Ginealas

Taighde ginealais

Ní sholáthraíonn an Chartlann Náisiúnta seirbhís taighde. Féadfaidh daoine den phobal leas a bhaint as ár Seirbhís chomhairleach ghinealais ghairmiúil má thugainn siad cuairt ar an gCartlann i bpearsa.

Ligtear do thaighdeoirí gairmiúla atá fostaithe ag daoine den phobal rochtain a fháil ar ár mbailiúcháin de réir na dtéarmaí céanna a bhaineann le haon taighdeoir eile ag a bhfuil ticéad léitheora bailí. Ní sholáthraítear aon rochtain speisialta do thaighdeoirí gairmiúla.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhostú taighdeora ghairmiúil a fháil ó na comhlachtaí agus ó na heagraíochtaí ginealais atá liostaithe thíos. Is mar threoir amháin a sholáthraíonn an Chartlann Náisiúnta an fhaisnéis seo. Ní ghlacann an Chartlann Náisiúnta le haon fhreagracht i ndáil le caighdeán nó costas aon taighde a dhéanann taighdeoirí príobháideacha.

 

Council of Irish Genealogical Organisations

Accredited Genealogists Ireland