Taifid stairiúla

Treoir maidir leis na bailiúcháin ospidéil

An bhfuil bailiúcháin ospidéil ag an gCartlann Náisiúnta?

Tá roinnt taifead de chuid ospidéal ag an gCartlann Náisiúnta a bhfuil cuid de na hospidéil ar marthain fós agus a bhfuil cuid eile díobh imithe in éag anois.

An bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an gCartlann Náisiúnta ábhair chartlainne de chuid ospidéal a bhailiú?

Níl. Ní dhéantar aon tagairt shonrach san Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 do thaifid liachta agus, dá bhrí sin, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCartlann Náisiúnta na bailiúcháin sin a choimeád.

Cén fáth go gcoimeádann an Chartlann Náisiúnta roinnt bailiúchán ospidéil?

Aithníonn an Chartlann Náisiúnta an tábhacht staire a ghabhann le taifid liachta a mhéid a bhaineann le stair shóisialta agus liachta na hÉireann. Cé nach ndéantar tagairt shonrach do thaifid liachta san Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 ceadaíonn an tAcht bailiúcháin phríobháideacha ar fiú iad a chaomhnú ar bhonn fadtéarma a fháil.

An féidir liom cuairt a thabhairt ar an gCartlann Náisiúnta chun breathnú ar bhailiúcháin ospidéil?

Ní féidir. Is bailiúcháin phríobháideacha iad bailiúcháin ospidéil agus, dá bhrí sin, ní féidir rochtain a fháil orthu ach amháin le cead ón deontóir. Ní mór do thaighdeoirí teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an institiúid lena mbaineann chun cead a lorg i leith rochtain a fháil ar thaifid a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta. Más rud é nach bhfaigheann an Chartlann cead i scríbhinn go díreach ón aonad ar a bhfuil freagracht i ndáil le hiarrataí den sórt sin san institiúid lena mbaineann, ní thabharfar rochtain ar na taifid. Ní thabharfar rochtain ar na taifid mura bhfaightear an cead trí na bealaí cearta.

Cén fáth go bhfuil rochtain chomh srianta sin?

Is bailiúcháin phríobháideacha iad bailiúcháin ospidéil agus ní thagann siad faoi réir na n-oibleagáidí dlíthiúla céanna atá ann maidir le páipéir eile Stáit a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta. Is minic a bhíonn faisnéis an-phríobháideach agus an-phearsanta ann sna bailiúcháin seo agus d’fhéadfadh sé gurbh ionann scaoileadh na faisnéise sin agus sárú ar cheart an othair i leith príobháideachais.

Cad iad na bailiúcháin a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta?

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta dhá chineál bailiúchán ospidéil, is é sin, bailiúcháin de chuid institiúidí nach bhfuil ar marthain fós agus bailiúcháin a ndéanann an institiúid nó tríú páirtí bainistíocht ar rochtain orthu.

Is é an Chartlann Náisiúnta an rialaitheoir sonraí i leith na mbailiúchán ospidéil seo a leanas:

  • Ospidéal Tí Tionscail (PRIV/1267)
  • Ospidéal Shráid Jervis (PRIV/1268)
  • Ospidéal Mercer (PRIV/1269)
  • Ospidéal Shráid Bhagóid (Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Átha Cliath) (PRIV/1272)
  • Institiúid Altranais Áitiúil na Banríona in Éirinn (PRIV/1274)
  • Ospidéal agus Íoclann Ráth an Dúin/Ospidéal Bhaile na Manach (PRIV/1273)
  • Scéim Eitinne Bhardas Bhaile Átha Cliath (PRIV/1275)
  • Teach Altranais Stella Maris, Sráid Pheambróg, Baile Átha Cliath 2 (DUB/105)

Tugtar rochtain ar na bailiúcháin sin ar bhonn gach cáis ar leith. Is ceart gach fiosrú faoi na bailiúcháin ospidéil sin a dhíriú go díreach chuig an gCoimeádaí, Cúram don Bhailiúchán agus Seirbhísí Custaiméara nó, le ríomhphost, chuig [email protected].

Cad iad na bailiúcháin eile a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta?

Ina theannta sin, coimeádann an Chartlann Náisiúnta ábhair chartlainne na n-institiúidí seo a leanas:

  • Peamount Sanatorium, Baile Átha Cliath (PRIV/997/PS)
  • Women’s National Health Association of Ireland (PRIV/1212)
  • Ospidéal na Mí (PRIV/1271)
  • Ospidéal N Breandán, Gráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath (ar a dtugtar Gealtlann Richmond freisin) (PRIV/1223)
  • Ospidéal an Rotunda (PRIV/1263)
  • Ospidéal Luí Seoil an Chúim (PRIV/1270)
  • Ospidéal Meabhair-Shláinte N Bríd, Béal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe
  • Ospidéal Meabhair-Shláinte N Colm, Sligeach (97/40)
  • Ospidéal N Eoin, Sligeach (Teaghais Chontae Shligigh) (PRIV/1184)
  • Ospidéal N Breandán, Baile Locha Riach, Contae na Gaillimhe (Teaghais Chontae na Gaillimhe)

Tá an rochtain ar na bailiúcháin sin srianta agus ní thabharfar rochtain ach amháin i gcás cead a bheith faighte ag an gCartlann Náisiúnta go díreach ón duine ainmnithe oifigiúil san institiúid lena mbaineann. Chun mionsonraí a fháil faoin duine ar ceart iarrataí a dhíriú chuige/chuici, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig [email protected].

Maidir le haon ospidéal eile, agus maidir le hachoimre stairiúil agus reatha faoi oispidéil agus faoi thaifid oispidéal in Éirinn, féach an Survey of Hospital Archives in Ireland (2015). Tá an t-eolas eagraithe de réir contaetha, agus ag deireadh gach caibidil tá eolas ar fáil faoi Institiúidí ar a Tugadh Cuairt (a bhfuil a dtaifid féin acu), agus Taifid i Láithreacha Eile, sinne ina measc.

Card image cap

19.03.20

Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála
Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

Páipéir Hilda Tweedy (Irish Housewives Association)
The Irish Housewives Association (IHA) was formed in 1942, with the objective of gaining recognition for the right of housewives...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

The Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers
The first committee meeting of the Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers was held in March 1935, at...

Treoirleabhair & foinsí taighde