Ár n-ábhair chartlainne

Ó 2022 amach: Taisce Taifead Fhíorúil na hÉireann

Is é atá i gceist le ‘Ó 2022 amach’ ná tionscadal de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i gcomhar leis an gCartlann Náisiúnta, le Cartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, le hOifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann agus le Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, chun atógáil fhíorúil Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, a díothaíodh i rith an Chogaidh Chathartha sa bhliain 1922, a chruthú.

Cruthófar an múnla 3D ar bhonn pleananna bunaidh ailtireachta agus ar bhonn fianaise fhótagrafach a bhaineann le tús an 20ú haois. Mar chuid den tionscadal freisin, tiomsófar fardal d’ábhar a scriosadh sa bhliain 1922 agus sainaithneofar ábhar atá fós ann agus cóipeanna ionadacha nó cóipeanna malartacha atá ar fáil i dtaisclanna éagsúla in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin an tionscadail ag www.beyond2022.ie.

NAI, Mills Photograph Album, ina dtaispeántar daoine den fhoireann i dtaisce na taifid Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn sa bhliain 1914, 8 mbliana roimh an scrois de bharr an Cogadh Cathartha i 1922.

Card image cap

19.02.28

Doiciméid a tarrtháladh ó Oifig na dTaifead Poiblí (Éire) tar éis an dóiteáin sa bhliain 1922
Bailiúchán d'ábhar a piocadh suas agus tarrtháladh tar éis an dóiteáin a rinne scrios ar Oifig na dTaifead Poiblí in...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Doiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann
Tá doiciméid faoi Bheartas Eachtrach na hÉireann (DIFP) ina bhfoinse riachtanach phoiblí chun staidéar a dhéanamh ar stair an fichiú...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Conflict Archive on the INternet (CAIN)
Is é atá in Conflict Archive on the INternet (CAIN) ná tionscadal de chuid an International Conflict Research Institute in...

Tionscadail chomhoibritheacha