Ár n-ábhair chartlainne

Ár láithreán gréasáin ginealais

Tá Láithreán Gréasáin Ginealais forbartha ag an gCartlann Náisiúnta chun rochtain ar bhailiúcháin dhigitithe atá fóinteach le haghaidh taighde ar stair theaghlaigh agus áitiúil a éascú. Tá rochtain ar na taifid lena mbaineann saor in aisce. Tá innéacsú déanta ar na bailiúcháin seo go léir agus tá siad inchuardaithe de réir ainm agus suímh. Tá tuilleadh faisnéise faoi gach bailiúchán ar leith ar fáil faoi Foinsí le haghaidh stair theaghlaigh & áitiúil.

Cuireann an tairseach seo rochtain ar fáil ar na taifid seo a leanas:

  • Taifid Daonáirimh, 1901 agus 1911
  • Ábhar marthanach ó dhaonáirimh sa tréimhse 1821-1851
  • Foirmeacha Cuardaigh Daonáirimh 1841-1851
  • Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna 1823-1837
  • Uachtanna Saighdiúirí, 1914-1917
  • Innéacsanna na mBannaí Ceadúnais Pósta Deoise & Sainphribhléide, 1623–1866
  • Rollaí na gCaitliceach Cáilithe & na nIompaitheach, 1700–1845
  • Leabhair Thithe, Pháirceanna, Thionachta & Chuartó na hOifige Luachála, 1824–1856
  • Comhaontuithe Loingseoireachta & Criú-Liostaí, 1863–1921
  • Cláir Uachtanna, 1858–1900
  • Féilirí Uachtanna & Riaracháin, 1858-1922
  • Cóipeanna Sainphribhléide & Deoise de roinnt uachtanna & d’innéacsanna a ghabhann le cinn eile, 1596–1858