Seirbhísí don rialtas

Dualgais Oifigigh Toilithe

Céard é Oifigeach Toilithe?

  • Is é atá in Oifigeach Toilithe ná duine a cheaptar faoi Rialachán 3(3) de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.
  • Ní mór Oifigeach Toilithe amháin ar a laghad a cheapadh.
  • Ní mór Oifigeach Toilithe a bheith ina oifigeach/hoifigeach de chuid Roinn an Taoisigh agus ní mór grád Príomhoifigigh ar a laghad a bheith aige/aici.

Céard iad a gcuid freagrachtaí?

  • Tá freagracht ar an Oifigeach Toilithe i ndáil le hiarratais ó Oifigigh Dheimhniúcháin i Ranna Stáit agus i gcomhlachtaí poiblí maidir le coinneáil siar taifead de réir alt 8(2) agus 8(4) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, agus de réir Rialacháin 6 agus 7 de na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988, a cheadú nó i ndáil le diúltú d’iarratais den sórt sin.
  • Tá freagracht ar an Oifigeach Toilithe i ndáil lena chinntiú, maidir le hiarrataí ar dheimhnithe a dhéantar faoi Alt 8(4) maidir le taifid a choinneáil siar ar na forais atá sonraithe san Acht, go mbíonn sceideal na dtaifead, nó na sraithe taifead, ag gabháil leis na hiarrataí sin, de réir mar a cheanglaítear le Rialachán 7(1) agus 7(2).
  • Más rud é nach deimhin leis an Oifigeach Toilithe gur ceart taifead nó sraith taifead a choimeád agus/nó a choinneáil siar, ní mór an taifead a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta agus é a chur ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal.

Conas a cheaptar Oifigeach Toilithe?

  • Is é/í Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh a cheapann Oifigeach Toilithe.
  • Ní mór litir ar pháipéarachas oifigiúil a bheith sínithe ag an Ard-Rúnaí agus ní mór í a sheoladh chuig Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta agus mionsonraí faoin duine, faoina ghrád/grád agus a mhionsonraí/mionsonraí teagmhála a áireamh inti.
  • Tá litir theimpléadach i leith Oifigeach Toilithe a cheapadh ar fáil anseo.

Is ceart ceadú nó diúltú maidir le hiarratais ar choimeád agus ar dhiúscairt a dhéanamh ar na foirmeacha atá ar fáil sna foscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin fán Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, 1988.

Is ceart aon athruithe a bhaineann le hOifigeach Deimhniúcháin (le hOifigigh Dheimhniúcháin), ó thaobh cúrsaí pearsanra nó mionsonraí teagmhála de, a chur in iúl do Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.