Latest News

Taispeántas: Sochaí & Stát – Éire Trína Taifid


24.04.04

(NLI POOLEWP 3922)

Bunaíodh Saorstát Éireann i mí na Nollag 1922 tar éis deich mbliana de chorraíl agus de réabhlóid. Tugadh léargas ar an stát nua ar an 18 Aibreán 1926, nuair a reáchtáladh an chéad daonáireamh I ndiaidh neamhspleáchas a bheith bainte amach. Thug sé cuntas ar Éirinn agus ar phobal na hÉireann do rialtas na linne.

Tá sé i gceist Daonáireamh na bliana 1926 a eisiúint go poiblí in 2026 agus baintear úsáid sa taispeántas seo as an gcéad daonáireamh sin mar thúsphointe chun gnéithe den saol in Éirinn neamhspleách a iniúchadh mar a léirítear iad i rogha de thaifid atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta. Tugann na taifid seo eolas dúinn faoin gcaoi a raibh an Stát agus sochaí na hÉireann ag plé le chéile idir na 1920idí agus deireadh an fichiú haois.

MAIDIR LEIS AN TAISPEÁNTAS

Cuimsíonn Society & State: Ireland Through Its Records rogha ón gCartlann Náisiúnta ina bhfuil breis is céad taifead, tá go leor acu sin ar taispeáint den chéad uair; crochta ar an mballa, mar théacs taispeántais maisithe; agus píosa scannánaíochta ón gcartlann a bhaineann le réimse téamaí, lena n-áirítear:

  • Féiniúlachtaí
  • An stát agus a chuid saoránach
  • Fóillíocht agus cultúr na ndaoine
  • Reiligiún poiblí agus moráltacht phoiblí
  • Bonneagar
  • An stát a dhaingniú
  • Obair Éireannach agus oibrithe Éireannacha
  • Imirce
  • Éire agus an domhan mór
  • Na healaíona
  • Athrú sóisialta

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN TAISPEÁNTAS

Dátaí an taispeántais: 17 Aibreán – 8 Meán Fómhair 2024

Uaireanta oscailte: 10am – 5pm go laethúil

Dánlann an Coach House, Gairdíní Chaisleán Bhaile Átha Cliath, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 X822

Cead isteach saor in aisce