Ár n-ábhair chartlainne

Nuacht ó na hábhair chartlainne: litir shuimiúil, 1923

Aistriúchán

29-12-23

 

Chuig C[eann] F[oirne]

(I) Cad atá le déanamh mar gheall ar  Sir Michael O Dwyer (Puinseáb na hIndia tráth)?

(II) Bheinn féin i bhfabhar é a chrochadh.  Ní bheadh a scaoileadh sách géar air.

(III) Tá sé faoi láthair i dteach a dhearthár, Baile an Bharúnaigh, Gabhal Luimnigh, Tiobraid Árann

Darley

 

Sa litir seo (a bronnadh le gairid ar an gCartlann Náisiúnta) chuig Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann (an tIRA), scríobhann fear darbh ainm Darley (duine den IRA de réir cosúlachta) i mí na Nollag 1923 ag iarraidh cead Sir Michael O’Dwyer, Leifteanant-Ghobharnóir an Punjab roimhe sin, a mharú tráth a raibh sé ar cuairt ag a dheartháir i dTiobraid Árann.

I dtús na bliana 1919, ritheadh Acht Rowlatt faoinar leathnaíodh na bearta éigeandála, príosún gan triail san áireamh, a tugadh isteach san India i rith an chéad chogadh domhanda.   Bhí cur ina aghaidh sin go mór i bPuinseáb agus tar éis cuid mhór léirsithe agus círéibe, bhí roinnt de bhunadh na hEorpa marbh, creach agus slad déanta ar bhainc agus árais phoiblí agus misinéir mná gortaithe go dona.  An 13 Aibreán 1919, d’ordaigh an Ginearál Dyer, ceannasaí ionaid an airm in Amritsar, do na trúpaí a bhí faoina cheannas scaoileadh gan aire leis an slua mór a bhí i láthair ag léirsiú mídhleathach i Jallianwala Bagh, Amritsar.  Maraíodh na céadta agus gortaíodh breis agus míle duine.  D’áitigh Dyer go raibh éirí amach á chur faoi chois aige.  Tharraing Sir Michael aird agus míchlú air féin nuair a d’aontaigh sé lena raibh déanta ag an nGinearál Dyer. Nuair a rinneadh fiosrúchán ina dhiaidh sin faoinar thit amach, tugadh cáineadh d’aon ghuth ar Dyer.  Baineadh a cheannas de agus fuair sé bás i Sasana sa bhliain 1927.

Bhí ceangal dlúth ag O’Dwyer, ag Dyer agus ag Puinseáb féin le hÉirinn. Bhain Michael O’Dwyer le teaghlach mór i mBaile an Bharúnaigh, Co. Thiobraid Árann a bhí báúil le taobh an náisiúnachais. Chuaigh sé isteach i státseirbhís na hIndia sa bhliain 1885 agus, de bharr a chuid tréithe dúchais féin, rinne sé dul chun cinn go raibh ar na céimeanna is airde i gcóras riaracháin na Breataine san India.  Bhí sé go mór i bhfabhar ghluaiseacht na gcomhar creidmheasa san India a chuidigh leis an gcosmhuintir a thabhairt ó ghreim lucht iasachtaí agus úsaireachta.  Bhí sé i bhfabhar cead úinéireacht talún a bheith ag an gcosmhuintir chomh maith.  Ceapadh ina Leifteanant-Ghobharnóir i bPuinseáb é sa bhliain 1912.  Is iomaí taobh ar scéal Sir Michael a sheas gan náire ar son an Impiriúlachais ach a d’fhoilsigh stair mhuintir Uí Dhuibhir i ndeireadh a shaoil ina molann sé seasamh a mhuintire in aghaidh ionsaí na Breataine in Éirinn ar feadh na gcéadta bliain.

San India a rugadh Reginald Dyer sa bhliain 1864 ach cuireadh go Coláiste Mhainistir na Corann i gContae Chorcaí é nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois agus thosaigh sé staidéar ar chúrsaí leighis ar feadh tamaill i gColáiste Ríoga na Máinleá i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Bhí baint mhór ag dream eisimirceach as Puinseáb sna Stáit Aontaithe i mbunú an Ghadar Party, eagras réabhlóideach de chuid na hIndia, sa bhliain 1913.  I San Francisco a bhí an páirtí lonnaithe agus é de chuspóir acu éirí amach chun deireadh a chur le réimeas coilíneachta na Breataine san India.   Bhí an ghluaiseacht cosúil go maith leis na Fíníní a chuir imircigh de chuid na hÉireann ar bun sna Stáit Aontaithe i lár an naoú céad déag agus chuidigh poblachtaigh Éireannacha i Meiriceá leis an Ghadar Party nuair a d’fhéach siad le hairm a sheoladh don India i rith an chéad chogadh domhanda le fonn éirí amach a chur ar bun ann –  gné amháin den eachtra a dtugann lucht staire Comhcheilg na Hiondúch agus na nGearmánach uirthi.

Ní dhearna an tIRA beart de réir mar a bhí á mholadh ag Darley.  Bhí an eagraíocht bunoscionn an tráth ar scríobhadh an litir.  Bhí breis agus bliain caite i gcoimhlint fhíochmhar Cogadh na gCarad le harm an tSaorstáit go dtí gur fhógair Proinsias Mac Aogáin sos troda i mí Aibreán 1923 agus gur ordaigh sé na hairm a chur i dtaisce an mhí dár gcionn.  Cé gur tháinig Sir Michael O’Dwyer slán ón IRA an bhliain sin, feallmharú a chuir deireadh leis sa bhliain 1940 i Londain nuair a scaoil Udham Singh é, duine den Ghadar Party a ndeirtear go raibh sé i láthair i Jallianwala Bagh an lá cinniúnach sin sa bhliain 1919.

Card image cap

23.06.12

Fillteán i bhFócas: ‘Rollaí Meamram Meánaoiseacha’ ag an Dr Elizabeth Biggs
Bhí na rollaí meamram ar na bailiúcháin mheánaoiseacha is cuimsithí ar cuireadh leis an méid a bhí ar sheilfeanna na...

Doiciméid na Míosa Taispeántais ar líne

Card image cap

19.03.12

Oifig an Phríomh-Rúnaí, an Brainse Coireachta: Dublin Metropolitan Police (DMP) Movement of Extremists Mí Aibreáin 1916
Cuimsíonn an tsraith seo tuairiscí laethúla a d’ullmhaigh Roinn Bleachtairí Phóilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMP) maidir le gluaiseachtaí agus...

Taispeántais ar líne

Card image cap

19.03.12

Oifig an Phríomh-Rúnaí, an Brainse Coireachta: Dublin Metropolitan Police (DMP) Movement of Extremists Mí an Mhárta 1916
Cuimsíonn an tsraith seo tuairiscí laethúla a d’ullmhaigh Roinn Bleachtairí Phóilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMP) maidir le gluaiseachtaí agus...

Taispeántais ar líne