Ár n-ábhair chartlainne

Doiciméid a tarrtháladh ó Oifig na dTaifead Poiblí (Éire) tar éis an dóiteáin sa bhliain 1922

Bailiúchán d’ábhar a piocadh suas agus tarrtháladh tar éis an dóiteáin a rinne scrios ar Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn (PROI) an 30 Meitheamh 1922 i rith an Chogaidh Chathartha ab iad na ‘Doiciméid Tarrtháilte’. Níor osclaíodh an 378 beart riamh roimhe sin. Cé go raibh cur síos gearr ar an ábhar a bhí sna bearta ar lipéid na mbeart, ní raibh fáil ag cartlannaithe, staraithe ná ag taighdeoirí ar na doiciméid a bhí iontu.

Tugadh faoi shuirbhé measúnachta ar riocht na mbeart ag deireadh na bliana 2017. An aidhm a bhí leis an suirbhé eolas a fháil ar chéard go díreach a bhí sna bearta, an méid ábhar a bhí iontu a mheas agus an riocht agus tábhacht na ndoiciméad ó thaobh na staire de a fháil amach. Baineann na doiciméid leis an tréimhse ón 14ú hAois go dtí tús an 20ú hAois.

Rinneadh measúnacht ar an ábhar, ullmhaíodh cur síos ina leith agus tógadh grianghraif de. Sannadh raon grád riochta do na doiciméid ó Ghrád 1 (Cobhsaí) go Grád 5 (Leochaileach). Rinneadh measúnacht ar an ábhar ó thaobh cobhsaíochta agus chomh héasca agus a bhí sé iad a oscailt nó na doiciméid a oscailt amach agus iad a léamh. Rinneadh suirbhé ar bheagnach 16,000 bileog veillim i bhformáidí agus riochtanna éagsúla. Bhí díchumadh déanta ar chion ard de na pár-dhoiciméid agus, mar thoradh ar theas an dóiteáin, bhí siad greamaithe de bhileoga eile páir.

Tháinig os cionn 9,000 lámhscríbhinn i mbileoga páipéir scaoilte nó bloic téacs ceangailte slán. Bhí cuid de na leathanaigh nach raibh ach dóite ar chiumhais an leathanaigh agus bhí cuid eile nach raibh dóite ach i lár an leathanaigh de bharr go raibh said fillte. Bhí an páipéar díhiodráitithe agus briosc.

Nuair a bhí an suirbhé déanta ba é an chéad chéim eile ná an t-ábhar ar tugadh Grád 1 dóibh ó thaobh reachta de a ghlanadh. Ba iad sin na doiciméid a bhí ar an riocht is fearr agus a raibh cóireálacha caomhnaithe nach raibh chomh casta sin de dhíth orthu. Thosaigh an obair chun an t-ábhar seo a ghlanadh go luath sa bhliain 2018 ag úsáid modhanna caomhnaithe agus cuireadh stóras fadtéarmach ar fáil i bpacáistiú ar chaighdeán cartlainne chun na doiciméid a chosaint.

Bhí cóireálacha caomhnaithe breise de dhíth ó roinnt beart, cóireálacha ar nós bogthaisiú éadrom, iad a chothromú agus damáiste fisiciúil nó áiteanna a bhí loiscthe a bhí lag agus a raibh sé éasca tuilleadh damáiste a dhéanamh dóibh a dheisiú.

Tugadh an obair chaomhnaithe ar na hábhair ar fad a bhí ar Ghrád 1 chun críche in 2019 agus táthar ábalta an t-ábhar sin a thabhairt do na cartlannaithe chun é a liostáil go mion. Is ó iarbhailiúchán an PROI a tháinig an t-ábhar seo ar fad agus beidh cartlannaithe ábalta teacht a bheith acu ar chóid tagartha na mbailiúchán stairiúil thrí úsáid a bhaint as Guide to the Records Deposited in the Public Record Office of Ireland (Baile Átha Cliath 1919), Herbert Wood.

Ba í Zoë Reid, Caomhnóir Sinsearach na Cartlainne Náisiúnta, a bhí ina maoirseoir tionscadail agus ba iad Rebecca de Bút (caomhnóir tionscadail), Heather Courtney (cúntóir tionscadail agus grianghrafadóir, Suirbhé Measúnachta ar Riocht) agus Jenny Greiner (cúntóir tionscadail, Glanadh ábhar Grád 1) a thug faoin obair. Ní fhéadfaí an obair seo a dhéanamh murach an maoiniú flaithiúil a fuarthas ó Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) agus táimid fíorbhuíoch as a thacaíocht leanúnach.

Common Pleas: Outlawries, Estreats of 1741 & 1743. The rolled leaves of parchment in this document are fused in the middle with dirt and soot is fixed to the swollen collagen fibres.

Card image cap

19.02.06

Doiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann
Tá doiciméid faoi Bheartas Eachtrach na hÉireann (DIFP) ina bhfoinse riachtanach phoiblí chun staidéar a dhéanamh ar stair an fichiú...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Conflict Archive on the INternet (CAIN)
Is é atá in Conflict Archive on the INternet (CAIN) ná tionscadal de chuid an International Conflict Research Institute in...

Tionscadail chomhoibritheacha

Card image cap

19.02.06

Culture Company Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Is cúis lúcháire don Chartlann Náisiúnta a bheith páirteach le Culture Company Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tionscnamh de chuid...

Tionscadail chomhoibritheacha