Eolas fúinn

Tuarascálacha bliantúla Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta

Forálann Alt 21 den Acht um Chartlann Náisiúnta do thuarascálacha bliantúla Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta ar obair na Cartlainne Náisiúnta. Agus iad curtha faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tAire atá freagrach as an gCartlann Náisiúnta, cuirtear na tuarascálacha sin os comhair dhá Theach an Oireachtais agus foilsítear iad ina dhiaidh sin.

 

Ag tosú leis an tuarascáil don bhliain 1997, foilsíodh tuarascálacha Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta do na blianta 1997–1999 ag an am céanna le tuarascálacha Chomhairle Chomhairleach na Cartlainne Náisiúnta agus tá tuarascálacha an Stiúrthóra do 2000–2015 le fáil thíos mar chomhaid .pdf.