Ár n-ábhair chartlainne

Oifig an Phríomh-Rúnaí, an Brainse Coireachta: Dublin Metropolitan Police (DMP) Movement of Extremists Mí Mhéan Fómhair 1915

Cuimsíonn an tsraith seo tuairiscí laethúla a d’ullmhaigh Roinn Bleachtairí Phóilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMP) maidir le gluaiseachtaí agus lucht caidrimh daoine a raibh drochamhras ann ina leith i dtaca le tacú le neamhspleáchas ó 29 May 1915 – 20 April 1916.

Ba é an Ceannfort Owen Brien a thiomsaigh na tuairiscí agus cuireadh faoi bhráid an Fho-Rúnaí in Éirinn, Sir Matthew Nathan, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, iad. Tugann na tuairiscí cur síos ar ghníomhaíochtaí na bPoblachtánach i mBaile Átha Cliath i rith an 11 mhí roimh Éirí Amach na Cásca. Scríobhadh an tuairisc dheiridh sa tsraith ar an 20 Aibreán 1916, is é sin, 4 lá roimh thús an Éirí Amach.

Tá mionsonraí le fáil sna tuairiscí maidir le faisnéis a bailíodh i roinnt suíomhanna tábhachtacha i lár na cathrach, lena n-áirítear siopa Thomas J Clarke ag 75 Sráid Parnell, Oifig Óglaigh na hÉireann ag 2 Sráid Dhásain, Halla Fhoraoiseoirí Náisiúnta na hÉireann ag 41 Cearnóg Parnell, agus ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ag 25 Cearnóg Parnell. Sna tuairiscí seo, taifeadtar an idirghníomhaíocht idir daoine faoi dhrochamhras ag na suíomhanna sin agus freastal na ndaoine sin ag cruinnithe, chomh maith le páirt a ghlacadh acu i ndruileáil agus i máirseáil Óglaigh na hÉireann. Ina theannta sin, taifeadadh gluaiseachtaí na ndaoine faoi dhrochamhras isteach i mBaile Átha Cliath, agus amach as, ag na cúig phríomhstáisiún traenach de chuid Bhaile Átha Cliath: Kingsbridge [Stáisiún Heuston], Sráid Amiens [Stáisiún Uí Chonghaile], Rae an Iarthair [Stáisiún na bPiarsach], Stáisiún na Cloiche Leithne agus Shráid Fhearchair, agus Stáisiún Chalafort Bhaile Átha Cliath.

Tá taifead ar mhórócáidí a bhí ann sna blianta 1915 agus 1916 le fáil sna tuairiscí, lena n-áirítear sochraid cheannaire na bhFíníní, Diarmuid Ó Donnabháin Rosa (an 1 Lúnasa 1915) agus Comhdháil Bhliantúil Óglaigh na hÉireann (an 31 Deireadh Fómhair 1915). Ina theannta sin, tá taifead ann maidir le daoine faoi dhrochamhras a bheith ag taisteal chuig imeachtaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath amhail ‘an oilithreacht bhliantúil’ go Baile Bhaldain, Contae Chill Dara, le haghaidh an chomórtha ag uaigh Theobald Wolfe Tone (an 19 Meitheamh 1915). I measc na ngníomhaíochtaí eile atá taifeadta sna tuairiscí áirítear slógaí frith-earcaíochta agus frith-choinscríofa, cruinnithe de chuid Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná, agus agóidí in aghaidh phríosúnú réabhlóidithe faoin Defence of the Realm Act.

Déantar tagairt do níos mó ná 230 duine aonair ar leithligh sna tuairiscí, go háirithe daoine de chuid Óglaigh na hÉireann, Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus Shinn Féin. Is é Thomas J Clarke an phríomhphearsa ab ábhar spéise agus luaitear é i mbeagnach gach uile thuairisc agus, i measc na bpearsana aonair eile is minice a luaitear, áirítear Pierce Beasley, Thomas Byrne, Con Colbert, Bulmer Hobson, Seán T Ó Ceallaigh, Seán Mac Diarmada, John McGarry, Joseph McGuinness, Herbert Mellows, Michael O’Hanrahan, William O’Leary Curtis, Michael Joseph O’Rahilly agus James Joseph Walsh.

Tá cóipeanna de nuachtáin náisiúnta ann sna tuairiscí freisin agus aird tarraingthe iontu ar ábhar ‘frith-Bhriotanach’ agus tá paimfléid agus ábhar toghcháin ann freisin. I meas na bhfoilseachán áirítear The Workers’ RepublicNá Bac LeisNationalityThe HibernianThe Irish VolunteerThe SparkHonesty agus New Ireland.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na daoine a luaitear go minic sna tuairiscí, féach Cérbh iad na hAntoiscigh? le do thoil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair an Phríomh-Rúnaí, féach Oifig an Phríomh-Rúnaí in Éirinn le do thoil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tslí inar caomhnaíodh na doiciméid, féach An tslí ina gcaomhnaímid tuairiscí faoi Ghluaiseacht Antoisceach le do thoil.

Card image cap

Report of 1 September 1915

Card image cap

Report of 2 September 1915

Card image cap

Report of 3 September 1915

Card image cap

Report of 4 September 1915

Card image cap

Report of 6 September 1915

Card image cap

Report of 7 September 1915: Gerald Griffin

Card image cap

Report of 7 September 1915

Card image cap

Report of 8 September 1915

Card image cap

Report of 9 September 1915

Card image cap

Report of 10 September 1915

Card image cap

Report of 10 September 1915 (11 September 1915)

Card image cap

Report of 13 September 1915

Card image cap

Report of 15 September 1915

Card image cap

Report of 16 September 1915

Card image cap

Report of 17 September 1915

Card image cap

Report of 18 September 1915

Card image cap

Report of 20 September 1915

Card image cap

Report of 21 September 1915

Card image cap

Report of 22 September 1915 – Special report on the assembly of the Citizen Army

Card image cap

Report of 22 September 1915

Card image cap

Report of 23 September 1915

Card image cap

Report of 24 September 1915

Card image cap

Report of 25 September 1915

Card image cap

Report of 27 September 1915

Card image cap

Report of 29 September 1915

Card image cap

Report of 30 September 1915

Card image cap

23.06.12

Fillteán i bhFócas: ‘Rollaí Meamram Meánaoiseacha’ ag an Dr Elizabeth Biggs
Bhí na rollaí meamram ar na bailiúcháin mheánaoiseacha is cuimsithí ar cuireadh leis an méid a bhí ar sheilfeanna na...

Doiciméid na Míosa Taispeántais ar líne

Card image cap

19.04.25

Nuacht ó na hábhair chartlainne: litir shuimiúil, 1923
Aistriúchán 29-12-23   Chuig C[eann] F[oirne] (I) Cad atá le déanamh mar gheall ar  Sir Michael O Dwyer (Puinseáb na...

Taispeántais ar líne

Card image cap

19.03.12

Oifig an Phríomh-Rúnaí, an Brainse Coireachta: Dublin Metropolitan Police (DMP) Movement of Extremists Mí Aibreáin 1916
Cuimsíonn an tsraith seo tuairiscí laethúla a d’ullmhaigh Roinn Bleachtairí Phóilíní Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMP) maidir le gluaiseachtaí agus...

Taispeántais ar líne