Seirbhísí don rialtas

Taifid roinne a choimeád

Le halt 8(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, ceadaítear taifid atá i ngnáthúsáid i Roinn Stáit a choimeád.

Le halt 1(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 sainmhínítear ‘Roinn Stáit’ mar ní a fholaíonn ní hamháin oifigeach ceannais Roinne agus a cuid fo-oifigí ach, freisin, mar ní a fholaíonn na cúirteanna agus na gcomhlachtaí atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht. Dá bhrí sin, baineann an téarma sin le beagnach gach comhlacht ar státseirbhísigh iad a gcuid ball foirne, lena n-áirítear Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána.

 

Is é atá sa sainmhíniú ar thaifead roinne in alt 2(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 ná aon taifead in aon fhoirm a dhéantar  a fhaightear, agus a choimeádtar i gcúrsa a ghnó, i Roinn Stáit nó in aon chomhlacht ar coiste, coimisiún nó binse fiosrúcháin é atá ceaptha ag an Rialtas. Ní áiríonn sé na nithe seo a leanas:

  • Ionstraimí teidil a bhaineann le maoin atá dílsithe de thuras na huaire, ná
  • Aon chuid de bhailiúchán buan leabharlainne, músaeim nó gailearaí.

Ní mór Deimhniú Coimeádta Taifead atá sínithe ag an Oifigeach Deimhniúcháin sa roinn lena mbaineann a chur chuig an Oifigeach Toilithe i Roinn an Taoisigh lena cheadú. Ní mór don Oifigeach Deimhniúcháin gach Deimhniú Coimeádta Taifead a athbhreithniú gach 5 bliana. I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh le taifead ar mhaithe le húsáid ghnó, ní mór é a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.

Deimhniú Coimeádta Taifead a chomhlánú faoi alt 8(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986

  1. Sular féidir le Roinn Stáit taifid a choimeád faoi alt 8(2), ní mór Deimhniú Coimeádta Taifead a chomhlánú.
  2. Ní mór an Deimhniú Coimeádta Taifead a chomhlánú ar pháipéarachas oifigiúil na roinne lena mbaineann agus ní mór don Oifigeach Deimhniúcháin é a shíniú.
  3. Is ceart an Deimhniú a chur i gceangal le sceideal na dtaifead atá le coimeád sa roinn agus is ceart é a chomhdú go cuí.
  4. Coimeádtar na taifid sa Roinn Stáit tar éis an cead riachtanach a fháil.
  5. Ní mór cóip den Deimhniú Coimeádta Taifead, mar aon le sceideal na dtaifead coimeádta (i bhformáid pháipéir agus i bhformáid leictreonach), a chur chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta agus chuig an Oifigeach Toilithe i Roinn an Taoisigh.
  6. Ní mór don Oifigeach Deimhniúcháin gach Deimhniú Coimeádta Taifead a athbhreithniú gach 5 bliana. I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh le taifead ar na cúiseanna atá luaite thuas, ní mór é a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.

Tá deimhniú samplach i leith taifid a choimeád faoi alt 8(2) ar fáil ag Foscríbhinn 4 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.

 

Tá deimhniú samplach i leith taifid a choimeádtar faoi alt 8(6) agus faoi alt 10(5) ar fáil ag Foscríbhinn 7 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.