Taisclainne nua ábhar cartlainne

Taisclainne nua ábhar cartlainne

Tá tús curtha leis an obair ar ábhair chartlainne a aistriú ó stóras na Cartlainne Náisiúnta. Baineann an t-aistriú sin le cuid de na hoibreacha ullmhúcháin atá le déanamh ag Oifig na nOibreacha Poiblí sula gcuirtear tús le tógáil taisclainne nua ábhar cartlainne níos déanaí i mbliana. Cuirfidh an taisclann nua cóiríocht ar fáil, de réir caighdeáin idirnáisiúnta, do thuairim is 350,000 bosca cartlainne. Beidh an acmhainn stórála nua ina cabhair maidir le riaráistí taifead á gcoimeád i ranna rialtais faoi láthair a aistriú agus, mar thoradh air sin déanfar caomhnú buan na dtaifead sin sa todhchaí a áirithiú do na glúnta taighdeoirí a bheidh ann amach anseo. Tá an tionscadal á mhaoiniú mar chuid de thionscnamh Éire 2040 an rialtais.