Tabhair cuairt orainn

Ceisteanna a chuirtear go minic

Is é atá sa Chartlann Náisiúnta ná an t-ionad oifigiúil ina dtaisctear taifid rialtais agus inar féidir le daoine den phobal breathnú ar ábhair chartlainne bhunaidh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Eolas fúinn.

Bíonn Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine ó 9.15 go dtí 17.00. Bíonn an Chartlann Náisiúnta dúnta don phobal ag deireadh na seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Fógrófar aon uaireanta dúnta eile ar ár láithreán gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil féach Uaireanta dúnta le linn 2023.

Tá an Chartlann Náisiúnta suite ar Shráid an Easpaig i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé suite gar d’Ardeaglais Naomh Pádraig agus do Shráid Grafton. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach léaráid shuíomh na Cartlainne Náisiúnta.

I measc ár gcuid sealúchas áirítear comhaid de chuid ranna stáit, na gcúirteanna (lena n-áirítear uachtanna) agus comhlachtaí poiblí amhail an Phríomh-Oifig Staidrimh, an tSuirbhéireacht Ordanáis agus an Oifig Luachála, gan trácht ar oifigí eile atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tá cuid mhór bailiúchán príobháideach againn freisin, lena n-áirítear páipéir theaghlaigh agus eastát, bailiúcháin aturnaetha, bailiúcháin ospidéal agus taifid ghnó.

Níl. Níl digitiú déanta ar fhormhór mór na n-ábhar cartlainne agus ní mór iad a cheadú i bpearsa i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

Chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as do chuairt, moltar duit an chatalóg agus na treoirleabhair ar líne atá ann maidir leis na taifid a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta chun tuairim a fháil faoin ábhar atá á lorg agat agus chun a chinntiú go bhfuil sé ar fáil inár gcuid sealúchas. Ina theannta sin, is fóinteach dul chuig Tús a chur le taighde cartlainne chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Ní mór do gach taighdeoir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora tráth a gcéad chuairte. Tá gá le doiciméad aitheantais fótagrafach, amhail pas nó ceadúnas tiománaí, mar aon le cruthúnas ar do sheoladh buan, amhail bille fóntais a fuarthas le déanaí. Mairfidh ticéad léitheora 3 bliana agus ní mór é a thabhairt ar aird ar gach cuairt.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi An seomra léitheoireachta a úsáid.