Seirbhísí don rialtas

Sceideal Coinneála Taifead

Tá forbairt déanta ag an gCartlann Náisiúnta ar sceideal coinneála maidir le cineálacha taifead cineálach a fhaightear i Ranna Stáit. Cuideoidh an sceideal coinneála seo le Ranna Stáit agus le comhlachtaí poiblí taifid ar fiú iad a chaomhnú go buan mar chartlanna a aithint. Ba cheart do Ranna Stáit agus do chomhlachtaí poiblí an treoir seo a chur in oiriúint dá gcúinsí féin, agus na cineálacha taifead a dhéantar, na feidhmeanna gnó agus dlí a dtacaíonn na taifid sin leo agus aon oibleagáidí reachtúla breise a d’fhéadfadh a bheith ar ranna na taifid sin a choinneáil a ghlacadh san áireamh. Is mar threoir amháin a eisítear an sceideal coinneála seo, agus ní scaoileann sé ranna ná comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 óna gcuid oibleagáidí faoi alt 7 den Acht údarú a fháil ó Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta sula ndéantar diúscairt ar thaifid.

Maidir le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, ba cheart an treoir seo a úsáid chun taifid a aithint a d’fhéadfaí a choinneáil lena n-aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta i ndeireadh báire.

Is féidir iarratais ar dhiúscairt a dhéanamh ag tráth ar bith le linn shaolré sraithe taifid. Ba cheart do Ranna Stáit a bheith ag bainistiú dhiúscairt na dtaifead mar chuid de bheartas foriomlán bainistithe taifead. Cinnteofar leis sin nach gcoinnítear taifid nach gá a choinneáil, agus go ndéantar rian iniúchta de chinntí a choimeád, cinntí maidir le diúscairt agus coinneáil taifead, lena n-áirítear taifid ina bhfuil sonraí pearsanta mar a shainmhínítear san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Cinnteofar chomh maith gur féidir taifid atá os cionn 30 bliain d’aois a aithint lena n-aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta. Tá nótaí treorach ar GDPR, ar dhiúscairt comhad a bhaineann le cásanna FOI agus ar dhiúscairt comhad a bhaineann le cásanna PQ curtha ar i dtoll a chéile ag an gCartlann Náisiúnta chomh maith, agus is féidir iad a íoslódáil anseo.

Is féidir tuilleadh eolais ar dhiúscairt taifead a fháil ar an gcuid den láithreán gréasáin a bhaineann le Seirbhísí don Rialtas. Ba cheart ceist ar bith a bhaineann le taifid roinne a choinneáil nó a dhiúscairt a chur chuig an gCeann ar Thaifid Reatha, Rannóg na Cartlannaíochta agus na Seirbhísí Rialtais, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath D08 DF85 nó iad a chur ar ríomhphost chuig [email protected].