Taifid stairiúla

Treoirleabhair & foinsí taighde

Tá sraith gearrthéacsanna treoracha a bhaineann le cuid de na bailiúcháin is tábhachtaí dár gcuid, agus is minice a cheadaítear, ullmhaithe ag an gCartlann Náisiúnta.  Féach an liosat ar chlé: ní liosta cuimsitheach é agus ní áirítear ach codán beag dár gcuid sealúchas ann.

Tá na téacsanna ceaptha chun forléargas gearr a thabhairt ar na bailiúcháin agus chun na bailiúcháin a chur i gcomhthéacs stairiúil. Tá siad fóinteach freisin maidir le tuiscint a fháil ar na cineálacha taifead a gheobhaidh taighdeoirí agus ar an luach ionchasach a bhaineann leo i dtaca le cúrsaí taighde.

Ailt

Foilsíodh na hailt seo a leanas in irisí cartlainne nó staire agus baineann siad le sraitheanna áirithe taifead a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta -soláthraíonn siad faisnéis chomhthéacsúil faoi chuid dár mbailiúcháin.

‘The medieval Irish plea rolls – an introduction’ le Philomena Connolly

‘Sources in the National Archives for researching the Great Famine’ le Marianne Cosgrave, Rena Lohan agus Tom Quinlan (codanna 1 agus 2)

‘Hospital records in the National Archives of Ireland’ le Brian Donnelly

‘Some unusual sources for the history of medicine in the National Archives of Ireland’ le Aideen Ireland

‘The Rebellion Papers’ le Deirdre Lindsay

‘Sources in the National Archives for research into the transportation of Irish convicts to Australia (1791-1853)’ le Rena Lohan (féach freisin bunachar sonraí na hÉireann-na hAstráile agus .leagan pdf)

‘The archives of the Office of Public Works and their value as a source for local history’ le Rena Lohan

‘Ferreting Out Evil – the records of the Committee on Evil Literature’ le Tom Quinlan

‘The Registered Papers of the Chief Secretary’s Office’ le Tom Quinlan (féach freisin láithreán gréasáin CSORP)

‘Anna Haslam’s contribution to the cause of women’s rights in Ireland’ le Mary Cullen