach

D’fhéadfadh sé go mbeadh taifid de chuid an phobail Ghiúdaigh in Éirinn, lena n-áirítear taifid bhreithe, á gcoimeád san Irish Jewish Museum ag 3 Bóthar Walworth, Baile Átha Cliath 8.

 

An Eaglais Mheitidisteach

Áiríonn taifid na hEaglaise Meitidistí in Éirinn cláir baistí agus póstaí chuarda Meitidisteacha agus shéipéil Mheitidisteacha na hÉireann. Tá cuid mhór acu á gcoimeád ag Wesley Historical Society in Ireland i mBéal Feirste (agus tá bailiúchán beag cartlainne acu i mBaile Átha Cliath freisin). Tá micreascannánú déanta ag PRONI ar chuid mhór taifead Meitidisteach agus is ceart do thaighdeoirí Irish Methodists – where do I start?, le Steven C ffeary-Smyrl, a cheadú. (Council of Irish Genealogical Organisations, Dublin, 2000) chun treoir a fháil maidir le taifid a bhaineann leis an Eaglais Mheitidisteach in Éirinn.

 

An Eaglais Phreispitéireach in Éirinn

Cuimsíonn taifid na hEaglaise Preispitéirí in Éirinn cláir baistí agus póstaí. Tá cuid mhór acu á gcoimeád ag an Presbyterian Historical Society i mBéal Feirste. Tá leagan micreascannáin den chuid is mó de taifid na hEaglaise Meitidistí i gCúige Uladh déanta ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

 

Creideamh-Chumann na gCarad (na Caecair)

Tá cláir breitheanna, póstaí agus básanna a bhaineann leis an tréimhse ón seachtú haois déag ar aghaidh le fáil i dtaifid Chumann na gCarad (na Caecair) in Éirinn. Tá na taifid sin á gcoimeád ag Leabharlann Staire Chumann na gCarad i mBaile Átha Cliath nó ag Tionól Ráithiúil Uladh Chumann na gCarad i Lios na gCearrbhach.

Card image cap

19.03.20

Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála
Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

Páipéir Hilda Tweedy (Irish Housewives Association)
The Irish Housewives Association (IHA) was formed in 1942, with the objective of gaining recognition for the right of housewives...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

The Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers
The first committee meeting of the Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers was held in March 1935, at...

Treoirleabhair & foinsí taighde