Ginealas

Daonáirimh na mblianta 1901 & 1911

Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh aon daonáireamh ann sa bhliain 1921 mar gheall ar an gcorraíl pholaitíochta a bhí ann mar thoradh ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha, ach athchromadh ar an obair dhaonáirimh sa bhliain 1926. De réir alt 35 den Acht Staidrimh 1993, tá na tuairisceáin daonáirimh go léir ón mbliain 1926 ar aghaidh dúnta don phobal go ceann 100 bliain. Scaoilfear daonáireamh 1926 do thaighdeoirí tar éis 100 bliain: féach anseo fána thaobh.

Daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911

Cuimsíonn láithreán gréasáin daonáirimh na Cartlainne Náisiúnta íomhánna digitithe agus innéacs inchuardaithe de thuairisceáin teaghlaigh agus de thaifid fhoghabhálacha a bhaineann le daonáirimh na hÉireann do na blianta 1901 agus 1911. Tá an acmhainn seo ar fáil saor in aisce agus is ionann í agus cuid thar a bheith tábhachtach d’oidhreacht náisiúnta na hÉireann.

Tá na tuairisceáin bhunaidh lámhscríbhinne go léir, nach mór, maidir le gach teaghlach sa dá chontae is tríocha d’Éirinn ar marthain le haghaidh na mblianta 1901 agus 1911. Tá na tuairisceáin curtha in eagar de réir contae, toghroinn cheantair agus baile fearainn nó, maidir le limistéir uirbeacha, de réir sráide. Maidir leis na tuairisceáin a bhaineann le gach baile fearainn nó sráid sna blianta 1901 agus 1911, cuimsíonn siad an méid seo a leanas:

  • foirmeacha dar teideal Foirm A, a chomhlánaigh ceann gach teaghlaigh ar leith agus inar tugadh ainmneacha gach duine sa teaghlach lena mbaineann ar oíche an daonáirimh, mar aon lena n-aois, lena slí bheatha, lena reiligiún agus lena gcontae breithe nó lena gcathair bhreithe (nó a dtír bhreithe má rugadh iad lasmuigh d’Éirinn); agus
  • foirmeacha (dar teideal Foirmeacha N, B1 agus B2) a chomhlánaigh an t-áiritheoir oifigiúil daonáirimh a thóg an daonáireamh agus ina dtugtar achoimre ar na tuairisceáin maidir leis an mbaile fearainn nó maidir leis an tsráid a bhí i gceist.

Tá tuairisceáin dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 inchuardaithe go hiomlán ar líne i dtaca le gach catagóir faisnéise a taifeadadh ar na foirmeacha bunaidh daonáirimh. Chomh maith le cuardach sloinnte, is féidir cuardach a dhéanamh sna tuairisceáin de réir reiligiúin, slí bheatha, caidrimh leis an gceann teaghlaigh, stádas litearthachta, contae tionscnaimh nó tír thionscnaimh, inniúlacht Ghaeilge, tinnis shonraithe agus, i gcás dhaonáireamh 1911, básmhaireacht leanaí. Is féidir an méid sin a dhéanamh trí chliceáil ar an táb dar teideal ‘Tuilleadh roghanna cuardaigh’.

Níl aon léarscáileanna ann a chomhfhreagraíonn do thuairisceáin dhaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911.

Tá blúiríní agus míreanna ionaid d’ábhar daonáirimh atá ar marthain fós agus a bhaineann leis an tréimhse roimh 1901 ar fáil ar an láithreán gréasáin daonáirimh freisin.

Cuimsíonn foirmeacha cuardaigh daonáirimh faisnéis a thug daoine chun a chumasú do bhaill foirne Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn cuardach a dhéanamh i dtuairisceáin bhunaidh dhaonáireamh na mblianta 1841 agus 1851 sular díothaíodh iad sa bhliain 1922. Rinneadh na cuardaigh sin chun aois daoine a chruthú mar chuid dá n-iarratas ar phinsean seanaoise a tugadh isteach ar dtús sa bhliain 1908 do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois. I gcás cuid mhór de na daoine a d’éiligh pinsin sna blianta tosaigh tar éis thabhairt isteach an phinsin sin, rugadh iad sular forbraíodh córas cláraithe shibhialta breitheanna, básanna agus póstaí sa bhliain 1864. Tá na foirmeacha cuardaigh daonáirimh ar fáil ar ár Láithreán gréasáin ginealais.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi Foinsí le haghaidh stair theaghlaigh & áitiúil.