Ár n-ábhair chartlainne

Culture Company Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Is cúis lúcháire don Chartlann Náisiúnta a bheith páirteach le Culture Company Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bunaíodh in 2018 chun rannpháirtíocht pobail le hinstitiúidí cultúir agus i ngníomhaíochtaí cultúir ina gceantair féin a chur chun cinn mar aon le cultúr a chur chun cinn ar fud na cathrach.

Chuir muid tús lenár gcaidreamh leis an tionscnamh seo trí pháirt a ghlacadh sa tionscadal dar teideal Out of the Box, trínar tugadh cabhair do dhaoine taighde a dhéanamh faoi stair a dteaghlaigh agus faoina gceantar áitiúil. Leanadh ar aghaidh leis an gcomhoibriú sin sa bhliain 2018 trí chlár na Comharsanachta Náisiúnta agus Culture Club.

Cruthaítear tionscadail cultúir i suíomhanna pobail leis an gComharsanacht Náisiúnta trí ealaíontóirí, grúpaí agus sráidbhailte le leabharlanna, iarsmalanna agus áiteanna cruthaíochta, d’fhonn a dtuiscint ar a gcultúr áitiúil a láidriú, a thabhairt le chéile. Trína rannpháirtíocht leis an gComharsanacht Náisiúnta, ghlac an Chartlann Náisiúnta páirt go fonnmhar i dtionscadail múrphictiúr le Grúpa Óige na Coille Móire Thiar agus Clár Pobail Cósta Chill Bharróg.

Culture Club

Turas taispeántais nó foirgnimh a bhíonn i gceist le Culture Club de ghnáth le treoraí eolach i dteannta grúpa de mhuintir na cathrach. Trínár rannpháirtíocht leis an Culture Club cuireann muid fáilte roimh ghrúpa cuairteoirí gach aon mhí, cuireann muid cainteanna ar bun ar an ábhar iontach atá againn agus cuireann muid an réimse leathan seirbhísí a chuireann muid ar fáil don phobal chun cinn. Chun tuilleadh eolais a fháil ar mar is féidir páirt a ghlacadh sna tionscnaimh seo féach ar www.dublincitycouncilculturecompany.ie.

 

Daltaí ón CBS Sráid Synge ag féachaint ar leárscaileanna ó 19ú haois le Coimeádaí Tom Quinlan.

Card image cap

19.02.28

Doiciméid a tarrtháladh ó Oifig na dTaifead Poiblí (Éire) tar éis an dóiteáin sa bhliain 1922
Bailiúchán d'ábhar a piocadh suas agus tarrtháladh tar éis an dóiteáin a rinne scrios ar Oifig na dTaifead Poiblí in...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Doiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann
Tá doiciméid faoi Bheartas Eachtrach na hÉireann (DIFP) ina bhfoinse riachtanach phoiblí chun staidéar a dhéanamh ar stair an fichiú...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Conflict Archive on the INternet (CAIN)
Is é atá in Conflict Archive on the INternet (CAIN) ná tionscadal de chuid an International Conflict Research Institute in...

Tionscadail chomhoibritheacha