Seirbhísí dár gcuairteoirí
Faigh cóipeanna de chartlanna
Cóipeanna de chartlanna a ordú
- De réir reachtaíocht cóipchirt, cuireann Cartlann Náisiúnta na hÉireann cóipeanna de dhoiciméid ar fáil chun críocha taighde nó staidéar príobháideach.
- Is féidir cóipeanna a ordú go pearsanta sa Seomra Léitheoireachta nó tríd an bpost. Ní ghlacaimid le horduithe ar an teileafón ó trí ríomhphost.
- Baill foirne de chuid na Cartlainne Náisiúnta a dhéanann an chóipeáil go léir, ag baint úsáide as scanóirí lastuas.
- Is féidir cóip a dhéanamh den chuid is mó de dhoiciméid scaoilte agus de roinnt de na leabhair cheangailte. Ní féidir, i roinnt cásanna, nithe móra nó sobhriste a chóipeáil agus ba chóir malairt roghanna a phlé leis an gCartlannaí ar Dualgas. Ní féidir go leor de na léarscáileanna ná de na pleananna a chóipeáil.
- Ní dhéanann an Chartlann Náisiúnta taighde thar ceann an phobail ach is féidir taighde a choimisiúnú ó thaighdeoirí príobháideacha. Le tuilleadh mionsonraí a fháil faoi sin, féach an liosta Taighdeoirí ginealais. Tabhair ar aird le do thoil nach nglacann an Chartlann Náisiúnta freagracht as an obair a dhéantar ná as na táillí arna ngearradh ag duine ar bith de na taighdeoirí ar an liosta.
- Féach an Achoimre ar Tháillí i dtaobh na bpríomh-mhuirear agus Na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí) 2012 don liosta iomlán.
Cóipeanna a ordú sa Seomra Léitheoireachta – tá saoráidí cárta creidmheasa ar fáil do dhaoine atá ag íoc as cóipeanna i bpearsa sa Seomra Léitheoireachta
Cóipeanna ar an toirt
- Tá áis cóipeála ar an toirt ar fáil sa Seomra Micreascannán i gcás orduithe beaga (8 leathanach nó níos lú) de dhoiciméid páipéar-chomhréidh de mhéid A3 nó níos lú, le cárta cóipeála réamh-íoctha de chuid na Cartlainne Náisiúnta.
Priontaí féin-seirbhíse
- Féadfaidh léitheoirí priontaí a fháil iad féin de mhicreascannáin nó de mhicrifhís ach úsáid a bhaint as na léitheoirí-phrintéirí, le cárta cóipeála réamh-íoctha, sa Seomra Léitheoireachta.
Cóipeanna ordaithe
- Is féidir cóipeanna a ordaítear go pearsanta sa Seomra Léitheoireachta a bhailiú nó a fháil tríd an bpost. Nuair a sheoltar tríd an bpost iad, bíonn feidhm le muirir láimhseála agus postais.
Grianghrafadóireacht
- Faoi réir ceadúnais, tá cead ag léitheoirí grianghraif a thógáil (gan splanc) le linn na n-uaireanta 9.15-17.00.
- Faoi réir comhaontú roimh ré, is féidir grianghraif de nithe móra a thógáil idir 17.00-18.00.
- Is féidir grianghraif a thóg foireann na Cartlainne Náisiúnta a ordú.
Cóipeanna a ordú tríd an bpost
- Ní mór uimhir thagartha na Cartlainne Náisiúnta don doiciméad atá de dhíth nó aon mioneolas eile a bheith tugtha i ndáil le cóipeanna a ordaítear tríd an bpost.
- Trí cinn an t-uasmhéid doiciméad is féidir a ordú tríd an bpost agus bíonn feidhm leis an íosmhuirear i gcás gach doiciméad.
- Ba chóir orduithe tríd an bpost a sheoladh chuig An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8 agus ní mór íocaíocht a fháil roimh ré.
Táillí agus íocaíocht
- Gearrtar táillí de réir Na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí ) 2012 – féach freisin an Achoimre ar Tháillí, le do thoil, chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le costais etc.
- Ní mór gach íocaíocht a dhéanamh roimh ré le euronna.
- Ba chóir seiceanna, dréachtaí bainc nó orduithe airgid a dhéanamh amach do ‘An Chartlann Náisiúnta’.
- Ní ghlacfar le hairgead tirim a chuirtear le horduithe tríd an bpost ná le duillíní íocaíochta Táillí Cúirte.
Foirm ordaithe cóipeanna tiomnacha
- Is féidir iarratas ar chóipeanna de dhoiciméid thiomnacha a dhéanamh ar an bhfoirm ordaithe do chóipeanna tiomnacha.
- Is féidir féachaint ar líne, maidir leis na blianta 1858-1920 agus 1923-1982, ar na Féilirí Tiomnacha atá ar fáil sa Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta.
- Maidir leis na blianta a chlúdaíonn na Féilirí ar líne, ba chóir d’iarratasóirí an t-eolas go léir sna Féilirí ar líne a sheiceáil sula líonann siad isteach an fhoirm, agus a chinntiú go bhfuil an t-iarratas i gceart.
- Ba chóir an cineál deonú ionadaíochta a shonrú.
- Ní féidir leis an gCartlann Náisiúnta cuardach a dhéanamh a chlúdaíonn níos mó ná 3 bliana ó dháta éaga an tiomnóra.
- Gearrtar muirear ar gach doiciméad mar ní ar leithligh.
Cóipeanna deimhnithe nó fíordheimhnithe, sínithe agus séalaithe
- Is féidir cóipeanna deimhnithe nó fíordheidhmithe a fháil ach iad a iarraidh. Ordaítear cóipeanna deimhnithe sa Seomra Léitheoireachta trí na foirmeacha uaine a úsáid agus ní mór an fhoirm ordaithe do chóipeanna tiomnacha a chur le horduithe tríd an bpost.
Taifid ar bhreith, ar phósadh agus ar bhás
- Ní choimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid ar bhreith, ar phósadh ná ar bhás. An Phríomh-Oifig Clárúcháin, Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Éire, atá freagrach as na taifid sin. Ba chóir gach iarratas ar fhaisnéis a dhéanamh go díreach chuig an oifig sin.




