Eolas fúinn

Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí

Cuimsíonn Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí roinnt rannóg, lena n-áirítear Seirbhísí Poiblí, Seirbhísí Caomhantais agus Taisclann na nÁbhar Cartlainne agus Bainistíocht Dhigiteach.

Seirbhísí Poiblí

Tá freagracht ar rannóg na Seirbhísí Poiblí i ndáil le seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do thaighdeoirí agus d’úsáideoirí ábhar cartlainne. Áiríonn an obair sin maoirseacht a dhéanamh sa Seomra Léitheoireachta, riaradh an láithreáin gréasáin agus na gcuntas meán sóisialta, agus freagra a thabhairt ar fhiosruithe ó dhaoine den phobal maidir lenár gcuid sealúchas.

Ina theannta sin, tá freagracht ar an rannán i ndáil le riaradh a dhéanamh ar iarrataí ar chóipeanna d’ábhair chartlainne, formhaoirseacht a dhéanamh ar chóras na Réamhorduithe, cuairteanna ó ghrúpaí agus léachtaí a éascú, cúnamh a thabhairt do na meáin maidir le hiarrataí ar scannánú nó grianghraif de thaifid, déileáil le hiarrataí ar imréiteach cóipchirt, formhaoirseacht a dhéanamh ar riaradh Na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí) 2012,  agus riaradh a dhéanamh ar an tseirbhís ghairmiúil chomhairleach ghinealais.

Tá ról lárnach ag an rannóg i dtaca le gníomhaíochtaí cianrochtana trí léachtaí faoi obair na Cartlainne Náisiúnta a thabhairt do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar sin agus trí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Cartlainne Náisiúnta ag imeachtaí éagsúla a bhaineann le cúrsaí cartlainne agus ginealais.

Ceann an Rannáin: Zoë Reid, Coimeádaí.

Brian Donnelly, Cartlannaí Sinsearach.

Teagmháil: [email protected]

Taisclann Ábhar Cartlainne

Tá freagracht ar réimse na Taisclainne Ábhar Cartlainne i ndáil le bainistiú a dhéanamh ar stóráil na n-ábhar cartlainne go léir atá ann sa Chartlann Náisiúnta. Baineann an obair le bainistiú a dhéanamh ar ábhair chartlainne a chur ar fáil sa Seomra Léitheoireachta, agus iad a thabhairt chun bealaigh uaidh, á chinntiú go ndéantar na hábhair chartlainne a stóráil go daingean faoi na dálaí is fearr agus is féidir agus á chinntiú go gcoimeádtar sonraí cruinne chun na hábhair chartlainne atá faoinár gcúram a rianú agus a aimsiú.

Ceann an Rannáin: Zoë Reid, Coimeádaí

Alan McCann, HEO

Mionsonraí teagmhála: [email protected]

Athghrafaic

Tá freagracht ar an rannóg i ndáil le cóipeanna de dhoiciméid a sholáthar do bhaill den phobal, lena n-áirítear cóipeanna deimhnithe, ceadúnú, cóipcheart agus cead maidir le foilsiú. Mar chuid den obair, téann an rannóg i mbun tionscadail digitiúcháin agus tá ról an-tábhachtach aici maidir le leathnú leantach na mbailiúchán digitithe atá ar fáil ar líne.

Ceann an Rannáin: Zoë Reid, Coimeádaí

Linda Tobin, HEO

Mionsonraí teagmhála: [email protected]

Seirbhísí Caomhantais

Tá ról lárnach ag Seirbhísí Caomhantais i dtaca le buanchaomhnú na n-ábhar cartlainne atá faoinár gcúram a áirithiú. Oibríonn an rannóg go dlúth le comhghleacaithe chun bailiúcháin atá damáistithe a shainaithint, agus an damáiste sin a mheas, agus chun an obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh, nuair is gá sin. Ní mór don tseirbhís chaomhantais na bailiúcháin go léir a roghnaítear le haghaidh caomhantais a mheas chun a chinntiú gur féidir an íomhá is fearr cáilíochta a ghabháil. Ní mór an t-ábhar nua-aistrithe ar fad a mheas freisin chun a chinntiú nach ligtear aon ábhair chartlainne éillithe isteach sna saoráidí stórála.

Tá ról fíorthábhachtach ag caomhnóirí maidir le hoiliúint leanúnach a sholáthar do chomhghleacaithe agus do ranna rialtais maidir le láimhseáil agus úsáid cheart ábhar cartlainne d’fhonn a laghad damáiste agus is féidir a dhéanamh. Áiríonn sé sin teagasc maidir le húsáid a bhaint as ábhar stórála ardchaighdeáin cartlainne agus maidir leis na modhanna cearta i dtaca le hábhair chartlainne a chur i mboscaí.

Ceann an Rannáin: Zoë Reid, Coimeádaí

Jessica Baldwin, Caomhnóir Sinsearach

Gretchen Allen, Caomhnóir Sinsearach

Mionsonraí teagmhála: [email protected]